Author |
Message |
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 1 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 03:56 pm: | |
Dia dhaoibh go léir. Is ball nua mé den bhfóram, mar sin bígí foighneach liom; tá súil agam nach ndéanfadh mé aon rud mí-cheart. Ar mhaith libh cluiche a imirt? Más mian libh seo tomhas-rím dóibh. Filleann sé ón sliabh De ló is d'oíche, Ach ón machaire mín Ní fhilleann sé choíche. Céard atá i gceist anseo? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5052 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 03:59 pm: | |
Báisteach? Má mhúineann tú cleasa na laochra dúinn, agus an SacsBhéarla a sheachaint, ní rachfaidh tú ar strae.. (Message edited by aonghus on February 15, 2007) |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 2 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 04:31 pm: | |
A hAongus. Go raibh míle maith agat as do chomhairle. Is fear feasa tú, de réir dealraimh. Tá sé ar mo chumas Béarla a sheachaint, buíochas le Dia. Tá sé iontach deas a fheiceáil go bhfuil do bhéaloideas ar eolas agat. Ach ceapaim nach mbeadh sé ar do mhaitheas cleasa na laochra a mhúineadh duit; féach céard a tharla do Chúchulainn bocht. Tá brón orm, níl an ceart agat an t-am seo. Ní báisteach atá i gceist. Bain triall eile as. An bhféadfadh tú cabhair a thabhairt dom? Conas a bheadh mé in ann na "pictiúirí atá ag gáire" a aimsiú? pictiúirí atá ag gáire - N'fheadair go bhfuil focal ann i nGaeilge, agus táim ag crith la heagla an focal a scríobh i mBéarla, ná bíodh dada dá sheachmall ort! (Mise san trithí ag gáire). Mise le meas, An gaiscíoch teallaigh (Message edited by scathach on February 15, 2007) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 527 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 04:39 pm: | |
Fáilte romhat, a Scathaigh. Scáth? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5053 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 04:40 pm: | |
Tá cuir síos ar na ríomhchleasa ar fad anseo: http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/discus.pl?pg=help straoiseog atá ag focal. http://www.focal.ie/Search.aspx?term=straoiseog&lang=2 grma, d'fhoghlaim mé dhá fhocal de bharr do cheist - fáisc-ealaín eile atá sa seo. |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 3 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 04:51 pm: | |
A Shéamais, Go raibh míle maith agat den fháilte. Sin freagra maith, a chara, ach tá brón orm, níl an ceart agat. Tuigim céard a bhí ar intinn agat ach níl baint dá laghad ag an bhfreagra le m'ainm úsáideora. Bain triall eile as, m'ás mian leat. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5054 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 04:52 pm: | |
Bhí bail níos fearr ar Chúchulainn ná ar Aonfhir Aoife, pé scéal é! Chuala mé an tomhas seo cheana, ach tá an freagra sleamhnaithe uaim. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 222 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 05:00 pm: | |
Macalla an ea é? Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 4 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 05:08 pm: | |
A hAongus GRMA D'fhoghlaim mise focal nua freisin - fáisc-ealaín. Tá brí deas ag baint leis. Cuireann sé in iúil dom líne ón dán a chum Máire Mac an tSaoi - "An Chéad Bhróg" (Fáisceadh, fúite, seoidín den leathar), más buan mo chuimhne! Tá na nascanna an chabhrach ar fad. GRMA Óchón, óchón, Connall, scéal brónach, dar ndóigh. |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 5 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 05:12 pm: | |
A hAbigail Sin é go díreach! Tá an ceart agat. Macalla An bhfuil sibh ag iarraidh ceann eile? Ceann níos deacra, b'fhéidir? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5056 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 05:24 pm: | |
De réir na riailacha, is faoi Abigail atá sé anois ceann a scaoileadh chughainn! |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 6 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 05:39 pm: | |
Tá an t-am istigh domsa ar an suíomh seo anocht. Caithfidh mé a dhul a chodladh, obair amárach! Le cúnamh Dé, beidh mé ar ais amárach, má glacann sibh liom. Tá fhios agam nach bhfuil mo chuid Ghaeilge go cruinn beacht ach ar mo shon tá tuirse orm anocht agus tá mo chanúint níos treise ná an caighdeán. Oíche mhaith agus codladh sámh do chuile dhuine. Seo ceann eile daoibhse má tá fonn oraibh triall a bhaint as. Bó dhearg in aice an chlaí- D'íosfadh sí a bhfaigheadh sí Ach braon amháin ní thálfadh sí! |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 7 Registered: 02-2007
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 05:48 pm: | |
A hAonghus, Tá brón orm. Ní fhaca me do theachtaireacht ar chor ar bith. Níl ionam ach óinseach!! Ná bac liomsa a hAbigail, chum do rhím fhéin agus cuir suas é. Na rialacha!! |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 257 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, February 15, 2007 - 06:31 pm: | |
Céad fáilte romhat, a Scáthach. Na bac le na rialacha a dhéanann na fir. Nach gaiscíoch thú? Is minic a bhristear na rialacha anseo, ar aon nós. Dúirt Scáthach: quote:Bó dhearg in aice an chlaí- D'íosfadh sí a bhfaigheadh sí Ach braon amháin ní thálfadh sí! An inneall bainte dearg í? Nó lomaire faiche? Tá mo cheannsa dearg. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5058 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 16, 2007 - 07:15 am: | |
Tine. Ní raibh mé dáríre faoi na riailacha - ag iarraidh Abigail a spreagadh seachas tusa a chosc a bhi mé, A Scathaigh. Maidir le canúint seachas cáighdéan - is cuma sa tsioc liomsa agus mórán chuile duine eile anseo. B'fhearr go mór linn canúint bheo blasta, ná gaeilge na leabhair leath chuibheasach. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 528 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 16, 2007 - 09:31 am: | |
Bo Derek? |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 8 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, February 16, 2007 - 10:50 am: | |
Táim ar ais arís. A hAonghus -tá an ceart agat- tine a bhí i gceist. GRMA Liz den fháilte. Tabharfaidh mé seal do dhuine eile anois. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5062 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 16, 2007 - 11:02 am: | |
Fáilte ar ais, a bhanlaoich oidiúil! Ainm duine atá i gceist: Tá m'ainm fúm, agus mo shloinne ós mo chinn. Cé mé? Aguisín: "A Aonghuis" is mó a fheicim mar an ghairmeach dom ainmse. (Message edited by aonghus on February 16, 2007) |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 9 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, February 16, 2007 - 11:41 am: | |
A Aonghuis, Gabh mo leithscéal faoi d'ainm, tá aithreachas orm faoi sin. Níl ionam ach óinsín den chéad scoth. Is beag duine nach mbaineann earráid dó - ach earráid bhunúsach mar sin, táim ag lasadh le náire. Agus táim dall ar do thomhas freisin! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 532 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, February 16, 2007 - 01:18 pm: | |
Sílim gur ceart sin, a chara. Is é Aonghusa an ginideach de, gan dabht. Ní mór dúinn an díochlaonadh a aithint. An é an tríú nó an ceathrú? Dar leis an méid seo leanas, is é an tríú. " there are some in other declensions: 3rd declension: Diarmaid - Dhiarmada - a Dhiarmaid; Mathúin - Mhathúna - a Mhathúin, 4th declension: Donncha - Dhonncha - a Dhonncha" http://nualeargais.ie/gnag/gram.htm |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 12 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, February 16, 2007 - 05:07 pm: | |
Tá súil agam nár chuir mé Aonghus faoi gheasa. Ach má chuir mé, scaoilim thú ó dhualgais,a Aonghuis. Ní le holc ar bith a dúras atá scríofa thuas luaite - níl ann ach greann. Tá cleasa ar mo chumas, ach i ndáirire is cleasaí atá ionam. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5065 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, February 16, 2007 - 05:39 pm: | |
Níor dhein. Táim réchúiseach de ghnáth, ach ní bhím i gconaí ar líne! Ní bhíonn saoi gan locht, mar a dúirt an té adúirt. Táim sách cinnte go bhfuil an chéad chuid de freagra na tomhaise fút anois díreach. (Message edited by aonghus on February 16, 2007) |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 15 Registered: 02-2007
| Posted on Saturday, February 17, 2007 - 03:36 pm: | |
A Aonghuis, Níl freagra agam le tabhairt ort. I ndárire ní féidir liom ciall a bhaint as do thomhas (is mór an náire dom é) agus tá sé do mo chéasadh an lá ar fad. Tá sé ró- dheacair domsa. B'fhéidir go mbeidh tuairimí ag daoine eile? An bhfuil baint ann le 'cleasa' nó cleasaí'? An bhfuil na gardaí ar a thóir nó ar a tóir? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5068 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, February 17, 2007 - 03:39 pm: | |
níthe atá san ainm agus san sloinne X mac Y bíonn X faoi duine - tá sé fút anois bíonn Y ar cheann duine. ainm fir atá i gceist. Bhíodh Y ar fir fadó, ach is annamh a chaitear anois iad. |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 16 Registered: 02-2007
| Posted on Saturday, February 17, 2007 - 04:17 pm: | |
Táim gafa fós. Ainm fir atá i gceist - mmm.. an bhfuil a shloinne 'mac bairéad' nó an bhfuil an dul amú orm fós? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5071 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, February 17, 2007 - 04:29 pm: | |
Tá tú gar do le Mac bairéad, ach saghas eile ceannbhirt atá i gceist. Bhí cearrbhach cáiliúl den sloinne ann. |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 17 Registered: 02-2007
| Posted on Saturday, February 17, 2007 - 05:06 pm: | |
Cearrbhach Mac Cába an ea? An leaid ón scéal béaloidis; é fhéin, Dia agus an Bás. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2646 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 17, 2007 - 09:12 pm: | |
Agus bunoscionn leis sin: "Tá mo shloinne fúm, agus m'ainm os mo chionn." Cafarr Ó Brógáin Réaltán Nic Coise ?? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5074 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 18, 2007 - 03:31 pm: | |
Cathaoir Mac Cába a bhí á lorg agam.. |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 30 Registered: 02-2007
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 06:23 pm: | |
A Aonghuis, GRMA as do fhreagra. B'é sin ceann an mhaith ach deacair, de réir mo bharúlasa, ar aon nós. Fear feasa atá ionat chun tomhas chomh gasta mar sin a chumadh. Bhí do leideanna thar fheabhas, dar ndóigh. Anois ceann eile daoibh Feicim chugam é tríd an lios, Fear gan léine, fear gan chrios, Fear na coise caoile crua Is ar a bhfuil beo faigheann sé bua. Céard atá i gceist anseo? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 270 Registered: 07-2005
| Posted on Monday, February 19, 2007 - 09:40 pm: | |
An ráca é? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 5084 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 04:14 am: | |
An Bás.
Fear mór léitheoireactha mé, a Scathaigh. Ní mise a chum. |
|
Scathach
Member Username: Scathach
Post Number: 31 Registered: 02-2007
| Posted on Tuesday, February 20, 2007 - 12:00 pm: | |
A Aonghuis, Togha fir. An Bás a bhí i gceist. |
|