Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 157 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 10:03 am: | |
Le cúpla seachtain anuas, bíonn lucht Lá (nó "Lá Nua" mar ais ainm dó anois) ag scaipeadh cóipeanna saor in aisce san ollscoil a bhfuil mé ag obair inti (DCU). Tugann sé seo deis dom an nuachtán a léamh níos minice ná mar a dhéanfainn. Mar sin, tá tugtha faoi deara agam go bhfuil feabhas áirithe tar éis teacht ar an chaighdeán Gaeilge sa nuachtán. Feictear dom nach bhfuil an oiread sin botún cló agus gramadaí ann agus a bhíodh. Ar thug éinne agaibhse é sin faoi deara chomh maith? Nó an ag aislingíocht atá mé? Is mise, Michal Boleslav Mechura |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2616 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, February 14, 2007 - 05:37 pm: | |
SSsshh! Ná bíodh smid as do bhéal faoi seo, Michal, nó brisfear an briocht draíochta agus beidh na punanna ina bpunanna agus na puimcíní ina bpuimcíní arís!!! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|