Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 502 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 09:05 am: | |
Roghnaigh mo mhac an dornálaíocht mar spórt. Níor mhol mé dó riamh. Ach braithim ar a chuid ceachtanna, agus is maith liom é. Faigheann sé ceachtanna duine-ar-dhuine ó iar-bhuaiteoir na Lámhainní Órga. Ní maith liom aon dochar déanta do dhuine, ach ní dóigh liom go bhfuil aon fíor-dhochar déanta go minic go dtí an uair a bhíonn duine ina phroifisiúnta nó i gcomórtais mhóra. Ar aon nós, níl sé ullamh don chró fós. Is aclaíocht iontach an traenáil. Agus an-fhearúil, cé go gcleachtaíonn na mná é freisin anois. Tá sé ar an gceolfhoireann ar scoil freisin (an dord), ach ní chaitheann sé am ar bith leis lasmuigh den scoil. Tá suim (beagán) ag m'iníon san ealaíon, agus bíonn ranganna príomháideacha aici agus a cara gach ré seachtain. Ní maith léi aon rud a dhéanamh os comhair daoine, agus mar sin, ní dhéanann sí ceol nó spórt ar bith. Bhí ranganna Tae kwan dó ag mo mhac nuair a bhí sé ró-óg, agus b'fhuath leis é. Lean a chara leis go fonnmhar, agus d'éirigh go maith leis. Chailleamar-ne mórán airgid mar gheall ar an gconradh sin. Ach tá an áit sin as gnó anois (ha!). Tá gach saghas ealaín troda ar fáil anseo. |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 231 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, January 30, 2007 - 11:39 am: | |
Is maith liom fuaim an doird, ach ní bheinn in ann an gléas sin a chur isteach i mo charr beag. An bhfuil ceadúnas tiomána ag do dhéagóirí fós, a Shéamais? Sin cúis imní eile. |
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 161 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, February 05, 2007 - 06:18 am: | |
Agus téamm déagóirí Uaisingtoin thar tír amach go Ceanada le haghaidh óil, cionn is nach bhfuil ceannach óil acu go bliain is fiche. Bhfuil sé fós mar sin, a Liz? |