Author |
Message |
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1379 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, December 24, 2006 - 07:03 pm: | |
Táim ag féachaint ar TG4 go déanach agus chuala mé níos mó ná am amháin cainteoirí líofa ag rá "an fadhb" agus "an fuaim" gan séimhiú ar an túschonsan. An bhfuil fhios ag éinne cén fáth? -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2103 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, December 25, 2006 - 04:40 pm: | |
Ní raibh greim daingean riamh ag cainteoirí Gaeilge ar an athrú f ~ fh, an t-athrú ó chonsan go náid. Mar shampla, tháinig "fuar", an focal atá againn inniu, ó "úar" na Sean-Ghaeilge, agus "fadhb" ó "odb". "Uinneag" a deirtear i nGaeilge na hAlban in áit "fuinneog" (S-G. "fuindeóc"), agus tá "foscail" in iomaíocht le "oscail" sa teanga se'againne fós. Tá a lán samplaí eile de seo ann. Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 675 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, December 30, 2006 - 08:05 pm: | |
Cloisim é sin agus a mhalairt go minic; an bean agus araile, b'fhéidir go bhfuil sé nádúrtha dóibh i gConamara toisc go núsáidtear urú seachas séimhiú sa chaint? N'fheadar A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2147 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, December 31, 2006 - 11:00 am: | |
Maidir le "f" gan séimhiú, chuir an tomhas a thug Aonghus dúinn thuas i gcuimhne dom nach séimhítear "f" ar lorg "gan", murab ionann agus consain neamhdhéadacha eile: bairillín bán i lár an tí, is í gan ní, gan fí, gan filleadh, gan fua? gan chlann, gan mhaith, gan bhia, etc. Ach: gan fí, gan filleadh, gan fua (fuáil) Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
|