Author |
Message |
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1362 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 22, 2006 - 10:18 am: | |
Dá scríofá urú ag tús abairte, conas a scríofa é? Bhfuil tú sásta? nó bhFuil tú sásta? Is maith liom cuma an dara ceann! -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4494 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 22, 2006 - 10:34 am: | |
le huaschamóg roimhe toisc go bhfuil an "an" ar lár. 'Bhfuil a bheadh agam, is dócha, ach níl mé cinnte. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1363 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 22, 2006 - 12:27 pm: | |
Caint chomhrá atá i gceist agam. Mar shampla, seo sampla de rud éigin a déarfainn i mBéarla: You going home? Fágaim ar lár na focail nach bhfuil gá leo. De ghnáth i nGaeilge, scríobhaimid rudaí mar: Díoltas na bhFear (.i. scríobhtar an t-urú i litreacha beaga, agus scríobhtar túslitir an fhocail i litreach móra) -- Fáilte Roimh Cheartú -- Ná húsáidigí focail Béarla agus sibh ag labhairt Gaeilge liom, le bhur dtoil. Ní thabharfaidh mé freagra do theachtaireacht ar bith a bhfuil "Gaeilge" neamhghlan inti. |
|
|