Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 128 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 12:50 pm: | |
A chairde, Seo ceist atá do mo chrá le fada: cén tuiseal ginideach ceart atá ag "an deireadh seachtaine"? (a) i rith an deireadh seachtaine? (b) i rith an dheireadh seachtaine? (c) i rith an dheiridh seachtaine? (d) i rith an dheiridh sheachtaine? Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4352 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 02:28 pm: | |
i rith na deireadh seachtaine a bheadh agamsa. Is dóigh liom go bhfeidhmíonn deireadh mar aidiacht de shórt ar seachtain. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2027 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, December 08, 2006 - 03:12 pm: | |
(a) i rith an deireadh seachtaine Sa chás seo is ionann an rud is gramadúla (dar liomsa) agus an rud is simplí. Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1322 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, December 10, 2006 - 02:23 pm: | |
Seo a leanas atá ceart dar liomsa: i rith an deiridh sheachtaine Ach deirimse "deireadh na seachtaine" in ionad "an deireadh seactaine" an chuid is mó den am: i rith dheireadh na seactaine Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 129 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 11:08 am: | |
Bhuel, sin scéal eile anois. Shíl mise i gcónaí gur mar seo atá: 1. deireadh na seachtaine = the end of the week, is é sin, an pointe ama nuair a thagann deireadh le seachtain. 2. (an) deireadh seachtaine = (the) weekend, is é sin, Satharn agus Domhnach. Dennis, a chara: cén fáth a gceapann tú a bhfuil "i rith an deireadh seachtaine" gramadúil? Is ag seachaint an tuisil ghinidigh atá an leagan sin go hiomlán. Cheapfainn féin gurb é "i rith an dheiridh sheachtaine" an leagan is gramadúla amach is amach. An deacracht atá agam leis ná go gcloiseann sé sin cineál "róghramadúil". M. Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1324 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 12:02 pm: | |
Ceapaim gurb é an t-aon cheann amháin atá ceart ná: i rith an deiridh sheachtaine Ní chuirfinn séimhiú ar "d" i nidiaidh "an" (agus ní cheapaim go ndéanann siad i gcanúint ar bith). Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2043 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 02:19 pm: | |
quote:cén fáth a gceapann tú a bhfuil "i rith an deireadh seachtaine" gramadúil? Is aonad dodhíochlaonta é. Tá cuid mhaith Gaeilge léite agus cloiste agat. Deir mórchuid na ndaoine atá compórdach ag labhairt Gaeilge, deir siad "i rith / tar éis / roimh an deireadh seachtaine". An bhfuil an ceart agam? Creidim i ngramadach thuairisciúil, ní i ngramadach smachtúil ( descriptive in áit prescriptive atá i gceist agam). Mar shampla, an bhfuil "ar tír mór" agus "ag fáil bháis" gramadúil? Tá siad ann le fada, cé go mbriseann siad na rialacha. Níl aon leisce orm an lipéad "gramadúil" a chur orthu. Agus níl aon leisce orm an lipéad céanna a chur ar "roimh an deireadh seachtaine". Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1329 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 03:03 pm: | |
Má smaoinítear ar "deireadh seactaine" mar aon fhocal amháin, m.sh. "deireadhseachtaine" nó "deireadh-seachtaine", bheinn ag súil le go n-oibreofaí léi sa chaoi chéanna ina n-oibrítear le "seachtaine": Ainmneach uatha: an deireadh seachtaine Ainmneach iolra: na deireadh seachtainí Ginideach uatha: i rith na deireadh seachtaine Ginideach iolra: i rith na deireadh seachtainí Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 442 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 04:16 pm: | |
Ní mar a shíltear a bhítear. Seo sampla údarásach, sílim: 70. Chaith mé a lán ____________ i rith an deireadh seachtaine. airgead hairgead airgid hairgid ( http://www.ucd.ie/bnag/test.html) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4373 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 05:11 pm: | |
Tá "i rith an deireadh seachtaine" agus "i rith na deireadh seachtaine" ionann is chomh fairsing céanna ag google. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1330 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 05:27 pm: | |
Tá an chuma ar an scéal go gcaitear le "deireadh seachtaine" amhail agus gur focal firinscneach é arb ionann a fhoirm ainmneach agus a fhoirm ghinideach, san uatha agus san iolra freisin. Cad a cheapann sibh faoin alt seo a leanas? Nuair a bhínn i mo chónaí le Séamas blianta ó shin, chodlaínn i dtigh mo dhearthár ag an deireadh seachtaine. Ba iad sin na deirí seachtaine ab aoibhne i mo shaol. An chéad uair a bhí mé i nGailimh, d'ól mé deoch tar éis dí i rith an deireadh seachtaine sin. Ach i rith na ndeirí seachtaine eile, staonas uaidh. B'fhéidir gur cóir "deireadh seachtaine" a chur isteach sa ghraiméir faoi rannán na n-eisceachtaí? Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 2046 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, December 11, 2006 - 07:24 pm: | |
quote:B'fhéidir gur cóir "deireadh seachtaine" a chur isteach sa ghraiméir faoi rannán na n-eisceachtaí? In éineacht le "Euro": "Is é an Euro an t-airgead nua..." "luach cruinn an Euro" http://www.irlgov.ie/ecbi-Euro/school_irish.htm Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4376 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 06:05 am: | |
Ná tosaigh an raic úd sin arís! Seafóid de chaighdeanú eorpach nár thuig mé ariamh. Neosfaidh an aimsir cad a dhéanfar as i mbéal an phobail. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 4377 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 06:09 am: | |
|
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 148 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 07:46 am: | |
Feictear dom go bhfuil an scéal mar seo, sa chaighdeán, ar aon nós: is ainmfhocal é 'deireadh' firinscinneach/Ainmneach is ainmfhocal é 'seachtaine' baininscinneach/Ginideach. Leanann an Ginideach réamhfhocal comhshuite mar ' i rith'. Mar sin, seo an fhoirm i dtéarmaí ghramméir: Réamhfhocal Comhshuite + ainmfhocal fir./gin + ainmfhocal bain./gin. De réir an chláir sin bheifí ag súil le: 'i rith an deiridh seachtaine'. Ach tá samplaí an soiléir sa chaighdeán den bhfoirm/gclár seo: 'ar aghaidh dhoras an tséipéil' (leath.83/alt 5.) 'i láthair bhean an tí' Nótaígí nach n-athraítear foirm an chéad ainmfhocail go foirm an ghinidigh, cé go bhfuil ciall an ghinidigh aige i gcónaí, agus séimhítear é má's féidir. De réir sin, mholfainn: 'i rith an deireadh seachtaine' mar fhoirm inghlactha. Ní shéimhítear 'deireadh' toisc go leannan sé focal a chríochnaíonn le 'n'. Seo agaibh an cás le plê. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1332 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 12, 2006 - 10:58 am: | |
quote:Ach tá samplaí an soiléir sa chaighdeán den bhfoirm/gclár seo: 'ar aghaidh dhoras an tséipéil' (leath.83/alt 5.) 'i láthair bhean an tí' Nótaígí nach n-athraítear foirm an chéad ainmfhocail go foirm an ghinidigh, cé go bhfuil ciall an ghinidigh aige i gcónaí, agus séimhítear é má's féidir. De réir sin, mholfainn: 'i rith an deireadh seachtaine' mar fhoirm inghlactha. Ní shéimhítear 'deireadh' toisc go leannan sé focal a chríochnaíonn le 'n'. Seo agaibh an cás le plê. Rud difriúil ar fad é sin. "An Ginideach Crochta" a bhfuil tú ag cur síos air. Féach an difríocht idir na téarmaí seo a leanas: ar son bhuachaill an mhúinteora ar son buachalla mhúinteora Sa chéad cheann, tá "buachaill" caillaithe -- níl sé caillithe sa dara ceann. Fáilte Roimh Cheartúcháin Ceartaigh rud ar bith atá mícheart -- úsáid phrásaí go háirithe. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 130 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, December 15, 2006 - 06:15 am: | |
Go raibh maith agaibh go léir as bhur gcuid tuairimí. Ó thaobh úsáid an tuisil ghinidigh de, feictear dom go bhfuil bearna ollmór ann idir a ndeir na leabhair ghramadaí agus an dóigh a labhraítrear an teanga i bhfírinne. Glacaim leis gurb é "i rith an deireadh seachtaine" an leagan is coitianta sa chaint, gan aon athrú nó claochlú. Ach níl aon chuntas ar a leithéid seo sna leabhair ghramadaí, a fhad is eol dom. Déirfeadh leabhar gramadaí leat tuiseal ginidach a chur ar an mhéid a leanann "i rith", rud a d'fhágfadh le "i rith an deiridh sheachtaine" muid, nó a leithéid. Mar sin, is cosúil gur chóir do lucht scríofa leabhar gramadaí dul i mbun na gramadaí tuirisiciúla agus cuntas fírinneach a thabhairt dúinne, na foghlaimeoirí bochta, ar an dóigh a labhraítear an Ghaeilge. Lámha suas gach duine a aontaíonn leis sin! Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 450 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 15, 2006 - 09:40 am: | |
Dá mbeadh dóigh amháin ann! Bheadh sé seo i bhfad ní b'éasca dá ndéanfaí sa Ghaeilge mar a dhéantar sa bhFraincis. Le Weekend. |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 151 Registered: 03-2006
| Posted on Monday, December 18, 2006 - 06:31 am: | |
Vótáilim, a Mhichal, go gcuire Fear na mBróg tús leis an ngnó láithreach, mar dáiríre tá neart gramadaí aige, agus dá rêir sin, tá sé i bhfad níos cáillithe ná mise. Ach ar an dtaobh eile den scéal, cinnte is mó rud a deirtear nach n-aontaíonn go hiomlán leis na rialacha sna leabhair gramadaí. Ach is mar sin atá sé leis na teangacha, sílim. Agus cé gur fearr teanga a labhairt go cruinn, bheadh eagla orm roimh gá le fógra "Aire, Foirfeoirí" a fhoilsiú i dtaobh na Gaeilge. D'fhéadfadh sin bheith ina thairne deireannach i gcónra na Gaeilge. Is fearr na botûin ná ciúnas síoraí. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 131 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, December 18, 2006 - 09:11 am: | |
An port a bhí agam ná gur sna leabhair ghramadaí atá na botúin, ní i mbéal na ndaoine. Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|