mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Soilse na Nollag i mBlea Cliath ... « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 71
Registered: 07-2006
Posted on Sunday, November 19, 2006 - 04:07 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ábhar bróid do shiopaí Sráid Anraoi iad na soilse breátha atá curtha suas acu i mbliana: tá ceithre mhana i nGaeilge amháin crochta trasna na sráide acu in aice le hArd-Oifig an Phoist: BAILE ÁTHA CLIATH, NOLLAIG SHONA, srl. Má leanann dreamanna eile a sampla beidh cló Gaelach ar an gcathair i mbliana.

Chuala ar an raidio go bhfuil ar intinn ag dream éigin Chinatown a bhunú i mB. Á. C. Táim cinnte go n-éireoidh leo. Tá oiread Polannach anseo is go bhfoilsítear forlíonadh ina dteanga siúd san Evening Herald. Mór an trua nach gcuirfeadh na Gaeil le chéile chun an teanga seo againne a chur in úsáid. Tús maith iad na soilse seo dar liom.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mise_fhéin
Member
Username: Mise_fhéin

Post Number: 22
Registered: 11-2006
Posted on Monday, November 20, 2006 - 05:22 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá comhartha Nollag curtha suas ar sráid Cill Mhantáin freisin, in aice leis an International.
Tá "Nollaig Shona Duit" air.

Tá fear gnó as An tSín ag iarraidh an ceantar timpeall Sráid an Mhúraigh agus sráid Parnell a athrú go Ceantar Síneach.
Bheinn glan, glan geal in aghaidh deighilt nó aon saghas ghettoisation cosúil leis sin.
Creidim go láidir i gcomhréimniú ciníocha, rud éicint nach bhfuil ag tarlú go maith sa tír seo, mar gheall ar na hamadáin ar an eite dheis agus na hamadáin ar an eite chlé le chéile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 607
Registered: 06-2005


Posted on Monday, November 20, 2006 - 08:16 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chonac sin i mBAC. Cinnte go bhfuil géarghá ann ár nglór a láidriú agus má dhéantar fuaim sách-ard éireoidh linn!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 437
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, November 21, 2006 - 08:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níor chuala mé riamh go mbunaítear Baile na Síneach áit ar bith. Go bhfios dom, tarlaíonn siad go nádúrtha. Cuireann daoine fúthu taobh le daoine eile dá gcine a labhraíonn a dteanga. Má bhúnaítear é, bheadh sé mar Epcot, seachas comharsanacht.
Ba chóir do na Sínigh i BÁC Gaeilge a labhairt. Labhraíonn siad Francais i Montreal - rud a bhí ait dom nuair a bhí mé ann, mar ní raibh taithí agam ar Shínigh ach amháin i Nua-Eabhrac, agus níl ach Béarla agus Sínis acusan. Yu Ming abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jamie
Member
Username: Jamie

Post Number: 44
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, November 22, 2006 - 08:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Seans go gcabhróidh lárionad Gaeilge i 6 Sráid Fhearchair lena leithéid mar a mhol an tAire cúpla seachtain ó shin ag an Oireachtas. I láthair na huaire tá Conradh na Gaeilge ag glacadh le moltaí maidir lena leithéid d'Ionad a lonnú ann. Tá rudaí ar nós caifé idirlín, amharclainne agus naíolainne luaite cheana féin. Má tá moltaí agaibh cuir chuig iad.



©Daltaí na Gaeilge