Ar eagla na míthuisceana, ba mhaith liom a rá nach gramadóir é an rud atá á mholadh ag Aonghus thuas ansin, ach litreoir.
Is é is
litreoir ann (spelling checker) ná bogearra a sheiceálann go bhfuil do chuid focal litrithe i gceart. Tá cúpla ceann le fáil, ceann ó Microsoft, ceann eile darb ainm Gaelspell, agus b'fhéidir corcheann eile.
Is é is
gramadóir ann (grammar checker) ná bogearra a sheiceálann go bhfuil do chuid focal ag suí go maith le chéile ó thaobh comhréire (syntax) de. Go bhfios domsa níl ach ceann amháin le fáil, "An Gramadóir" mar atá luaite thuas cheana. Tá sé sách casta le suiteáil ar do ríomhaire féin, ach is féidir úsáid a bhaint as ar líne chomh maith:
http://borel.slu.edu/gramadoir/foirm.html (Message edited by mbm on November 10, 2006)