Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1783 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, October 16, 2006 - 10:21 pm: | |
Tá mé ar ais. Feicim go bhfuil na daoine céanna, móide cúpla kibbitzers nua, ag spalpadh Béarla fós faoin nGaeilge agus céard ba chóir a dhéanamh thuas sa Bhreac-Ghaeltacht. Aargh. Dá mbeadh splanc céille agam ní bheinn anseo arís ar chor ar bith. Ach tá an aimsir ag athrú agus tá an lá ag dul i ngiorracht, agus, bhuel... Mar sin féin, tuigim meon na n-aorthóirí a bhíodh againn fadó nach raibh leisce orthu nincompoopery a fhógairt go fíochmhar ó altóir na filíochta. Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3935 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 04:31 am: | |
Tóg go réidh é. Is dual dá leithéidí bailiú leo muna dtéitear ró mhór i ngleic leo; rud a théann rite ormsa freisin, faraor. |