Author |
Message |
John Campbell (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, August 11, 2006 - 09:23 pm: | |
We visited a wonderful Irish family a few years ago staying in their bed and breakfast in Killarney. They called their home: Gaelen (not sure of this spelling). We remember that the Irish meaning of this word was: "To Come Home". Would anyone be able to assist us with this Irish word. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 27 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 11, 2006 - 10:15 pm: | |
Haigh a Sheáin, Is dóigh go bhfaighidh tú freagra níos fearr má phostfaidh tú do cheist arís ar thaobh dátheangach den chláir: http://www.daltai.com/discus/messages/20/20.html Tá an taobh seo le haghaidh teachtaireachtaí atá scríofa i nGaeilge amháin. Ádh mór ort! Abigail ------------------------ Hi John, You'll probably get a better response if you re-post your question on the bilingual side of the board: http://www.daltai.com/discus/messages/20/20.html This side is intended for postings written in Irish only. Ádh mór ort! (Good luck!) Abigail Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 22 Registered: 08-2006
| Posted on Friday, September 01, 2006 - 10:38 am: | |
E.T. Cuir glaoch ar an mbaile s'agatsa! |
|
kate ferguson (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 02:43 pm: | |
an bhfuil a fhios agaibh go dtagann na focail a usaidtear go hairithe i meirecea 'do you dig that' on briathra 'an dtuigeann tu?' ceapaim go bhfuil se seo fior suimiul.. dala an sceil, is mise dalta i colaiste na trinoide agus taim ag deanamh cursa i ngailige agus duirt mo mhuinteoir liom rud eigin a scribh agus sin e!! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 90 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, October 17, 2006 - 03:25 pm: | |
Tá mé in éad leat! Chaith mé lá 's oíche i mBaile Átha Cliath an samhradh seo caite, agus thaitin ailtireacht na Trionóide liom. Tá mé i mo mhac léinn iarchéime in Ollscoil Notre Dame, sna Stáit Aontaithe. Cén chúrsa stáidéir atá ar siúl agat, mura miste leat an cheist? Abigail Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 15 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:10 am: | |
"ailtireacht na Trionóide" Neamh? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 96 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:15 am: | |
Seans maith! Bhí cuma chomh deas sin ar chuid di. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 18 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:22 am: | |
An bhfaca tú aingil? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 98 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:28 am: | |
Ní fhaca, b'fhéidir ós rud é go raibh sé 5:00 ar maidin Dé Sathairn, agus mé ag siúl timpeall na háite. Ní fhaca mé duine ar bith! Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 20 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:33 am: | |
Ní mé cad a bhí a stáidéar agat le bánú an lae? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 99 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:41 am: | |
Stáidéar ní dhearna mé, mhuis - ní mise atá i mo dhalta sa gcoláiste úd, ach Cáit thuas. D'éirigh mé go moch ar son cúpla grianghraf a dhéanamh agus an chathair a fheiceáil ina tost. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 23 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:47 am: | |
Ó! Tá iomrall aithne ann, mar sin. Nár scríobh tú thuas:Tá mé i mo mhac léinn iarchéime in Ollscoil Notre Dame, sna Stáit Aontaithe? Ar bh'fhiú an mochéirí? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 100 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 10:59 am: | |
Scríobh agus tá. Tá ailtireacht Notre Dame maith go leor freisin, ach ailtireacht (Choláiste!) na Trionóide ab í a bhí mé a moladh. B'fhiú go deimhin. (Níor ghoill sé orm - sin an nós atá agam nuair atá mé sa mbaile ar aon chaoi.) Thug sé deis níos fearr dhom aithne a chur ar an gcathair féin, déarfainn, gan í a bheith dubh le daoine mar a bhí oíche Dé hAoine. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 28 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 11:26 am: | |
An maith leat ailtireachtaí? |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 101 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 12:00 pm: | |
Is maith, agus ailtireacht Phallaideach go háirithe. Ba bhreá liom teach an Provost mar sin. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 05:52 pm: | |
Abigail-táim an-sásta go bhfuair mé teachtaireacht duit! táim ag déanamh staidéar ar béarla agus siceloaíocht. is breá liom iad, ach tá orm bries is 5 nó 6 leabhair a léamh gach seachtain:( is breá liom an saol anseo, thosaigh mé ag déanamh yoga agus 7rl! cén cúrsa atá á dhéanamh agatsa? agus conas is féidir leat gailige a úsáid chomh foirfe? meas mór agam ort! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 102 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, October 18, 2006 - 11:09 pm: | |
Bhuel, ní thabharfainn "foirfe" uirthi... ach go raibh maith agat. :) Tá sin an-deas uait. Matamaitic agus innealtóireacht atá á stáidéar agam. Tá mé i mo PhDóir (agus beidh go ceann trí bhliain eile, is dóigh liom.) Ní bhaineann an Ghaeilge le mo chuid stáidéir ar chor ar bith mar sin, ach ní fólair dom caitheamh aimsire éigin a bheith agam, an dtuigeann tú? Táim á foghlaim le cúpla bliain anuas. Dála an scéil, ní úsáidtear an chiall sin "dig" go minic againn anseo. Saghas slang a bhí ann dar liom. Tá sé le cloisteáil fós ó am go chéile, ach amháin nuair a theastódh ó dhaoine a bheith retro. Séard a bheadh agamsa de ghnáth ná "get" (m.sh. "d'you get me?" = "an dtuigeann tú mé?") Abigail Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1790 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 01:18 am: | |
Scríobh Abigail: quote:Tá mé i mo mhac léinn iarchéime in Ollscoil Notre Dame An tusa an matamaiticeoir a bhfuil suim aici i gkeets? Caminante no hay camino, se hace camino al andar. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 103 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 06:45 am: | |
'Sea, i gkeets agus i sicíní beaga freisin! (Tá an leathanach sin beagán as dáta áfach - is é seo an ceathrú bhliain agam anois.) Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 36 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 06:49 am: | |
Chuala mé faoi daoine ag déanamh neadacha i gcluasa, ach buaileann sé seo é amach! Is mochóir in Indiana thú, a Abaigail! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 104 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 08:55 am: | |
Ní moiche ná mar is gnách liom.... ní mór dom a mbricfeasta a thabhairt do na héanachaí. I ndeireadh mhí Lúnasa a tógadh an pictiúr sin. Tá an péire acu (agus a n-ochtar deirfiúracha) leathfhásta anois agus ag ceapadh gur cearca lánfhásta iad - tá siad sásta suí ar mo ghuaillí fós, ach gan neadú síos i m'fholt níos mó. Tá fáilte roimh chuile cheartú! |
|
Fearn
Member Username: Fearn
Post Number: 42 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, October 19, 2006 - 09:06 am: | |
Mo ghraidhn na héin. |
|