Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 85 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, August 03, 2006 - 10:37 am: | |
A chairde, Tá súil agam nár mhiste libh beagán féinbholscaireachta uaim. Iad siúd agaibh a bhfuil Seicis acu (agus táim cinnte gur grúpa ollmhór é sin), is féidir leo alt breá faoin Ghaeilge a léamh a foilsíodh ar an iris Sheiceach Echo le déanaí, agus ar mise a údar! ;-) Seo nasc chuig leagan PDF na hirise, tá mo phíosa-sa ar leathanach 21: http://www.echomagazin.com/archiv/echo08/echo08.pdf Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, August 03, 2006 - 11:09 am: | |
Maith an fear! Á! Irsko! Nárbh i bhfad go mbeadh gaeilge agat ar Lucaks, Kundra agus daoine nach iad! Beir bua. I.S. Tuige a mbíonn Éire cuachta isteach leis an Bhreatainn, fiú i meon na Seiceach? |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 86 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, August 03, 2006 - 11:58 am: | |
> Nárbh i bhfad go mbeadh gaeilge agat ar Lucaks, > Kundra agus daoine nach iad! Beir bua. Tuigim gur Milan Kundera atá i gceist le "Kundra", ach cé hé "Lucaks"? An féidir gur an staraí Ungárach John Lukacs atá i gceist agat? Más amhlaidh, bheadh freagra na dara ceiste agat cheana: > I.S. Tuige a mbíonn Éire cuachta isteach leis an > Bhreatainn, fiú i meon na Seiceach? ;-) Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, August 04, 2006 - 07:39 am: | |
A Mhbm, Níl litriú ná cuimhne agam in aon teanga. Sea, bhí iarracht de aoir foirgthe tríd leis. Nach breá an t-ainm baiste Úngárach John? |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 103 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, August 04, 2006 - 08:42 pm: | |
quote:Iad siúd agaibh a bhfuil Seicis acu (agus táim cinnte gur grúpa ollmhór é sin), is féidir leo alt breá faoin Ghaeilge a léamh a foilsíodh ar an iris Sheiceach Echo le déanaí, agus ar mise a údar! ;-) Maith an fear! Tá náire agam a rá, cé gurbh é Slóvacach teanga dhúchais mo sheanthuismitheoirí, níl ach cúpla focal agamsa. Ach táim cinnte gur scríobh tusa alt an-bhreá. Liz |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1688 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, August 05, 2006 - 10:43 am: | |
Tá an tSeicis agus an tSlóvaicis an-chosúil lena chéile, raight? Níl aon bharúil de cheachtar acu agam, dáiríre. Ceist agam ort, Michal: an bhfuil an dá theanga seo ag scaradh ó chéile i láthair na huaire, nó a mhalairt? Dála an scéil, chuir mé an tURL ar aghaidh chuig cara liom a tógadh (i Meiriceá) le Polainnis agus a bhfuil cuid mhaith Breatnaise aige anois. Ní raibh mé in ann teacht níos giorra do "Gaeilge + Seicis" ná é sin! Go raibh [do rogha meafar] leat! |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 91 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, August 08, 2006 - 06:48 am: | |
> Tá an tSeicis agus an tSlóvaicis an-chosúil lena > chéile, raight? [...] Ceist agam ort, Michal: > an bhfuil an dá theanga seo ag scaradh ó chéile > i láthair na huaire, nó a mhalairt? Ní dóigh liom go bhfuil na teangacha féin ag éirí níos éagsúla, nó níor chuala mé aon fhiannaise go bhfuil. Ach an rud atá ag tarlú ná go bhfuil tuiscint na Seiceach ar an tSlóvaicis, agus na Slóvacach ar an tSeicis, ag dul i léig mar níl an oiread sin teagmhála acu le teanga na gcomharsan níos mó. Tá sé sin amhlaidh go háirithe ar pháistí atá ag fás aníos anois. Nuair a bhí mé féin ag fás aníos, cé nach ach Seicis ag gach duine beo timpeall orm, bhí dóthain Slóvaicise ar an teilifís, sna nuachtáin agus ar an raidió, rud chuir ar mo chumas í a thuiscint gan aon deacracht. Sin mar a bhí ag gach duine, sa dá leath den tSeicslóvaic, go dtí gur scaradh sa bhliain 1993 í. An tUachtarán Cumannach deireanach a bhí ar an tír, Gustáv Husák, ba Slóvacach é a raibh sé de nós aige an dá theanga a mheascadh le chéile go greannmhar agus é i mbun óráide. B'shin é an t-aon rud a bhí suimiúil faoina chuid óráidí, caithfear a rá. Ó, b'shin iad na laethanta a bhí. Is beag nach bhfuil Ostalgie orm anois! Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1706 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, August 08, 2006 - 12:30 pm: | |
An-suimiúil ar fad! GRMA, Michal. quote:Slóvacach é a raibh sé de nós aige an dá theanga a mheascadh le chéile go greannmhar agus é i mbun óráide. An d'aon turas nó de thimpiste a rinne sé é sin? Anois, an cheist a raibh tú ag fanacht léi: cé chomh mór agus atá an bhearna eatarthu? An féidir leat iad a chur i comparáid le: a) Spáinnis agus Iodáilis b) Gaeilge agus Gàidhlig c) Gaeilge Uladh agus Gaeilge na Mumhan d) Béarla agus Albais (nó Ulster Scots) Go raibh [do rogha meafar] leat! |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 92 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 04:45 am: | |
Déarfainn gur de thimpiste a rinne sé é sin. Bhí sé chomh fada sin ag maireachtáil idir an dá theanga nach raibh ceachtar acu go paiteanta aige níos mó. Chomh maith leis sin, seanduine a bhí ann agus bhí sé measctha suas go maith ina cheann faoin am a tháinig mise ar an saol! Maidir leis na cosúlachtaí, déarfainn gur cosúlaí iad ná A agus B, agus éagosúlaí ná C. Is beag taithí atá agam ar Albais, mar sin, ní féidir liom a rá faoi D. Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Seáinín (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 11:50 am: | |
Cheapas gur Slóvacach é Dubcek freisin. An bhufil a fhios agat cén teanga, nó cén meascán de theangacha a labhair seisean? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3610 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 11:55 am: | |
|
|
Seáinín (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 12:03 pm: | |
Wow! Maith thú, a Aonghus. Beid ag ceannach an leabhair sin. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 94 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 01:11 pm: | |
Sea, ba Shlóvacach é Dubček, agus níor labhair seisean ach Slóvaicis. Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1713 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 02:11 pm: | |
quote:Maidir leis na cosúlachtaí... Go raibh maith agat as é sin a shoiléiriú dom! Go raibh [do rogha meafar] leat! |
|