Nuacht:
NBC, 2/8/06, Vótaí ag teastáil
Ar NBC ar an gCéadaoin seo chugainn 2/8/06 nó 8/2/06 anseo i Meiriceá, tá grúpa traidisiúnta (clann) ins an gclár "America's Got Talent”
Tá aithne agam ar an gclann seo agus bhí seans agam damhsa leo. Tá said iontach agus croíthe maithe acu go léir.
Bí ag breathnú ar an gclár 8:00pm P.T. (níl 'fhios 'am faoin am in áiteachaí eile i Meiriceá) agus feicfidh tú an grúpa 'Celtic Spring', athair, máthair agus na gasúir (seisear acu!) ag seinm agus ag damhsa. Tháinig a mhuintir ó Mhaigh Eo. Má thaitníonn cultúr na hÉireann libh, má thaitníonn ceol traidisiúnta libh, má thaitníonn rincí gaelacha libh, tabhair vóta dóibh le bhúr dtoil.
Tabhair dúinn do vótaí, mar a deireann cuid de na poiliteoirí, go luath agus go minic! Inis an scéal do bhúr gcairde agus faigh vótaí eile le bhúr dtoil,
Votaí le guthán, text nó ar an idirlíon ag NBC.com.
Eolas faoin ngrúpa anseo:
http://www.celticspringband.com/ ‘Maith agaibh,