mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Archive through December 26, 2008 » Rinn an gcuan « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 213
Registered: 11-2004
Posted on Friday, July 28, 2006 - 04:49 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

tá ionád orm cé go raibh no nach raibh éinne ag breathnú ar teilifís éireánn oiche arier. Do bhí an clár cursá raite darb aimn "prime time" ag craoladh ansin. cluadáigh an chlár alan nithe tábhatach ach an rud i bhfad nios simiula chun mise toisc go raibh an cuid den gclar i dtaobh pórt lairge agus an fobairt ag tharla sa rinn an gcuanach. Ar bhfaca einne i agus cad is turaim daoibhse?

frc

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, July 29, 2006 - 07:46 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chonaic mise é. Bhí sé an-mhaith. Pobal beag Gaeltachta é Rinn Ó gCuanach inar éirigh leis na daoine an teanga a choinneáil á labhairt cois teallaigh, sa scoil, agus sa séipéal anuas go dtí ár linn féin. Ach anois tá an pobal dúchasach sin faoi bhagairt ón lucht gnó agus ó úinéirí talún atá ag iarraidh tithe agus eastátanna tithíochta nua a thógáil san áit rud a bháfaidh an Ghaeilge le Béarla. Má thagann na céadta daoine nua chun cónaithe san áit ní bheidh ann ach fo-bhaile suain de chuid Dhún Garbhán agus caillfear an teanga mar a rinneadh i mBaile Cláir na Gaillimhe agus i mBearna srl.

Labhair Liam Clancy go han-mhaith in aghaidh na "forbartha" seo -- duine den bhuíon ceoil is amhránaíochta "The Clancy Brothers" is ea Liam agus thóg sé féin teach álainn ansin ach is Déiseach go smior é féin agus tá Gaeilge aige cé gur chaith sé cuid mhór dá shaol thar lear i Meiriceá. Is maith liom go mór gur thug sé tacaíocht don Ghaeilge ar an gclár sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 214
Registered: 11-2004
Posted on Monday, July 31, 2006 - 04:49 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bheul do bhi tracht ag an gclar sin faoi tearmai mar gheall an dteanga, a cur an bord pleanala, ag an fobairt nua. Duradh sa chlar fresin go mbeidh se alan nios crua an daoine oga sa geanntar s'acub, a ti le fail. Cuireann se alan fatios orm nuair a chualas e, mar bionn an tseaglach ar bun an teanga. Nach bhfuil de dhotain aitenna eile lastiar den ghaeltacht chun an togalai a fobairt. Ma shlamhionn tusa i dtaobh e ta se dochrite gur abaireann an rialtais go mbeadh se ag iarradh an teanga a coinneal ar an taobh amhain agus ar an taobh tuatail go mbeadh se ag ligeann cead amach don togalai chun tighe a fobairt gan aon tearmai teangachach ag baint leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Mickrua
Member
Username: Mickrua

Post Number: 62
Registered: 07-2005
Posted on Monday, July 31, 2006 - 01:16 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní fhéadfá a rá go fírinneach gur Gaeltachtaí iad Bearna agus Baile Chláir na Gaillimhe.Le fírinne a dhéanamh ní dhéarfainn gur fiú breac-Ghaeltachtaí iad ná bac le Fíor Ghaeltachtaí.Scriosfaidh an fhorbairt tithíocht an Ghaeltacht sa Rinn,Rath Chairn agus sna Gaeltachtaí timpealll chathair na Gaillimhe.Tá na Forbacha agus An Spidéal i mbaol go gairid agus céard a dhéanfaímís ansin nuair atá an Ghaeltacht ag stopadh ag Cois Fharraige.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Eoin
Member
Username: Eoin

Post Number: 107
Registered: 10-2004


Posted on Monday, July 31, 2006 - 01:51 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá raic ar siúl anseo i gConamara, faoi chinneadh na comhairleoirí chontae a d'athraigh an coinníol teanga i nGaeltacht na Gaillimhe.

Tá níos mó eolas faoi ag http://anghaeltacht.net/ctg

E

Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 533
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, August 02, 2006 - 06:48 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

O mo thaithí féin - ag obair ann is ann ag staidéar mar mhac léinn, tá ag éirí go maith le gnó sa Rinn. Ní labhrann daoine óga Gaeilge. Sin a bhfuil le rá faoi. Níl sa Rinn ach breac-ghaeltacht. Dá mba rud é nár bhunaigh na leaids Coláiste na Rinne 101 bliain ó shin(Coláiste Samhraidh faoi láthair is Coláiste Chónaithe i rith na bliana) ní bheadh an ghaeilge ann.
Tá roinnt daoine ón Pholainn ina gcónaí sa Rinn agus níl móran Béarla acu - ná bac le Gaeilge.

Ach im thuairimse tá seans maith go leanfaidh an ghaeilge ar aghaidh.. Tá deiseanna ann do dhaoine óga, roinnt comhlachtaí maithe agus coláiste an-mhór. Tá atmaisféir nach bhfuair mé i ngaeltacht ar bith eile, saghas fuinneamh, an fuinneamh atá de dhíth ar an nGaeilge sna Gaeltachtaí na laethanta seo. Freisin, bíonn muintir na háite ag feiscint ar bhuntáistí na Gaeilge.. Bíonn Mic Léinn de mo leithéid ag dul ann agus muid ag faire ar gnó sa ghaeltacht, an ghaeilge - stair, canúint agus traidisiúin agus bímíd ag gaeilge nathanna cainte a fhoglaim uathu..

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 215
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, August 03, 2006 - 05:11 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is simúil cad a dhearfá a dhomhnall. Is docha go rábhás ag caint i n-ginerealta mar gheáll ar an n-gaeltacht. Se mo thuraim go mbeadh seans againn tosach nua go glactár sa rinn is sa gaeltachta eile cé nach glacadh roimis seo. An fheádhfádh se practicuil an rialtas talún a ioc sa gaeltachta chun sceimeanna fobarta nua le fail. Ma dheanfáidis tighe nua, nach fheádfádh se reasúntá iad a chuirigi ar fail go peire oga le suim i ngaeluinne agus in ann a leanai a thogfar suas tri mheain an gaeluinne. Nach bhfuil se an pleann nios fearr na a bheith ann i laithair ag shineadh liuntas chuig muintir na haite.

frc.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, August 03, 2006 - 07:38 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní dóigh gur éirigh le athréimniú teanga riamh le innealtóireacht shóisialta.

Is gá ar an gcéad dul síos, gan an Ghaeilge a ligint ar leataobh. Labhair í a mhéid is féidir leat agus ansin corradh sa bhreis. Dar ndóigh is gá í a bheith ar do thoil agat. Muna bhfuil, bí ag cur lei.

Sa dheireadh thiar thall, is a labhairt a beatha: is a neamhshuim a bás.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3564
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, August 03, 2006 - 08:26 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní innealtóireacht shósialta go beacht atá i gceist anseo ach cosaint sáinphobail atá faoi bhrú ag fás rabach bailte in aice leo (Gaillimh agus Dún Garbhán faoi sheach).

Gnáth obair phleanála atá ann.

Cad chuige gur féidir srianta géara a chuir i gcrích nuair is seilide, frog nó lus atá i gceist, ach go mbíonn sé ina raic nuair is pobal daonna atá le cosaint?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 216
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, August 03, 2006 - 09:08 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

D'eireigh an rialtas le rath cairn san triochadai.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, August 03, 2006 - 09:19 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní thagaim leat, a aonghuis. Dála an scéil, muna dtagann tú le mo bhaisteadh, cad a bhaisteann tusa ar an moladh seo?

Is fiú, dar liom, féachaint a bhfuil an cheist chéanna i dtíortha eile agus conas mar a ndeachaidh siad i ngleic leis. Is cathair dháthaeangach an Bhruiséil go hoifigiúl, ach tá na bruachbhailte ag brú isteach ar an gceantar Pléimeannaise mórthimpeall. Cé a dhéarfadh cad a eascraíonn as sin? Tá an Eilbhéis ann. Tá Ceanada ann.

Dála an scéil, cé tá ag cosaint lucht bhéarla BhÁC ar na mílte Gaeilgeoirí atá ar a fhuaid, ná ar lucht labhartha na dteangacha inimirce?

Agus cé dó an "chosaint" seo? Lucht na Ceathrún Rua ?Lucht na Gaeilge trí chéile? An Ghaeilge fhéin? Saol na Tuaithe? Saol an Iarthair?

Nach faoi mheon na ndaoine atá chuile chath le troid? go háirithe i dtaobh rogha teanga. Má bhíonn an meon sin daingean diongmháilte ní baol rialacha maorlathais.

Mar sin, tá an bunreacht ann. Tá Acht na dTeangacha ann. Tá stadás san AE ag an Ghaeilge. Ach fós, tá riail Chomhairle Chondae le bheith ina dhíol báis ag an Ghaeilge?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3566
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, August 03, 2006 - 10:34 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní hea.

Tá sé an simplí.

Pobail leochaileacha tuaithe ar bheagán airgead atá i gceist.

Sáintréith de chuid na pobail airithe seo gur comhluadar le gaeilge iad.

Chuige seo atá an coinníol teanga: srian a chuir le daoine thar baile isteach a theacht isteach san áit, ar mhaithe le deis níos fearr a thabhairt do mhuintir na háite, a bhfuil gaeilge acu, tithe a cheannacht.

Tá a trí oiread tithe i nDún Chaoin anois le hais tríocha bliain ó shin. Ach leath an daonra. Agus geall le €400, 000 ar teach ann.

Cén cúis ata le sin, meas tú?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, August 03, 2006 - 10:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní hea.
>Cad é ní hea?

Tá sé an simplí.
>Dá raibh sé simplí, ní bheadh sé ina cheist?

Pobail leochaileacha tuaithe ar bheagán airgead atá i gceist.
>Seo ginearealú

Sáintréith de chuid na pobail airithe seo gur comhluadar le gaeilge iad.
>Tá daoine gan Ghaeilge orthu le fada an lá

Chuige seo atá an coinníol teanga:
>Seo innealtóireacht shóisialta
srian a chuir le daoine thar baile isteach a theacht isteach san áit, ar mhaithe le deis níos fearr a thabhairt do mhuintir na háite, a bhfuil gaeilge acu, tithe a cheannacht.
>Agus an mbeadh a léithéid inoibrithe? Foireann a chur suas le daoine a mheas .i. cad é an ghaeilge atá aige/aici, ag a nuachar, ag a fhreastalaí Filipíneach, ag a gharraíadóir Polannach,nó an bhfanfaidh siadsan thar an teorainn; cá mbeadh an teorainn? Cad faoi a ghaolta? Cad faoi duine le gaeilge is fear/bean gan ghaeilge ? Cad faoi an chéad duine a chuirfeadh an bunreacht ar an riail seo toisc nach dtugann sé cothromaíocht? an mbeadh cead ag co. co. a leithéid de riail a chur i bhfeidhm i leith teangacha eile : m.sh. ní chead ag éinne teach a dhíol le Lituánach gan béarla/gaeilge? an féidir le éinne teach a ligint le huacht le duine gan gaeilge? má dhéanann, cad a tharlódh? 7rl? 7rl?
Nach mbeadh sé níos éasca deontas a thabhairt, nó cumann titíocht a choinneáil iasachtaí le muintir na háite, nó a mbeadh úinéareacht acu agus a ligfeadh tithe le daoine le gaeilge?

Tá a trí oiread tithe i nDún Chaoin anois le hais tríocha bliain ó shin. Ach leath an daonra. Agus geall le €400, 000 ar teach ann.
> An ndeir tú liom é?

Cén cúis ata le sin, meas tú?
>boilsciú? craos na ndaoine? gnáth-mheicníocht an gheillearair? droch-phleanáil? cumaliom mhuintir na háite? teacht an ghustail? an áilleacht? Mian daoine bheith taobh le muir, sléibhte is muintir dheas Ciarraí? Bheith ar lorg an "scannáin úd"?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3567
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, August 03, 2006 - 12:14 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

droch-phleanáil?

Sin agat é, dar liom.

Ní maith liom an nath "innealtóireacht shóisialta" toisc go gcuireann sé in iúl gur droch rud atá ann.

Is dócha go bhfuil an ceart agat gur innealtóireacht shóisialta atá ann. Ach is mithid roinnt de dar liom.

Pobal na háite atá á éileamh sa Rinn agus in áiteanna nach ea.

Táimse ar a son siúd.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, August 04, 2006 - 07:52 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"Pobal na háite atá á éileamh sa Rinn agus in áiteanna nach ea."

Más ea, is mithid. Is cuimhin liom is mé ag fás aníos go raibh an díospóireacht chéanna ar siúl i dtaobh díol na talún le "strainséirí" An talamh céanna a bhfuil na tithe seo tógtha air anois. Agus ní raibh muintir na Gaeltachta chun glacadh le aon riail nach ligfadh dóibhsean cíbe scrábán talún a bhí acu a dhíol le daoine isteach a bhí amaideach pingin mór a dhíol as.

Anois go bhfuil an talamh díolta, ba bhreá leo a bheith acu "ar mhaithe leis an chúltúir".

Bhí iarracht de phleanáil riamh ann, cé nárbh uilechuimsitheach é. Ach tá cumhacht, mar is eol duit ag na comhairleoirí condae, neamhshuim a dhéanamh ar phlean an chontae ar mhaithe le cead tógála más mian leo .i. na comhairleoirí chéanna atá ag braith ar bhótaí ar phobail. Sin fíor-chumhacht bheith i do chomhairleoir. Agus más buan mo chuimhne is Gaillimh an contae is mó a bhí ag déanamh neamhshuim de phlean an chontae.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3573
Registered: 08-2004


Posted on Friday, August 04, 2006 - 08:23 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá srianta curtha ó shin ar chumhacht na gcomhairleoirí neamhshuim a dhéanamh den plean agus dlí.

Tá An Bord Pleanála tar éis roinnt cinntí de chuid comhairle contae a athrú de bharr nach raibh an cinne ag teacht leis an bplean.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, August 04, 2006 - 08:46 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

GRMA a aonghuis,
Tchím ó shuíomhanna Eoin go bhfuil "siarram" nua faoin bhaile. Ach is dóigh liom go bhfui an tseanchaimiléireacht fós ann. Níl fhios agam cathain a thiocfadh ciall do na daoine -- is láidir an guth an gustal.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3575
Registered: 08-2004


Posted on Friday, August 04, 2006 - 09:27 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní thagann ciall roimh aois.

Ní mé cén aois atá de dhíth ar phobail le bheith céillí.

Agus is mó cara sa chúirt a cheannaíonn punt nó dhó as sparán teann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, August 04, 2006 - 09:44 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

a aonghuis, nach bhfuil focal céillí agat fhéin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 3576
Registered: 08-2004


Posted on Friday, August 04, 2006 - 10:57 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl. Tá baois na hóige agamsa fós.

Nílim an dá scór féin.

Agus is mó agam mo chéile ná mo chiall tré chéile!

Cé eile?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fe arn (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, August 04, 2006 - 11:02 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Cé ambaist!



©Daltaí na Gaeilge