Author |
Message |
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 105 Registered: 10-2004
| Posted on Wednesday, July 26, 2006 - 03:24 am: | |
Cad a cheapann sibh faoin gcinneadh deireannach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe teora nua a chuir leis an gcoinníol teanga. Is cosúil go bhfuil trí cineál Gaeltacht ann anois, Gaeltacht láidir nach bhfuil gá leis - siar ón gCeathrú Rua, Gaeltacht caite nach bhfuil gá le coinníoll teanga - Bearna, Maigh Chuilleann 7eile, agus, Gaeltacht Cois Fhairrge ó na Forbacha siar go dtí an Ceathrú Rua. Ar léigh sibh alt Trevor Ó Clocheartaigh i Lá inné? Tá sé le fáil ag http://ceistmhor.blogspot.com/ Eoin Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, July 27, 2006 - 11:14 am: | |
Aidhe! Seo blag maith. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3492 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, July 27, 2006 - 12:13 pm: | |
Athchursáil de short ar colún as Lá atá ann. Smaoineamh ciallmhar, ós rud é go bhfuil deis ag daoine cur leis an gcolún. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, August 02, 2006 - 07:20 am: | |
Is ionadh dom a laghad daoine atá ag ligint a dtuairimí linn ann. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 109 Registered: 10-2004
| Posted on Wednesday, August 02, 2006 - 01:25 pm: | |
Anois is cosúil nach mbeidh cosaint ar an teanga ar an gCeathrú Rua cor ar bith dár le scéal ar Lá an lae inniú. Eoin Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, August 03, 2006 - 06:54 am: | |
Ach cad is cosaint na teanga ann, ní mé? |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 110 Registered: 10-2004
| Posted on Thursday, August 03, 2006 - 12:49 pm: | |
Tá cóip beagáinín níos fearr den léarscáil ná an ceann a bhí i Lá inné (2/8/2006) le fáil ar http://anghaeltacht.net/ctg/060802la.html. Bhí coinníoll teanga ar aon forbairt tógála i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí Céadaoin na seachtaine seo caite. Rinne na comhairleoirí athrú sa dlí a roinn an Gaeltacht ina trí coda. 1.An Aicréidh - an ceantair soir agus ó thuadh ó cathair na Gaillimhe nach mbeidh aon coinníoll teanga ann a thuile. 2. Cois Fhairrge agus Maigh Chuilleann 3. Ceantaireacha Gaeltachta CLÁR aiteacha siar ón gCeathrú Rua áit a bheidh na coinníollacha seo i bhfeidhm: (a) Daoine áitiúla (b) Gaeilgeoirí as áit ar bith ar fud an domhain (c) Daoine as an áit a chuaigh ar imirce agus a gclann siúd (d) Daoine as an áit atá in reigiúin eile ar fúd na tíre agus a gclann siúd. (e) Daoine a bheadh fostaithe san áit, féinfhostaithe nó in ann tionscail eicint a chur chun cinn. Ach is cosúil nach bfuil an Ceathrú Rua i gCeantair Cois Fhairrge da réir an mapa atá á úsáid ag an Comhairle agus nachg bhfuil sé i gceatair CLÁR ach an oiread. Dá bhrí sin tá baol ann nach mbeadh an Ceathrú Rua nó Casla cludaithe faoi choinníoll teanga ar bith. Tá an-chuid faoin gconspóid seo ar http://anghaeltacht.net/ctg E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, August 04, 2006 - 08:03 am: | |
GRMA A Eoin, Is léir go bhfuil athrú ar chúrsaí ó bhí mise ag cur fúm in Éirinn tá roinnt bliain ó shoin. Ach i ndeireadh na fríde, is coimhlint idir lucht ar mian leo gustal, cuma caidé an praghas, is daoine eile a ba mhaith leo cuid den gustal ach ar phraghas réasúnach .i. ag féachaint le cúrsaí teangan, bonneagair, fostaíocht, milleadh sóchaí, milleadh timpeallaíochta, feabhsúcháin, 7rl. Tá súil agam go bhfuil muintir na háite i dtús cadhanaíochta agus a thabhairfadh bata is bóthar le cibé polaiteoirí nach bhfuilar aon fhocal leo. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 111 Registered: 10-2004
| Posted on Monday, August 07, 2006 - 03:01 am: | |
An bhfacha éinne an ainilís a rinne Donnchadh Ó hÉilithe ar Dhaonáireamh 2006 agus an Ghaeltacht. Foilsíodh i bhFoinse ar an nDomhnach é. Tá sé le fáil ar an líon ar leathannaigh CTG téir go: http://anghaeltacht.net/ctg/daonra06.html E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, August 07, 2006 - 12:04 pm: | |
Drochscéal é, muis! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3589 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 07, 2006 - 02:03 pm: | |
Fear aon phoirt an Donncha céanna. Gach deis a fhaigheann sé, craobhscaoileann sé an síl teagasc chéanna. Ní aontaoím lena rogha siúd de leigheas - teorainnache ná Gaeltachta a chungú isteach arís 's arís eile. Creidim gur maith ann iad ná hiar ghaeltachtaí agus na breac ghaeltachtaí mar maoláin chosanta dos na fíor gaeltachtaí. Táim i bhfách le cur chuige mall stuama an tAire reatha. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, August 07, 2006 - 02:17 pm: | |
Níl aithne ná aithne agam ar Dhonncha. Seo a chonchlúid: "Conchlúid: Ar an gcaoi céanna is atá daonra na tíre ag méadú le 10 mbliain anuas, tá daonra na Gaeltachta ag méadú chomh maith ach níl méadú cothrom ann ach a mhalairt. Is sna ceantracha uirbeacha is mó atá an méadú le sonrú, ceantracha nach bhfuil sa Ghaeltacht ach trí thimpist tíreolaíochta seachas ar bhonn teangeolaíochta. Tá laghdú tagaithe ar chuid dena ceantracha is láidre ina bhfuil an Ghaeilge á usáid - Dún Chaoin i gCorcha Dhuibhne, Iorras Aithneach i gConamara Theas agus Oileáin Árann. An bhfuil sé in am smaoineamh ar bealaí le cainteoirí dúchais Gaeilge a mhealladh le fanacht sna ceantracha sin, tré deontais níos mó tithíochta a íoc agus tré scéim faoiseamh cánach speisialta a chur ar bun iontu. Má chuirtear scéimeanna ar bun nach bhfuil teanga bunaithe tá an baol ann go meallfar breis daoine gan Ghaeilge líofa isteach sna ceantracha seo, rud a lagódh an Ghaeilge sa phobal agus a chuirfeadh leis an mbrú ar an nGaeilge iontu agus a dhéanfadh ceantracha aontheangacha astu sa bhfadthéarma." I bhfocail ghearra: laghdú daonra! Cad a dhéanaimis? |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 113 Registered: 10-2004
| Posted on Tuesday, August 08, 2006 - 03:36 am: | |
Cinnte tá an aire mall - agus tá sé i bhfad níos tapúla ná aon aire roimhe seachas Tom O'Donnell bhféidir. Ach an fhad is atá muid ag feitheamh tá teanga na Gaeltachta ag fáil bháis, diadh ar ndiaidh. Tá brú an Bhéarla, an t-aonteangachas, comh láidir anseo. Is annamh a feictear teach "ar dhíol" ach is "for sale" atá siad. Tá fógraíocht "an Post" i ngach Oifig an Phoist i mBéarla, "Rooms to let", "Punctures mended here!"...7rl Táim cinnte nach bhfaigheadh an Ghaeilge féin bás ach níl mé cinnte faoin nGaeltacht agus níl fhios agam an dtuigeann éinne sa Rialtas, fiú Éamo féin, é sin. Níl fhios againn fiú cad é polasaí an rialtas - nó aon rialtas o bhunú an stáit seo - i leith na Gaeilge nó i leith na Gaeltachta. Is pobal atá ag fáil bháis anseo, poball le ceangal láidir teanga ár sinsear. B'shin an fáth a rinne Seosamh Ó Cuaig an cinneadh a rinne sé i gcúrsaí pleanála - chun pobal a shabháil. Bfhéidir nach é an cinneadh ceart ach bhí sé de mhisneach aige an cinneadh a dhéanamh. Níor fhan sé ar thuairisc coimisiúin éigin! Sin é an rud atá i gceist ag Donncha anseo leis. Pobal na Gaeltachta a cothú. Tá pointe ag Aonghus ag caint faoi "maoláin chosanta" agus is maith é mar smaoineamh ach i láthair na huaire ní maoláin iad ar chor ar bith ach "preabchlár" don Bhéarla. Léiríonn Donncha a chuid smaointe ar an ábhar seo. Rinne Seosamh a chinneadh ar chursaí pleanála. Seans nach bhfuil an ceart acu. Ach má tá muid chun a chuid tuaraimí a ionsaí is ceart dúinn ár fhreagra fhéin a thabhairt. E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 65 Registered: 07-2005
| Posted on Tuesday, August 08, 2006 - 10:56 am: | |
Is páirt den tír an Ghaeltacht nach bhfuil teorainn in a timpeall mar a bhí idir na sé chontae agus an Phoblacht anseo.Tá dífhostaícocht agus ardphraghasanna tithe ag díbirt an aos óg as na Gaeltachtaí.Tá an Ghaeltacht timpeall an Daingin ag laghdú agus an bealach céanna i gCois Fharraige i gConamara.Tá na postanna atá ar fáil sna Gaeltachtaí gearrthéarmach nó ag brath ar thurasóireacht agus tá an pháigh ró-íseal le slí mhaireachtáil a bhaint amach agus teach agus clann a thógál.Cén seans atá ag daoine áitiúla dul i gcoimhlint le TDs nó dlíodóirí nó daoine saibhre le tógál nó ceannacht tithe i n-áiteach bochta iargúlta. Tá tithe samhraidh ag Séamas Brennan agus Ruairí Quinn in aice an Chlocháin in iarthar Chonamara. Tá bailte ar nós Cloch na Rón , Baile Chonaola agus an Clochán féin truaillithe le "tithe Saoire/samhraidh" atá folamh 11 mhí dhéag den bhliain agus nach gcuidíonn leis an pobal ar aon chur.Tá fhios agam nach Gaeltacht an Clochán ach sén scéal céanna é i gceartlár na Gaeltachtaí cuma i gConamara nó i dTír Chonaill.Labhraíon an t-airgead níos airde ná aon ní eile sa tír seo cuma Gaeltacht nó Galltacht. (Message edited by mickrua on August 08, 2006) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3601 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 08, 2006 - 11:24 am: | |
Sin é. Agus níl muid imithe i ngleic a bheag nó a mhór le banú na tuaithe, a thiteann go trom ar an nGaeltacht. Tá ré na niascairí agus feirmeoirí bheaga thart, agus ní haon leigheas beagán "turasóireacht chultúrtha", cé go mbeadh roinnt daoine in ann slí beatha éigin a bhaint amach as sin. Nílim ag maíomh go mba cheart reservation a dhéanamh den nGaeltacht ar mhaithe leis an nGaeilge a chosaint. Caithfear bealaí a aimsiú chun na pobail a chosaint, ach aitheaint gur pobal iad ina bhfuil ardoideachas ag níos mó agus níos mó acu, agus iad i dteideal postanna dá réir. Agus, thar aon rud eile, ní haon mhaith an leigheas a bheith ag teacht ó boiciní ardcathrach, mo dhála fhéin, ná daoine thar baile isteach. (Cé gur maith ann iad - cá mbeimís gan léithéidí Pól Uí Fhoighil agus Padráig Ó hAoláin) Tá sé in am do ghluaiseacht eile, macasamhail cearta sibhialta, ón bpobal thiar! |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, August 08, 2006 - 11:32 am: | |
Tá alt maith ag Conchubhar Ó Liaatháin ar leathanach 5, LÁ inniu (8 Lúnasa )i dtaobh na ceiste. Mise? Scríobh mé freagra fada thuas ach d'imigh sé ar strae, agus níl an tráth agam é a thabhairt i dtoll a chéile arís. Ach ar an mórchóir, tagaim le aonghus is micrua |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3605 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 04:14 am: | |
Tá an t-alt acu ar an mblag: http://ceistmhor.blogspot.com/2006/08/cad-is-gaeltacht-ann-ag-ts-21-aois.html Creidim go bhfuil gá le réimse gaeltachtaí agus scéimeanna, ach polasaí aontaithe a bheith lastiar de. Daoine agus pobail atá i gceist, ní tíreolaíocht. |
|
Eoin
Member Username: Eoin
Post Number: 114 Registered: 10-2004
| Posted on Wednesday, August 09, 2006 - 12:05 pm: | |
Cloisim ar an raidío go dtiteann An Ceathrú Rua le Cois Fhairrge maidir leis an gcoinníoll teanga de. Ní fheicim a lethéad Ghluaiseacht Ceart Sibhialta na Gaeltachta anseo i gConamara go fóill...ach aontaíom le hAongus tá gá leis agus ní ó sean "blow-in" cosúil liom féin.. Ach tá an-chuid daoine atá mí shásta go leor chun vótaí a caitheamh ar daoine mar Seosamh Ó Cuaig agus Trevor ó Clochartaigh....féach ar an méad a bhí thuas ag toghchán UnaG. E Nuacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus Deisceart Mhuigheó http://anghaeltacht.net/ce |
|