Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1420 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 01, 2006 - 12:53 am: | |
Scéilín daoibh ó Mhinnesota: Lá breá earraigh a bhí ann. Bhí Bjorn ag spaisteoireacht sa choill, ag tabhairt sos dó féin ó obair na feirme. Cad a chonaic sé i lár an chosáin, á húnfairt féin sa lábán úr, ná muc mhór! Stop sé os comhair na muice agus dúirt le teann spraoi "Är du svensk?" "Norsk, norsk, norsk," a dúirt an mhuc. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3216 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 01, 2006 - 04:07 am: | |
Go maith! |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 01, 2006 - 10:33 am: | |
Bhal, chuir sin muc ar mhala orm |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1421 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 01, 2006 - 11:12 am: | |
quote:chuir sin muc ar mhala orm Toisc nár thuig tú é, nó toisc nár thaitin sé leat? |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 01, 2006 - 11:23 am: | |
Cáit eile a shoipríodh muc i mo chorp? ;) |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 97 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, June 01, 2006 - 07:43 pm: | |
Nach masla an scéal sin, a Dennis? Mícheart, go polaitiúil in Úsló is Bergen, dar liomsa, agus i Minnesota is i mBallard chomh maith. An bhfaca tú an "Nordic Heritage Museum" i mBallard? Chuaigh mise is m'iníon ansin i Mí Eánair le ceolchoirm iontach a fheiceáil -- "Two Norwegians and a Swede". Fear ó PLU ar an bhfidil is ar an Hardanger, bean atá ina hollamh ag ollscoil ar an bpíanó, agus amhránaí ó Chalifornia. Tharla go rabhamar inár mbeirt b'óige san áit. I ndiaidh na ceolchoirme, thug siad dinnéar maith dúinn, le bia Norsk. Mí ó shin, bhí ceolchoirm eile acu -- ceathairéad tiúba i mbun ceol Danmhargach -- ach ní rabhamar in ann dul cé go raibh suim mhór ann ag m'iníon. Beidh ceolchoirm bhreá acu arís i Mí na Samhna, le Loretta Kelly. Is ceann de na fidléirí is fearr ar an Hardanger i Meiriceá í Loretta. http://www.nordicmuseum.org/index.php?t=events&c=full&e=222 Ach ní thaitin an accordion liomsa de ghnáth. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1425 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 02, 2006 - 12:05 am: | |
quote:Mícheart, go polaitiúil in Úsló is Bergen, dar liomsa, agus i Minnesota is i mBallard chomh maith. Braitheann sé ar an duine a bhfuil tú ag caint leis i mBallard! Ó Shualannach a chuala mé é, ar ndóigh. quote:An bhfaca tú an "Nordic Heritage Museum" i mBallard? Go minic! Bhínn i mo chónaí cúpla sráid uaidh. Is cuimhin liom na pancóga Sualannacha le subh ligonberry a bhíodh acu ar maidin le linn na "Viking Days". Feicim go mbeidh sé ar siúl acu i mbliana Dé Sathairn & Dé Domhnaigh, 8-9 Iúil. Dála an scéil, an teach a bhíodh againn i mBallard, ba leis na Robertsons é roimhe sin, agus tháinig siad ón Iorua lena gclann díreach tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Má tá tuilleadh scéilíní neamhPC uait: http://www.atheistalliance.org/aaw/Norwegians.html |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 395 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, June 02, 2006 - 10:17 am: | |
Faighim crepes agus subh lingonberry orthu ag IHOP (Teach Idirnáisiúnta na bPancóg - bialann) go minic. Is breá liom iad. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 02, 2006 - 10:28 am: | |
Á! Cuirigí uaibh! Tá sibh ag cur athrú ar mo phutóga! Ocras!!!!!!!!!! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1428 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 02, 2006 - 10:41 am: | |
quote:ag cur athrú ar mo phutóga Nó mar a deirtear i Hindi: Mere peT me~ cuhe doRh rahe hai~. Tá francaigh ag rith i mo bholg. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 02, 2006 - 11:06 am: | |
Is minic a shíl mé gur Hiondúis teanga dúchais Stephen King ! ;) |
|