Author |
Message |
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1127 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 28, 2006 - 06:39 pm: | |
(Lorg mé "avoid" san fhoclóir agus tháinig mé ar "téigh taobh anonn de". Bhfuil sin ceart go leor?) Ní rabhas i ngaeltacht choíche riamh, agus ba mhaith liom comhairle a fháil maidir le cén ceann is ceart dom dul chuici, le bhur dtoil. Ní theastaíonn uaim dul go gaeltacht ina labhraítear meascán idir Bhéarla agus Ghaeilge, mar shampla: Bhí mé ag babysiteáil (ag tabhairt aire do phaiste) Tá an bainne sa fridge (sa chuisneoir) B'fhearr liom Gaeilge a labhairt ina haonar. Cé na gaeltachtaí is ceart dom dul taobh anonn díobh mar sin? Agus cé na gaeltachtaí ina labhraítear an Ghaeilge is íne? B'aoibhinn liom mí iomlán a chaitheamh ag labhairt teanga ar bith seachas Gaeilge! Fáilte Roimh Cheartúcháin Correct me for the love of God... I'm a perfectionist! : ) |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1130 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 28, 2006 - 07:54 pm: | |
quote:ag labhairt teanga ar bith seachas Gaeilge Thugas faoi deara anois díreach gurbh fhéidir go gciallíonn sin: speaking any language other than Irish Ba í m'intinn ná seo a leanas a rá: speaking Irish exclusively Fáilte Roimh Cheartúcháin Correct me for the love of God... I'm a perfectionist! : ) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1403 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, May 29, 2006 - 12:06 pm: | |
quote:(Lorg mé "avoid" san fhoclóir agus tháinig mé ar "téigh taobh anonn de". Bhfuil sin ceart go leor?) Nach bhfuil "seachain" níos éasca, agus níos éasca a thuiscint: "rud a sheachaint" ? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3206 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 30, 2006 - 04:15 am: | |
Is fíor dhuit, a Dennis. Sheachnóinn nathanna cosúil le "dul taobh anonn de" muna raibh siad feicthe agam i gcomhthéacs. A FnaB, ní dóigh liom go bhfaigheadh tú áit ar bith nach bhfuil an Béarla in orlaí tríd an Ghaeilge. Cumtar tearmaí do rudaí nua ar bhealaí eagsumhla, ach ó tharla easpa cumarsáide, ní scaiptear na tearmaí nua sin ar phobal na Gaeltachta. Sin ráite, is dócha go mba cheart dul dul chuig áit iargulta - Inis Méain, abair, agus obair le hiascairí nó a léitheidí. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 56 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, May 30, 2006 - 07:28 am: | |
Seo moladh radacach dhuit: abair le muintir na háite gur eachtrannach thú, agus gur fearr do chuid Gaeilge ná do chuid Béarla. Bainim féin úsáid as an chleas sin anois is arís chun comhrá a choimeád ar an Ghaeilge má shonraím fonn ar an duine eile iompú ar an Bhéarla. Agus dar ndóigh, ní bréag iomlán é i mo chás-sa. Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 1372 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, July 15, 2006 - 04:14 am: | |
A Fhir na mBróg, gabh go Toraigh agus cha gcluinneann tú ach Gaeilg, dar liom. Is dóigh liom nach bhfuil mórán áiteach Gaeltachta nach gcluinfeá cupla focal iasachta ón Bhéarla iontu. Ní rabh focal ar bith le "fridge" a ráidht fadó, siocair nach rabh fridge ar bith. Agus má fhoghlaim na cainteoirí é, is ins an scoil nó ins na meáin (teilifís, ráidió) a rinn siad é. Ní rud tábhachtach é "glaine" an fhoclóra. Is é an rud tábhachtach Gaelachas an smaoitithe agus na dóighe a gcuirtear i bhfoclaí é. Is dóigh liom féin go bhfuil Gaeilg níos nádúrtha ag na daoiní nach bhfuil mórán focal nuaidh (cuisneoir, srl) mar sin acu, agus a bhaineas feidhm as foclaí Béarla ina n-áit sin go minic nuair is rud nuaidh atá i gceist. Teisteánfaidh sin nár fhoghlaim siad Gaeilg áit ar bith ach ins a’ Ghaeltacht agus nach bhfuil tionchar scoile nó meán ar bith ar a gcuid Gaeilge (is minic a bíos droch-Ghaeilg ins na scoltacha agus ins na meáin!). Agus thigimse le Michal: abair le muitir na Gaeltachta nach bhfuil mórán Béarla agat, agus má labhrann siad i mBéarla leat, abair leofa nach dtuigeann tú ar úrt siad. Sin an rud a rinn mé féin i dTír Chonaill agus ins an ollscoil a rabh mé, agus cha gcuala mé mórán Béarla. Cibé ar bith, is fíor é a ráidht go bhfuil mo chuid Gaeilge i bhfad níos fearr agus níos cirte ná mo chuid Béarla - ní hí an Béarla mo theangaidh dhúchais. Tír Chonaill abú! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, July 15, 2006 - 03:18 pm: | |
Chuas ar saoire go ceann de na Gaeltachtaí is láidre sa tír uair amháin. Roghnaigh mé teach lóistín as leabhrán a foilsíodh le Gaeilgeoirí a mhealladh chun na háite. As an mBreatain do bhean an tí sin agus í ar tí a saol pósta a chaitheamh san áit sin. Ní raibh Gaeilge ar bith aici. Bhíodh a fear amuigh ag obair feadh an lae. Ní raibh Gaeilge ar bith le cloisteáil ag cuairteoirí sa teach. Bhí lánúin ón Fhrainc ar saoire sa teach freisin áfach agus d'éirigh liomsa roinnt comhrá a dhéanamh leosan sa Fhraincis. Is é fírinne an scéil gur deacair do "strainséirí" Gaeilge bheo a aimsiú in áit ar bith cé go mbíonn daoine á labhairt lena lucht aitheantais féin gach lá. Teanga rúin í ina lán Gaeltachtaí agus í á labhairt ag aoisghrúpaí agus aicmí áirithe. Mholfainn d'Fhear_na_mBróg an bóthar siar ón Daingean a thógáil -- nó siar ón Spidéal -- nó siar ó Anagaire agus ba chóir go gcloisfeadh sé Gaeilge chruinn bhlasta |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 2 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, July 15, 2006 - 03:32 pm: | |
Aguisín leis an méid sin thuas: tá Gaeilge á labhairt ag gach aon aoisghrúpa -- go bhfios dom -- ar na hoileáin bheaga a bhfuil cónaí orthu: Inis Oirr, Inis Meáin, agus Inis Mór .i. Oileáin Árann, Co na Gaillimhe, agus ar Thoraigh i nDún na nGall. Tá spiorad breá Gaelach i gCléire chomh maith agus fostaíonn siad Gaeilgeoirí le freastal ar chuairteoirí. Agus, ar ndóigh, is geall le dhá oileán iad Ceathrú Thaidhg agus an Eachléim i nGaeltacht Mhaigh Eo. Ní bheidh tú i bhfad sna ceantair sin go gcuirfidh tú aithne ar chainteoirí Gaeilge den scoth. |
|
Jamie
Member Username: Jamie
Post Number: 14 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, July 17, 2006 - 06:22 am: | |
Mholfainn duit cuairt a thabhairt ar Ros Muc nó ar Charna. Is ceantair láidre Ghaeltachta iad siúd. Tá Rann na Feirste an-láidir chomh maith agus tá mé cinnte de go mbeadh Domhnall ábalta áit nó dhó a mholadh duit ó dheas. |
|
Páidímacu
Member Username: Páidímacu
Post Number: 1 Registered: 03-2006
| Posted on Wednesday, July 19, 2006 - 07:28 pm: | |
A Fhir na mBróg, a chara, Beatha agus Sláinte. Mar a dúirt Taidhgín chomh maith, mholfainn duit cuairt a thabhairt siar ón Daingean. Ba deacair an rud é Gaelteacht a fháil amach gan roinnt focail Béarla a chloisteáil i measc na habairtí. Cheapfeá nach mbeadh an méid sin Béarla á chloisteáil i gCúige Connacht; ach, cé go bhfuil neart Gaeilgeoirí ann, is minic a chloisfí rudaí ait ar nós "Cá bhfuil mo bhag?" in ionad "mo mhála". Molaim duit Gaelteachtaí na Mumhan a fheicáil. Is ann atá an Gaelainn go coimeádach. Lasmuigh den Daingean, tá Gaelainn álainn i Múscraí in Iarthar Chorcaí ach ní chloisfeá Gaelainn timpeall ort ró mhinic áfach. Tá Gaelteacht beomhar i Rinn Ó gCuanach i bPort Láirge cé go bhfuil sé an-beag. Ba dheas an rud é chomh maith cuairt a thabhairt ar Chléire, oileán álainn ina chloisfeá sean-Ghaelainn lena roinnt focail féin. Go n-éirí leat, Pádraig Mac Uaid. |
|