Author |
Message |
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 206 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 04:54 am: | |
An bhfuil a fhios ag einne faoi an seirbheisi nua astruchan ag cur i bfeidhim le aontas europa. D'Airios fein go bhfuil nios mo na fiche post deanta leis an sceime seo. Cen limistear no ait ba cheart go mbeadh na postanna seo a bheith lonnaithe? brussels, ciarrai, dun na gall no connamara ud? cad a cheapann sibh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3118 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 07:09 am: | |
Bhí fógra i bhFoinse na seachtaine seo. Sa Bhruiséil a bheidh na postanna, mar chuid d'fhoireann aistriúcháin an Aontais. Tá rannóg beag a phléann le Gaeilge ann cheana, ó tharla go raibh na Conarthaí le haistriú. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 207 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 07:39 am: | |
Ceapaim ba cheart go mbeadh an postanna a lonnaithe anseo. An raisun a dheirfainn seo mar cheapfhainn go feadfadh se nios eafactai chun an phoibil na feidhmeannacha mar sin le feiceal ar an talamh i spideal ag labhart an gaelinn le cheile in ionad iad a bheith suil timpeall an bhruiseal an ait nach tugfar einne faoi ndeara siad. Cuirfidh se airdu ar lion na gcainteoiri liofacta ar an talamh da laghad. frc. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 375 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 10:00 am: | |
"Nuair a damhsaíonn tú leis an diabhal, ní athraíonn seiseann, ach tusa," mar a deirtear. |
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 11, 2006 - 11:11 am: | |
Salsa nó Rumba? Tango, b'fhéidir? Ar aon nós samhlaím damhsa éigin Mheiriceá Theas leis. Ní mé an bhfuil cleachtaí le fáil! |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 48 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, May 11, 2006 - 03:57 pm: | |
"An té a íocann an Píobaire, glaoíonn sé an port" agus caithfidh muidne déanamh mar a shocraíonn an "Fathach Mór " (an AE) dúinn. |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 06:37 am: | |
Cá fhágann sin daonlathas le hais deachtóireachta, a mhicrua? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3135 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 07:42 am: | |
Tá an scéal níos casta na sin. Is ag comhairle na nAirí atá an cumhacht sa AE. Iadsan a leagann síos na riailacha. Tá na hAirí úd tofa go daonlathach dar ndóigh. Tá casadh eile sa rud. Is minic in Éirinn an locht á chur ar "an Eoraip" nuair a chuirtear dlí i feidhm ag maorlathas anseo. Bíonn riaileacha na hEorpa sách leathan, ach tá claonadh ag ranna eagsumhla in Éirinn iad a chuir sa dlí Éireannach ar bhealach cúng a fhagann nach mbeidh mórán oibre acu fhéin leo. Tá sé breá furaist ansin an milléan a chuir ar "An Eoraip". |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 08:31 am: | |
Is fearr réiteach a lorg ná dul faoi chasachtaí. Dar ndóigh beidh stadas ar leith ag an nGaeilge nach bhfuil ag na fiche teanga eile .i. ní bheifear ag cur Gaeilge ar gach rud. Mar sin, beidh an stadas seo ag treabhadh a iomaire féin. Ní gá na rialacha chéanna a imirt ar na haistritheoirí seo agus lucht na dteangacha eile. Le cumarsáid idirlín, teileachumarsáid, 7rl., is dual réitigh nua seachas na seanchinn. Bímis oscailte don 21ú aois, do smaointe nua agsu réiteach a fhóinfeadh na cúinse is an lucht teanga. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3137 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 09:52 am: | |
quote:Dar ndóigh beidh stadas ar leith ag an nGaeilge nach bhfuil ag na fiche teanga eile .i. ní bheifear ag cur Gaeilge ar gach rud Go fóill. Agus is ionann don Mhaltais. |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 11:46 am: | |
Shíl mé go raibh stadas níos "aoirde" ag an Mháltais! Nach bhfuil? |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 12:09 pm: | |
An lánúin sibh a Fh irn agus a Fhirn? |
|
Fea rn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 12:15 pm: | |
Nach tú atá fiosrach, a sheosaimh? |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 01:04 pm: | |
Is spéisiúil sibh/tú. Braithim gur beirt tú ar dhá ríomhaire ag amanna éagsúla ach gur ar aon ríomhaire amháin sibh an chuid is mó den am. Baineann sibh spraoi as a bheith ag trácht ar an gcuid eile againn déarfainn. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 381 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 02:08 pm: | |
Dá mbeadh sibh (go léir) cláraithe, ní bheadh amhras faoi éinne... |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 02:26 pm: | |
Bhí an-sliocht leagtha amach agam leathmheandar ó shin agus chailleas le míchúram méarcháir é. Comhartha gur cheart dom éirí as agus aghaidh a thabhairt ar an teach! Cláród am éigin. Rinneas iarracht am amháin i bhfad siar ach chúbas as mar gheall ar Bhéarla a bhí romham ann. Bhí mo shá Béarla faighte agam an lá sin abhus. Rud éigin a bhain leis an Léann Éireannach nó an tIarchóilíneachas nó eile. Ní gá ceachtar díobh a chíoradh mar cheist i nGaeilge. Nílid ansin, dar liom. |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, May 15, 2006 - 06:22 am: | |
"Is spéisiúil sibh/tú. Braithim gur beirt tú ar dhá ríomhaire ag amanna éagsúla ach gur ar aon ríomhaire amháin sibh an chuid is mó den am. Baineann sibh spraoi as a bheith ag trácht ar an gcuid eile againn déarfainn." Mar a dhéarfadh Searlac Mac Thomáis: Tá an cás dá chois! |
|