Author |
Message |
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 96 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 08:45 am: | |
Éilím Árd Ríocht na hÉireann mar Éireannach atá i leith é. Ach má tá daoine eile de'n bharúil go bhfuil sé nios fearr na mé, mar Árd Rí, tá mé toilteanach an cheist a phle leis. Seán Mac Eachaidh Árd Rí na hÉireann Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 371 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 09:47 am: | |
Bhí duine ann sa naoú aois déag i gCalifornia darbh ainm an tImpire Norton. Níor gaol dom é, go bhfios dom... http://www.zpub.com/sf/history/nort.html |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 40 Registered: 03-2006
| Posted on Tuesday, May 02, 2006 - 10:17 am: | |
Thabharfainn dhuit comhairle gan bualadh liomsa, A Sheáin. Ní ríogaí mise ar chor ar bith agus ní aontaím ach oiread leis an gcórás sin. Feic ar na Sasanaigh agus an dream atá mar Chlann Ríoga acu. Ní bheinn sásta riamh cur suas leo. Cinnte, tá an-job á dhéanamh ag an Ríon Eibhlís, ach na baill eile den gclann.... is leadránaithe iad uile, agus iad á soláthrú dóibh féin as an sparán poiblí. Bí cinnte, cé comh oiriúnach is a bhéas tú mar rí, ní bhfaigheadh tusa ná do chlann pingin uaimse.... Ach dá mbeadh Diúcacht san áireamh..... b'fhéidir go mbeadh malairt intinne orm! :-) |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 04, 2006 - 08:57 am: | |
A Sheáin, nach gá leat bheith i do rí cheana roimh éileamh na hardríochta? |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 97 Registered: 11-2005
| Posted on Thursday, May 04, 2006 - 04:21 pm: | |
Ní doigh liom gur gá. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 05, 2006 - 12:06 pm: | |
Muise cad é a deir an Seanchas Mór agus an Féineachas i leith d'éilimh? |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 98 Registered: 11-2005
| Posted on Saturday, May 06, 2006 - 09:18 am: | |
Abair túsa linn, le do thoil. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 99 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, May 07, 2006 - 11:25 am: | |
"Feic ar na Sasanaigh agus an dream atá mar Chlann Ríoga acu. Ní bheinn sásta riamh cur suas leo." Tá deifir mór idir coincheap Ard Ríocht na hÉirean agus coincheap Ríocht na Breatáine. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 100 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, May 07, 2006 - 11:33 am: | |
"Bí cinnte, cé comh oiriúnach is a bhéas tú mar rí, ní bhfaigheadh tusa ná do chlann pingin uaimse.... " Bí cinte túsa, fosta, nach bhfuil mise nó mo theaghlach ag lorg pingin, nó airgead ar bith eile, uaitse. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 48 Registered: 03-2006
| Posted on Sunday, May 07, 2006 - 01:46 pm: | |
Ní fios dom an saibhir nó bocht sibh. Ní thagann sin san áireamh (Dála an scéal, tá súil agam go bhfuil bhur lán dóthain agaibh.). Ach mo bhrón, tá sé de nós ag ríochas cáineacha a ghearadh dóibh féin ar dhaoine eile, agus ar drochchúiteamh, dar liom. Sin an tairiscint a bhí á phlé agam. Ach samhlaigh: an Diúc Pangur a hAon! Ba breá é sin mar theideal uaisleachta, nach gceapann tú. :-) Agus bheadh sé go h-áisiúil anseo sa bhFrainc comh maith, áit a bhfuil fós an-dúil acu san uaisleacht, d'ainneoin na Réabhlóide. Feicim, áfach, nach bhfuil diúcacht i gceist dhom. :-( Agus gan diúcacht (ar a laghad) ní féidir liom aon tacaíocht a thabhairt duit pé coincheap de ríochas a bhéas agat. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, May 08, 2006 - 07:59 am: | |
"Abair túsa linn, le do thoil." A Sheáin, ní ligfinn ardríocht na hÉireann le ainm ardrí nár lig seandlíthe na hÉireann ina aice. Féach le bob a bhuaileadh ar dhream eile, le do thoil. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 101 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, May 08, 2006 - 04:35 pm: | |
"Abair túsa linn, le do thoil." Tá mé ag fanach fós Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 102 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, May 08, 2006 - 04:50 pm: | |
Oifig Ard Ríocht na hÉireann Fógra 2. Fógraim, Seán Mac Eachaidh, Ardrí na hÉirean, go bfhuil ríchathaoireacha Uladh, Mumhain, Laighean agus Connacht folamh. Duine ar bith is mian leo iad a eileamh, déan ceangal liom comh luath agus is feidir sin. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 103 Registered: 11-2005
| Posted on Monday, May 08, 2006 - 04:56 pm: | |
"Agus gan diúcacht (ar a laghad) ní féidir liom aon tacaíocht a thabhairt duit pé coincheap de ríochas a bhéas agat." Abair liom cá tígidh a mbeadh aon post faoi an t-Ard Ríocht tuillte agat. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Pangur_dubh
Member Username: Pangur_dubh
Post Number: 49 Registered: 03-2006
| Posted on Monday, May 08, 2006 - 06:39 pm: | |
Ceist mhaith! Agus caithfidh mé a admháil nach mbeadh diúcacht tuilte agam in aon chor. Níl ach saint um dhíriú, agus is maith liom freisin fuaim an teidil ar thracht mé air cheana - Pangur Dubh a hAon! Cé comh ard nósach is atá mé ag éirigh! Ach fainic, d'fhéadfainn an cheist sin a iompú ortsa i dtaobh an Ard Ríochais! :-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3112 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 09, 2006 - 06:48 am: | |
Ar bhuair an lia fáil dhuit, a Shéain? Murach sin, ní dlítear duit géillsine uaimse. Táimse fós géillsineach do Bhunreacht Dev. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, May 09, 2006 - 08:40 am: | |
Tuigtear dom nach Ardríocht na hÉireann, nó Ard-Ríocht na hÉireann, atá i gceist ag Seán ach 'Ard Ríocht na hÉireann'. Tá sé ag cleachtadh an lagiolra stairiúil ar nós 'comhar na gcomharsan'. Is é sin, go bhfuil Co. Chiarraí agus a chomhríochtaí a bhfuil talamh ard iontu i gceist aige. Beidh muintir na Máighe Móire Láir saor agus muintir Mhachaire Méith na Mumhan saor chomh maith leo. Is dóigh go mbeidh an Achréidh saor freisin tharla nach bhfuil ann ach Achadh+réidh; níl aon ard ansin ach an oiread. Na hAirde Ó Thuaidh, is eagal liom go mbeid sin faoina ghéarsmacht ag Rí Ard Ríocht na hÉireann. Beidh Árainn saor mar go ndealaíd siúd Éirinn is Árainn lena chéile. Is spéisiúil le ríomh a mbeidh saor agus a mbeidh faoi ghéillsine aige. Is eagal liom a Sheáin faoi cheantair ascaillghleanna in uachtar na Bréifne Thiar, a bhain le mo mhuintir féin Clann Mhuireadhaigh Uí Ruairc, ceantair nár lonnaigh solas na gréine ná bréagbhéasaí Ghaill ná Ghaeil iontu ón gcéadlá a chéadshnigh an chéad seilmide as an gcéadsliogán, caithfear na ceantair ascaillghleanna súd a shaorú ar do ghéillsine chomh maith, tharla nach bhfaighfidh neach beo spléachadh isló, maoscal maidine, ná splancadh istoíche iontu go dté an ghrian tuaifeal ar an aer. Na huaisle amháin a bhíos sna ríochtaí dorcha duilliúracha údan! A chruthú ar an méid sin, aitheasc an fhile Bhéarla, Aileannthaim: Op daoi aeraí mabhnton, dabhn de roisí gloin, bhaoi daoroint gó abhácnn fair fíor oloiteal mein. Bhaoi fóbhac, trua fóbhac, trúpann áltóg eadar, .... Gabh mo leithscéal a thaoibh na Gaeilge amháin! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3113 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 09, 2006 - 09:02 am: | |
Cá bhfuil mo "Grian ceap" agus "Bhaidht abhalls feder", anois. Ní eagal dúinne gael nach ngéilleann ach an spéir titim orainn, mar a dúirt an té a dúirt. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, May 09, 2006 - 10:17 am: | |
An ceart agat a Aonghuis, bhriseas tríd na línte sin i dtaobh 'cleite an ulchabháin bháin' srl., ach níor roinneas aon fhilíocht uasal mar san ag feis ardáin ná ísleáin ó am na 'toiddaí boidhss' agus Oilbhis Mhic Phrioslaí. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 372 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 09, 2006 - 10:35 am: | |
Beidh Árainn saor agus arán saor, is dócha. Agus sorchais. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, May 09, 2006 - 02:21 pm: | |
B'fhéidir é ach gan iompar an aráin isteach go hÁrainn a bheith saor ó árachas, tharla a bheith i bhfarraige na hÉireann. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 373 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, May 09, 2006 - 03:28 pm: | |
Ara, a dhuine. Bord Arán na hÉireann, sin an rannóg ceart, déarfainn. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3116 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 04:09 am: | |
Má bhíonn tú in Eirinn, Bí in Árainn. Má bhíonn tú in Árainn, Bí in Eochaill. Agus bíodh arán na beatha agat, nó ná bíodh. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 04:33 am: | |
Is deas an nath sin a Aonghuis, rud nár rith liom. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3117 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 07:06 am: | |
Ní cuimhin liom go baileach cá bhfuaireas é. Ach bhíos in Eochaill Árainne tráth. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 376 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 10:02 am: | |
Bord Fáilte Eochaille? |
|
F earn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 01:24 pm: | |
"Oifig Ard Ríocht na hÉireann Fógra 2. Fógraim, Seán Mac Eachaidh, Ardrí na hÉirean, go bfhuil ríchathaoireacha Uladh, Mumhain, Laighean agus Connacht folamh. Duine ar bith is mian leo iad a eileamh, déan ceangal liom comh luath agus is feidir sin." Cuirim suas díot, a Sheáin. Ní léir dom go bhfuil an meas agat ar an saol gaelach mar is cuí is is ceart. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 377 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 10, 2006 - 02:35 pm: | |
Tá ríocht an chúigiú Cúige ag teastáil uaimse. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3124 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 11, 2006 - 04:11 am: | |
Bíodh an Mhí agus an tIarmhí agat mar sin. (Sin é an cúigiú cúige ó cheart). Ach de réir teoiric Sheosaimh, níl forlámhas an Árd Rí orthu, talamh méith atá iontu! |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 104 Registered: 11-2005
| Posted on Thursday, May 11, 2006 - 10:44 am: | |
"Tá ríocht an chúigiú Cúige ag teastáil uaimse." Ar mhaith leat bheith i do Ard Rí ? Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 105 Registered: 11-2005
| Posted on Thursday, May 11, 2006 - 11:03 am: | |
"Ar bhuair an lia fáil dhuit, a Shéain? Murach sin, ní dlítear duit géillsine uaimse. " An bhuair Ard Rí Brian Boru nó Ard Rí Ruairi Ó Conchobhair é? "Táimse fós géillsineach do Bhunreacht Dev." Tá difríocht idir an Bhunreacht sin agus an cheann atá in usaid inniu. Cibe ar bith, beidh gá le cheann úr súl is feidir an Ard Ríocht á cuir i feidhim aris. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Fearn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, May 11, 2006 - 11:46 am: | |
Is dóigh liom nach ann don ardrí muna raibh sé ina ísilrí cheana. Go bhfios dom tá rí ar Thoraí, agus seans go bhfuil rí fós ar Oileán Mór na mBlaisceodaí, más ar deoraíocht in Éirinn é. Anois, tuigim gur oileán ar leith Éire i bhfarradh na noileán eile, ach is dóigh liom go bhfuil tús ardríochta ag an rithe seo ar ainm rídhamhna eile. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 378 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, May 11, 2006 - 01:55 pm: | |
Scríobh Seán: "Ar mhaith leat bheith i do Ard Rí ?" Níor mhaith. Is tír do-rialta í. :-) (Message edited by Séamas_Ó_neachtain on May 11, 2006) |
|
Seán Mac Eachaidh (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 12:27 pm: | |
Fiú amhain má glachan muinntir na hÉireann leis? "Is dóigh liom nach ann don ardrí muna raibh sé ina ísilrí cheana. " |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 380 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, May 12, 2006 - 02:01 pm: | |
Ní thréigfinn mo thírse féin, a chara. Agus ní bheinn i mo rí áit ar bith - ach amháin ar an idirlíon... Ghlacfaí le Rí Shasana sula nglacfaí liomsa, mar sin féin! (tír dho-rialta, dar ndóigh...) |
|
Fear n (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, May 15, 2006 - 06:17 am: | |
"Fiú amhain má glachan muinntir na hÉireann leis? " Molaim duit an Seanchas Mór is an Féineachas a léamh, nó spléachadh éigin d'fháil ar na hardrithe a bhí suas. Nó an ea go bhfuil tú i bhfách choincheap nua faoi seanainm? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 506 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, May 16, 2006 - 04:05 pm: | |
Bhí cúig chúige in Eirinn i rith ré na rí Oooooh uaim agam ansin! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 382 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, May 17, 2006 - 10:04 am: | |
I rith ré na ríthe, radht? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 510 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, May 18, 2006 - 11:48 am: | |
goa! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 02, 2006 - 01:55 pm: | |
"Fiú amhain má glachan muinntir na hÉireann leis? " A Sheáin, ní raibh ardrithe agus daonlathas mór le chéile riamh |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 107 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, August 20, 2006 - 03:18 pm: | |
"Tá an meid is feidir le Ard Ríocht na hÉireann a dhéanamh ar son muintir na hÉireann, a dtuilleamaí ar an meid tacaíocht atá muintir na hÉireann toilteanach a thabhairt do Ard Ríocht na hÉireann." Ard Rí Seán (Sealadach) Seán Mac Eochaidh Ard Rí na hÉireann (Sealadach) Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 79 Registered: 08-2006
| Posted on Wednesday, September 20, 2006 - 10:46 am: | |
Aon scéal ón ArdRíocht, a sheáin? |
|
seosamh mac ailín (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, September 23, 2006 - 03:08 pm: | |
a shéain a chara, is misé dó chara dílis as an mhaidín caife agus sílim féin go bhfuil an cheart agat, mar is tusá an fear is fearr leis an cóirin sin a, caithead, dó chara, seosamh slan agus beannacht. |
|
Fe_arn
Member Username: Fe_arn
Post Number: 84 Registered: 08-2006
| Posted on Monday, September 25, 2006 - 10:03 am: | |
Bhal, a sheáin, tá géillsineach agat cheana |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 108 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, October 10, 2006 - 04:40 pm: | |
"a shéain a chara, is misé dó chara dílis as an mhaidín caife agus sílim féin go bhfuil an cheart agat, mar is tusá an fear is fearr leis an cóirin sin a, caithead, dó chara, seosamh slan agus beannacht" A Sheosaimh, a chara, Ní fhaca mé do theactaireacht go dtí 10ú Deireadh Fóghair. Bhí athas mór orm é a leigheadh fosta! Caithfidh mé bheidh curamach ó annseo amac, is doigh liom (GM) Seán Mac Eochaidh Ard Rí na hÉireann (Sealadach) Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com/irishhighkingship |
|