Author |
Message |
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 36 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, March 30, 2006 - 10:08 am: | |
De réir an Choimisinéir teanga agus an tuairisc atá curtha aige ós comhair an Rialtais , níl ach 3% de líon an fhoireann atá ag obair san Roinn Oideachais inann a ngnó a dhéanamh tré Ghaeilge.Is cosúil go bhfuil an Rialtas ag tabhairt an chluasbhodhar don teanga agus tá an Roinn Airgeadas ag coinneál greim láidir ar smacht chaiteachas ar an nGaeilge. "An Páirtí Poblachtach" más fíor dóibh féin FF ach táim in amhras gurbh iad SF na Fíor Phoblachtánaigh atá againn anois ó thaobh na teanga de ar aon chor. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 30, 2006 - 10:13 am: | |
Is fiú. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, March 30, 2006 - 11:13 am: | |
Ní fiú an cheist a chur. Níl sa méid sin ag an gcoimisinéir ach tús an chatha. Beidh bairéid ar iarraidh go fóill faoi obair na Gaeilge. Beidh na blianta beaga amach romhainn an-spéisiúil. Maidir le dreamanna polaitíochta agus an Ghaeilg, is léir nach bhfuil aon pháirtí ag seasamh leis an nGaeilg. Is gluaiseachtaí Béarla iad ar fad. Reachtálaid cruinnithe agus Ard-Fheiseanna i mBéarla le cúpla ceist i nGaeilg. Sa Ghaeltacht féin, reachtálaid amhlaidh iad. Tiocfaidh duine as BÁC nó as Béal Feirste le caint leo agus iompóidh siad go léir ar an mBéarla. Ná cuir muinín i gclaíomh briste, FF, FG, SF ná in aon cheann eile díobh. Séard atá ann, duine thall is abhus i measc gach aon dream acu a thuigeas an scéal agus a chuideos leis an teanga mar gheall ar sin. Tá sé róluath páirtí Gaeilge a thosú. Deich mbliain eile, b'fhéidir, nuair a bheas na Gaeil Óga forbraithe níos forleithne ar fud na tíre. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 356 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, March 30, 2006 - 01:37 pm: | |
"Beidh bairéid ar iarraidh go fóill" Ní thuigim an meafar seo, a Sheosaimh. |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 31, 2006 - 08:37 am: | |
Bhfuil réitigh ag éinne, ag léibhéil an gheamhair, mar a scríobhfadh Seán Ó Ríordáin? |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 31, 2006 - 08:45 am: | |
'There'll be hell to pay' a Shéamais; 'there'll be a wild scene'. Tá 'there'll be wigs on the green' ag Ó Dónaill. Bhiodh sé ag múinteoir dár gcuid i bhfad fadó. Tá sé beo bríomhar i gcónaí bail ó Dhia air. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 31, 2006 - 08:46 am: | |
'í' ar lár thuas. Bhíodh. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 357 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, March 31, 2006 - 09:18 am: | |
GRMA a Sheosaimh. Tuigim anois! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, April 12, 2006 - 06:20 am: | |
Ba mhaith liom mo chuid gaeilge a chur i bhfeahas. Is feidir libh an email seo a usaid ma's feidir libh. Taim ag lorg cupla daoine chun i a chleachtadh. Go raibh maith agaibh le meas Peadar . |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1258 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, April 12, 2006 - 09:59 am: | |
Fáilte romhat, a Pheadair! Is féidir leat feidhm a bhaint as do chuid Gaeilge linn anseo. Feicim go bhfuil tú i do chónaí sa Phoblacht Sheiceach, ach deir do shloinne nach Seiceach thú féin. An bhfuil cónaí ort ansin le fada? (Tá beagán eolais ormsa i mo phrofile ar an suíomh seo.) (Message edited by dennis on April 12, 2006) |
|