Author |
Message |
Seánó (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 08:41 am: | |
Deirtear go bhfuil seacht gcinéal Gaeilge le fáil ar an Ghréasán: 1/An Ghaeilge í féin 2/Béarlagair 3/Béarlachas 4/Gall-Ghaeilge 5/Gaeilge na Muc 6/Gliogaireacht 7/Gaeilge 'Mheiriceánach' nó Gaeilge na Meiriceánach An dtiocfadh linn an scéal seo a shuaitheadh? |
|
Fe arn (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 09:04 am: | |
Ní thiocfadh liom! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 347 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, March 27, 2006 - 10:54 am: | |
Gaeilge na saoithíní Gaeilge a bhíonn níos fearr ná do chuidse Gaeilge mhaslach mhíbhéasach choitianta na bien pensé.... |
|
Ciarán_mór
Member Username: Ciarán_mór
Post Number: 3 Registered: 10-2005
| Posted on Wednesday, March 29, 2006 - 04:29 am: | |
Bíodh múineadh ort, a Shéamais!! En voilà une façon de se tenir!! Pourquoi est-ce que tu te sers du français dans tes réponses? Les mots ' bien pensé' ne sont pas d'origine gaélique. Ná bain úsáid as focail na Fraincise! |
|
Gearóid (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 29, 2006 - 05:44 am: | |
Is é mo bharúil go bhfuil craiceann na fírinne ar an teachtaireacht thuas 'Seacht gcineál Gaeilge'. Tá barraíocht daoine ann nach bhfuil Gaeilge mhaith acu ar an idirlíon. Ba cheart dúinn an cheist seo a thabhairt i gceist agus ba cheart go mbeadh díospóireacht shibhialta mhúinte againn fúithi. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 352 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, March 29, 2006 - 09:48 am: | |
Ceapaim féin nach raibh ann ach iarracht chun dímheas a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge i Meiriceá. Ach je ne sais pas. Má ba dháiríre é, b'amaideach é. Ní ionann Gaeilge gach duine anseo ná in Éirinn, agus tá níos mó daoine le drochGhaeilge in Éirinn ná atá ar an idirlíon. Mais j'ai ennui. |
|
Seosamh Mac Muirí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, March 29, 2006 - 10:32 am: | |
>> Ceapaim féin nach raibh ann ach iarracht chun dímheas a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge i Meiriceá. - Mheasas féin an rud céanna. Tá an chosúlacht san air. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1207 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, March 29, 2006 - 11:15 am: | |
quote:Gaeilge mhaslach mhíbhéasach choitianta na bien pensé.... "Bien pensant" na focail atá uait, a Shéamais: bien pensant qui pense conformément à l'ordre établi B'fhéidir go bhfuil leagan dúchasach de sin againn? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 353 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, March 29, 2006 - 11:27 am: | |
Sea, bhí a fhios sin agam a Dennis. Tar éis an bhirt a thuigtear (agus níor cheap mé gurb fhiú é a cheartú i dteachtaireacht nua, nuair a bhí an t-am thart chun an chéad cheann a cheartú). Tá an leagan seo de ar fáil ar an idirlíon, agus dar ndóigh, níl aon drochFhraincis ar an idirlíon. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1208 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, March 29, 2006 - 12:10 pm: | |
Deir mo MicroRobert gur féidir "mal pensant" a rá freisin, cé nach bhfuil sé chomh coitianta sin. Conas a déarfá "subversive" (mar ainmfhocal) i nGaeilge? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 354 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, March 29, 2006 - 01:18 pm: | |
Treascróir, is dócha. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 1210 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, March 30, 2006 - 10:46 am: | |
B'fhéidir go bhfuil mé ar strae anseo, ach samhlaím caolchúis, nó uisce faoi thalamh, le subversion: focail seachas buamaí. Ach tá an lámh in uachtar ag an lámh láidir sa bhriathar "treascair". Na samplaí seo ó FGB: treascróir laoch / mart / tithe = vanquisher of heroes, feller of oxen, demolisher of houses. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 355 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, March 30, 2006 - 10:53 am: | |
Bhuel, san fhoclóir póca (scoile), tá 'treascrach' agus 'suaiteach' ar an aidiacht. Suaiteoir, más fearr leat, mar sin. Ach nílim cinnte go bhfuil an ceann sin mioscaiseach go leor. |
|