Author |
Message |
Sinéad Nic Gearailt (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, February 19, 2006 - 09:03 pm: | |
A chairde, Is iníon léinn mé atá ag iarraigh níos mó taithí a fháil den teanga roimh a tosnaím an ollscoil san Fhomhar. Agus táim ag iarraigh é sin a dhéanamh i mBÁC, ag tosnú go luath. An féidir libh aon saghas oibre nó post (trí mheán Gaeilge) in aon eagraíocht a chomhairligh do bhean óg díochasach a dhéanamh sa chathair? Bheadh mé an-bhuíoch de aon chabhair nó comhairle a féidir libh a thabhairt dom. Go raibh míle maith agaibh. Sinéad Nic Gearailt. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 3002 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 20, 2006 - 09:02 am: | |
Ar mhaith leat bheith i'd fhreastalaí i gCaife Úna? Táim cinnte go mbeadh obair aici duit. http://www.caifeuna.com Nó siopa leabhair an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair. |
|
Sinéad Nic Gearailt (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 20, 2006 - 10:14 am: | |
Go raibh maith agat a Aonghus, an fear atáimid ag brath ar an t-am ar fad. :) An bhfuil aon smaointí ag éinne eile? |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, February 24, 2006 - 05:55 pm: | |
Arás Chrónáin i gCluain Dolcán nó Gaelcultúr Teampaill an Barra? |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 137 Registered: 12-2004
| Posted on Saturday, February 25, 2006 - 03:33 am: | |
duine taobh thiar den bheár á lorg go fóill, sílim le cúpla oíche i gclub an chonartha 6 sráid fhearchair |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 1039 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, February 25, 2006 - 09:38 am: | |
Bhí mé in Áras Chrónáin cúpla am... aít dheas í, ach is oth liom a rá gur béagan Gaeilge a chloistear. Níl Gaeilge ag roinnt de na daoine a oibríonn thaobh thiar den bharra. Fáilte Roimh Cheartúcháin Correct me for the love of God... I'm a perfectionist! : ) |
|
Seán Ó hAdhmaill (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, March 03, 2006 - 12:21 pm: | |
Bíonn go leor obair dheonach a dhéanamh ag Na Gaeil Óga má tá spéis agat imeachtaí shóisialta, turais agus feachtais a eagrú le Gaeilgeoirí agus tacadóirí an Ghaeilge? |
|
Donnchadh
Member Username: Donnchadh
Post Number: 1 Registered: 03-2006
| Posted on Saturday, March 04, 2006 - 08:37 am: | |
Is mac léinn 3ú leibhéal mé agus taim ag iarradh obair dheonach de thrí mhí sa Ghaeltacht ó Mheitheamh go Mean Fómhair. Níl Gaeilge líofa agam ach táim ag iarradh an scéal a chur ina cheart.Aon tuairim ag aon duine amuigh ansin? |
|