Fiacc (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, February 14, 2006 - 06:15 pm: | |
Fuair mé an t-amhrán seo sa ríomh-phost mar cheiliúradh ar an lá atá ann. B'fhéidir go mbeidh spéis agaibh ann: Tá Mé 'Mo Shuí Tá mé 'mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir, 'Cur tine síos gan scíth 's á fadú go géar; Tá bunadh an tí 'na luí is tá mise liom féin; Tá na coiligh ag glaoch 's tá an tír 'na gcodladh ach mé. A sheacht m-anam déag do bhéal, do mhala 's do ghrua, Do shúil ghorm ghlé fár thréig mé aiteas is suairc'; Le cumha i do dhéidh ní léir dom an bealach a shiúl, 'S a chara mo chléibh, tá na sléibhte idir mé agus tú. Deirid lucht léinn gur cloíte an galar an grá; Char admhaigh mé é go raibh sé i ndiaidh mo chroí 'stigh a chrá; Aicíd ró-ghéar - faraor nár sheachnaigh mé í ! 'S go gcuireann sí arraing is céad go géar trí cheartlár mo chroí. Casadh bean sí dom thíos ag lag Bhéal an Áth', 'S d'fhiafraigh mé di an scaoilfeadh glas ar bith grá; Dúirt sí os íseal i mbriathra soineanta sámh' - Nuair a théann sé fán chroí cha scaoiltear as é go brách. (Ón mbéaloideas) |