Suantrai
Member Username: Suantrai
Post Number: 2 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 05:29 am: | |
Aon chuidiú amuigh ansin leis na habairtí thíos...? Cad é an Ghaeilge a chuirfeá ar an mhéid thíos: “…others were forced to stay in small apartments owned by their employers and pay high rents.” Cuireadh ar roinnt eile fanacht in arásáin bheaga ar leo a gcuid fostaitheoirí agus cíosanna arda a íoc. ?? “A spokesman for the opposition said that the findings of this report were shocking but of little surprise given the Government’s response to the refugee crisis” “Dúirt urlabhraí an fhreasúra go raibh torthaí na tuairisce scanallach ach…. Bheadh aon chomhairle go mór ina chuidiú. |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 28 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 05:43 am: | |
M'iarracht féin: "...cuireadh iallach ar roinnt eile fanacht in árasáin bheaga de chuid a bhfostóirí agus cíosanna arda a íoc." "Dúirt urlabhraí an fhreasúra go raibh torthaí na tuairisce scanallach ach gur beag nua a bhí iontu, agus freagra an Rialtais do ghéarchéim na ndídeanaithe chomh lag is atá." Is mise, Michal Boleslav Mechura |