Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 21 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, January 26, 2006 - 05:20 am: | |
Seo chugaibh ceist ghramadaí atá do mo chrá. Cé acu is cirte: (A) níos mó fear ná ban (B) níos mó fear ná mná Sa dá cheann tá fir sa tuiseal ginideach ar lorg níos mó, ach céard faoi na mná? Ar cheart iad a chur sa tuiseal ginideach freisin (A), nó an bhfuil tionchar an míos mó sin teoranta do na fir (B)? Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2878 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 26, 2006 - 07:36 am: | |
Tá cosc orthu araon faoin dlí comhionnais! (Níl fhios agam, ní thig liom faoiseamh a thabhairt duit - ach is dóigh liom (A)) |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 960 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 26, 2006 - 08:56 am: | |
Bhainfinnse úsáid as "níos mó fear ná ban". Similarly: Cheannaigh sé níos mó bróg ná sceallóg! Dá n-úsáidfí "bróg", agus ansin "sceallóga", bheadh sé ait dar liom -- ach téann "bróg" agus "sceallóg" go maith le chéile. Sampla eile ina gcoimeádfainn an ginideach: Ceannaíodh é ar son na bhfear agus na mban. Fáilte Roimh Cheartúcháin |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 22 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, January 26, 2006 - 09:53 am: | |
An fáth a bhfuil sé seo ina cheist nó gur casadh duine orm le déanaí a mhaígh gur cirte B ná A agus an chúis a bhí aige ná go mbaineann níos mó leis na fir amháin, ní bhaineann sé leis na mná. Bhí níos mó de fir ann, ní de mhná. Dá bhrí sin, dar leis, níl níos mó ina cháilitheoir ar na mná agus, dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh na mná sa tuiseal ginideach. Cé go dtuigim don loighic, bhí mé in amhras faoi. Faightear an patrún céanna i mo theanga dhúchais féin, an tSeicis, agus sa teanga sin leanann an tuiseal ginideach ar aghaidh i ndiaidh ná i gcónaí: víc muů ne en, is é en an tuiseal ginideach de eny, mná. Más fíor go gcloiseann A níos nádúrtha daoibh, bhí an ceart agam agus an freagra atá ar an chonspóid ar fad ná nach ionann gramadach agus loighic i gcónaí. Is mise, Michal Boleslav Mechura |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 272 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, January 26, 2006 - 03:47 pm: | |
Tá an dá leagan ann ar an idirlíon: http://www.google.com/search?hl=ga&q=%22n%C3%ADos+m%C3%B3+fear%22 Sílim go bhfuil an bua ag A, ach ní fheadair ca'na thaobh! Molaim duit é seo a chur faoi bhráid na ndaoine ag www.acmhainn.ie. (Message edited by séamas_Ó_neachtain on January 26, 2006) |
|
An Dub (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, January 26, 2006 - 05:02 pm: | |
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2883 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 27, 2006 - 05:44 am: | |
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 273 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, January 27, 2006 - 09:06 am: | |
Ní fhaca mé googlefight roimhe seo. Tá sé fionnuar. |
|
Duine (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, January 27, 2006 - 11:44 am: | |
Tá an rud sin ar fheabhas! D'fhéadfadh sé a bheith mar áis ghramadaí den scoth. Tá sé cosúil le 'Ask the Audience' ar 'Who Wants to be a Millionaire'. |
|
Duine (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, January 27, 2006 - 11:46 am: | |
Dála an scéil a chairde, tosaigí achrann idir "Tá mé fear" agus "Is fear mé". Is suimiúil an toradh é. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2884 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 27, 2006 - 01:16 pm: | |
|
|