mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) » Cleas an leasa « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, January 24, 2006 - 10:34 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá mé ag iarraidh frása i mBéarla a chiallaíonn ‘cleas an leasa’ Nil freagra ar an General Discussion Board fós agus tá freagra uaim más féidir. Grmt Domhnall, ar aon nós.

Ins an amhrán 'Róisín Dubh' tá an líne,
‘Is dhéanfainn cleas an leasa le mo Róisín Dubh.’
I mBéarla tá an leagan, ‘And behind the liss would lie embracing my little Dark Rose’ air. An bhfuil bealach níos fearr é seo a aistriú?

Ceapaim go dtuigim céard a chiallaíonn ‘cleas an leasa’ ach tá mé ag iarraidh frása oiriúnach i mBéarla le bhúr dtoil, más féidir. Fáilte roimh bhúr dtuairimí ,
'maith agaibh.
C

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 887
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 12:58 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tugann sin teideal an tsean-scannáin Splendor in the Grass chun cuimhne! Ach cogar, an bhfuil aistriúchán a rachadh le nótaí an amhráin ag teastáil uait, nó rud éigin scríofa? Cé air a bhfuil sé dírithe?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 501
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 03:14 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

"…behind the stay-dee-um witchoo…"

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 07:35 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bhí mé ag éisteacht le My Brown-Eyed Girl ar an ipod ar maidin agus mé i droch humor (tinn le slaghdán) agus chuir tú ag gáire mé leis an freagra ‘witchoo…’a Pheadair. Maith thú. Grmt, ach tá mé ag dul le 'Splendor in the Grass' nó rud éigin gar dhó, grmtsa Dennis. Is aoibheann liom é. (Ní gá leis na focail dul le nótaí).

D’iarr duine orm comhrá a aistriú di ach bhí i bhfad níos mó i gceist ná mar a cheap mé. Tá an dráma a scríobh sí i faoin Gorta an-spéisiúl ach tá mo chuid de le bheith réidh an seachtain seo chugainn. Níl muinín agam i mo iarrachtaí. Is fada an lá ó bhí mise sa Ghaeltacht! Ach chabhraigh sibh go mór liom anseo ar DnaG agus táim buíoch...

Meas tú an mbeadh duine agaibh sásta féachaint ar an méid atá déanta agam agus na botúin a mairceáil nó a cheartú. Má tá an t-am ag éinne, freagair ar ais anseo led’thoil. Beidh mé ag scríobh buíochas do DnaG ar an gclúdach.
Míle maith agaibh go léir,
Caitríona
Tuirseach, ach sásta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 10:10 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceann amháin eile uaim. O Bhéarla go Gaeilge an uair seo:
If you forget your true home, you become no one.
Thriail mé
Má dhéanann tú dearmad ar do bhaile ceart, …
ach tá’ ‘you become no one.’ deacair dom.
Tuairim ag éinne?
Maith agaibh,
C

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 899
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, January 25, 2006 - 10:52 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ní ní thú má dhéanann tú dearmad ar an áit dar di thú. (???)

(cf. "Cé dar díobh thú?)

Ní chreidim féin é sin, dála an scéil!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, January 27, 2006 - 04:38 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agat. Tá an ceart agat. Níl sé fíor, ach tá ciall leis sa scéal.Ceapaim go bhfuil bealach agam as :).

Fuair mé cabhair iontach sna forums agus go raibh maith agat féin faoin eolas ar Vikings agus araile.
Tá mé neirbhíseach fós mar is é seo mo chéad iarracht ar job chomh mór seo. Tá náire orm mar is fada an lá ó bhí mé i Careysfort. Is mór an trua nár léigh me na leabhair a mhol tú sular thosaigh me ar an obair seo!
Beidh an obair críochnaithe ag dul ag an foilsitheoir ar an gcéad lá de Feabhra ( an seachtain seo chugainn). Mar sin tá mé fós ag súil go mbeidh duine éigin in ann féachaint ar an nGaeilge, agus na botúin is measa a thaispeáint dom go gceartóidh mé iad. Tá sé easca dom botúin a dhéanann daoine eile a cheartú ach is scéal eile ar fad é le m'obair féin. Tuigim an méid atá mé ag iarraidh. Gabh mo leithscéal. D'fhéadfainn m'iarrachtaí a chuir in elitir.
Tá cúnamh ag teastáil go géar uaim ag an bpointe seo.
Má tá am ag éinne an deireadh seachtaine seo.....?
Maith agaibh,
c

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 910
Registered: 02-2005


Posted on Friday, January 27, 2006 - 08:20 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Tá cúnamh ag teastáil go géar uaim ag an bpointe seo.

Errr... cé chomh fada is atá sé? Is féidir leat dul i dteagmháil liom via sengoidelc.com.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, February 01, 2006 - 10:11 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Níl 'fhios agat a bhfuair tú an elitir nó nach bhfuair ach maidir le ...cé chomh fada is atá sé? - ró-fhada déarfainn. Ach buíochas le Dia, tá sé críochnaithe anois. Lean mé ar aghaidh leis le ‘all-nighter’ nó dhó agus bhí go leor le cheartú ann. Is uafásach an bhean mé le mo nós dul i bpainic ag an deireadh ach táim fós buíoch don cúnamh a bhfuair mé anseo.
DnaG abú,
C
Beannachtai Lá Fhéile Bhríde ;)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 935
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, February 02, 2006 - 10:35 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Níl 'fhios agat a bhfuair tú an elitir nó nach bhfuair

Ní bhfuair. Tá scagaire junk mail agam, ach tá sé réasúnta cúramach agus ní minic a théann teachtaireachtaí legit i bhfostú ann. Níl a fhios agam céard a tharla, ach tá brón orm nach bhfuair mé do litir!

Ognuno sta solo sul cuor della terra
trafitto da un raggio di sole:
ed è subito sera. -- Salvatore Quasimodo

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge