Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 789 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, December 27, 2005 - 01:14 am: | |
Chuaigh mo dhuine, agus é beagán súgach, isteach sa stáisiún agus anonn leis go dtí oifig na dticéad. "Cé chomh fada 's atá an turas ó Sheattle go Portland?" "Timpeall trí uaire a chloig." "Ceart. Agus céard faoin turas ó Phortland go Seattle?" "'Sé an t-achar céanna é. Tógann sé an t-am céanna, trí uaire a chloig. Cén fáth ar shíl tú go mbeadh aon difríocht ann?" "Bhuel, níl ach seachtain ann ó Lá Nollag go Lá Caille, ach is fada an t-achar é ó Lá Caille go Lá Nollag!" (Message edited by dennis on December 27, 2005) |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 4 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, December 29, 2005 - 06:59 pm: | |
Ní féidir leat dul tríd an bhlian ach in aon treo amháin. Má théann tú ó Phortland go Seattle sa treo chéanna agus a chuaigh tú ó Sheattle go Portland, beidh an turas i bhfad níos faide ná trí uaire a chloig ! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 790 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, December 29, 2005 - 07:20 pm: | |
quote:beidh an turas i bhfad níos faide Ag dul timpeall an domhain, ar líne dhomhanfhaid a bheag nó a mhór? Ar thuig mé i gceart thú? Nó an é cuairt chosmach atá i gceist agat? ;-) |
|
Criostóir
Member Username: Criostóir
Post Number: 5 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, December 30, 2005 - 08:20 pm: | |
Thuig tú i gceart mé. Ag dul timpeall an domhain atá i gceist agam. Nuair atá an t-am thart (ó Lá Nollag go Lá Caille), ní féidir leat dul ar ais. Mura bhféadfá dul ar ais ó Phortland go Seattle, ní bheadh aon rogha agat ach dul ar aghaidh, timpeall an domhain, go Seattle ar turas fada. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 796 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, December 30, 2005 - 08:53 pm: | |
Nach breá an rud é go bhfuil an domhan cruinn, agus go ndéanann sé cuairt atá (beagnach) cruinn ar an ngrian, le gur féidir an dá "turas" seo a chur i gcomparáid go cruinn néata. Is géar an intleacht atá agat. Maith thú! :-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2737 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, December 31, 2005 - 08:09 am: | |
Faid choiscéim coiligh lá Caille Beiriú spóla Lá Nollag Bheag Cóir fir no capaill Lá Fhéile Bríde (SnaM 1941) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 403 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 02, 2006 - 05:43 pm: | |
Goile mar sin ná bac le Portland, Tar go hEirinn!! ;) An ceart "trí uaire" nó "trí huaire" a rá? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 807 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 02, 2006 - 09:51 pm: | |
quote:An ceart "trí uaire" nó "trí huaire" a rá? Trí huaire. Gabh mo leithscéal thuas. :-) |
|