Author |
Message |
Zico
Member Username: Zico
Post Number: 5 Registered: 12-2005
| Posted on Tuesday, December 13, 2005 - 03:05 pm: | |
Tá easpa tuisceana agam maidir le daoine cé a cheannaionn an Irish Independent agus An Sunday Independent sa tir seo - ta siad ag caitheamh a gcuid airgid, bhfuel dar liomsa in aon chor. Creidim go bhfuil béim ro-tábhachtai curtha ar hairgead agus ar ghiuirléidi anois ná riamh roimhe. Ina theannta sin, feictear tuairisceoiri caidrimh gach lá sna phaipéar ag insint bréag agus ag caint faoi daoine cé go bhfuil nios saibhre na macánta. Nil aon omos agam do na daoine ud mar nil siad ag leath scéalta lionta le fiuntas agus le firici.Is cuma liom faoi Clodagh Keane, Gavin Lambe-Murphy, Gayle Killilea-Quinn agus cé a bhi i gcomhluadair leo/forstu oiche Satharn seo caite agus ce mhéad airgead atá ag Sean Quinn, Westlife, Ronan Keating.. ............. Má scrudaionn tu na huimhreacha ag ceannach na páipéiri difriuil, bheadh iontas ort faoin smacht atá ag Tony O'Reilly agus Independent Newspapers. Tog "The Irish Independent" agus "The Sunday Independent" - is páipéiri uafásach iad, thabharfainn cuntas is measa doibh da mbeadh orm tuairistáil a dhéanamh - usáideann siad pictiuir mi-chui agus feictear domsa go bhfuil tosaiocht acu scéalta ar an abhar de ghnéas ag gach deis; ma gcuireann tu iad i gcomparáid leis na paipeir cailiuil "tHE sTAR", "The Sun", "The Mirror", The Daily Record" - dhearfá go bhfuil siad cosuil le chéile - chun an fhirinne a ra,afach nil an Independent sa chonradh céanna ach nil caighdeán den scoth acu ! Maidir leis an tuairisceoiri spoirt, bhronnfainn mairc is airde doibh - onoracha - Martin Breheny, Tony Ward, PJ Cunningham, Vincent Hogan.... Dioltar go leor d'iad - ach ta tinneas cinn orm le féachaint ar na hainmeacha Ian O'Doherty, Barry Egan, Brendan O'Connor.....ná diolaimis na páipeiri ud - sin reiteach don fhadhb airithe seo a cur isteach orm ! Roghnoidh me Colonel Myers (!), Fintan O'Toole, Vincent Browne agus an scribhneoir spoirt is cumasai - Tom Humphries in ionad - is e The Irish Times an paipeir is fearr sa tir seo. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 385 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, December 13, 2005 - 04:16 pm: | |
Ceanaíonn an-chuid daoine ón eite clé páipéirí de chuid an "Independent" group. Tá na tuairmí agus 'firicí' aontaobhachta. I mBéarla ceapaim gurb é Daily Ireland an ceann is fearr. Tá stair faoi leith ag gach páipéar in Eirinn maidir le cursaí polaitaíochta in Eirinn ach go h-áirithe ; An times - Fine Gael.. Irish Press - Fianna Fáil An Phoblacht - Sinn Féin agus araile... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fear_na_gcrúb
Member Username: Fear_na_gcrúb
Post Number: 12 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 03:49 am: | |
Ó thaobh na tuairimíochta de, bheinn féin níos congaraí don Daily Ireland. Ach cé go bhfuil roinnt gné-iriseoirí maithe acu, níl caighdeán an pháipéir thar mholadh beirte. Is maith liom an Irish Times. Cé go bhfuil siad claonta i dtreo an Status Quo ar an dá thaobh den teorainn, tá caighdeán na hiriseoireachta an-ard go deo. Níor cheannaigh aon chacpháipéar de chuid na Breataine, fiú iad siúd a bhfuil culaith Éireannach orthu, o bhí an stailc ocrais ann. Ní thiocfadh liom a rá leat cé acu tá siad maith, no nach bhfuil. Ach o bheith ag amharc ar an chéad leathanach, déarfainn gur cacamas ar fad atá iontu. Léigh mé an Sunday Independent cúpla uair, ach ní raibh an strus agus an fhearg agus an corraí ag teastáil uaim ar an Domhnach... Tá an Irish News iontach maith ar fad. Is trua nach bhfuil an Daily Ireland leath chomh maith. Páipéar de chuid an SDLP atá san Irish News, ach athrú beag ag teacht air ar dhá chúis: iomaíocht fá choinne léitheoirí an Daily Ireland, agus caithfidh siad a bheith cúramach os rud é gurb é Sinn Féin an páirtí náisiúnaíoch is mo/ sna Sé Chontae anois. Mar sin de, Daily Ireland gach lá, Irish News anois is arís, agus an Irish Times le caighdeán maith iriseoireachta a léamh. Faighim Lá, ach is cacamas atá ann i gcomparáid le nuachtáin eile. Tá Foinse thar barr. Is trua nach bhfuil páipéar laethúil (Lá) ar fáil agus caighdeán Foinse ann. Níl lucht agam ar an fhoireann...is easpa airgid agus acmhainní atá ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2687 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 06:13 am: | |
quote: Is trua nach bhfuil páipéar laethúil (Lá) ar fáil agus caighdeán Foinse ann Amen! Ach bíonn colúnaithe maithe acu. Seod eile ag Philip Cummings inniu, ach taithníonn an magadh faoin acoimhre Béarla a bhíonns aige go mór liom. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 388 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 08:32 am: | |
Ye aontaímse go h-uile is go h-iomlán libh, Ach,tá cúiseanna faoi leith ag mhuintir lá. Bhí aoi-chainteoir de chuid lá againn seachtain nó dhó ó shin... Ní dóigh liom gur fadhb airgid atá ann. Deontaisí! Deontaisí! Deontaisí! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Fear_na_gcrúb
Member Username: Fear_na_gcrúb
Post Number: 15 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 09:17 am: | |
Is breá liom féin Philip Cummings, a Aonghuis. Agus leis an fhírinne a dhéanamh, níl Ó Cearrúlláin ró-olc ach an oiread, cé go gcuireann an síor-bhéalfeirsteachas teorainn lena chuid tuairimí...bíonn rud éigin le rá aige i gcónaí, agus bíonn sé suimiúil ar a laghad. Má tchíonn tú earráid chló/litrithe nó ghramadaí anseo, coinnigh faoi rún í, agus tabhair bualadh bos duit féin :-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2690 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 14, 2005 - 10:38 am: | |
Is dócha go bhfuil sin ceart. Ós rud é nach Béal Feiristeach mé, ... Taithníonn mór chuid na gcolúnaithe liom, cé nach mbeinn i gconaí ar aon fhocail leo. Ach tá an chraobh ag Philip faoi láthair. |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 50 Registered: 11-2005
| Posted on Saturday, December 17, 2005 - 09:22 am: | |
"...Tog "The Irish Independent" agus "The Sunday Independent" - is páipéiri uafásach iad,..." Ní leighim nuachtáin Béarla ar bith anois. Ní leighim ach 'Lá'. Silim go bhfuil na Éireannaigh iad sin atá ag leigheadh nuachtain Béarla, ag déanamh beart le Béarla a cionnoil beo in Éireann. Is fearr nuachtán Gaelige nach bhfuil snasta, do Éireannach, na nuachtáin Béarla atá lan do snas. Bá choir go mbeadh ár dteanga náisiúnta an t-aon teanga oifigiúil in Éireann. Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fear_na_gcrúb
Member Username: Fear_na_gcrúb
Post Number: 18 Registered: 11-2005
| Posted on Saturday, December 17, 2005 - 02:00 pm: | |
Scríobh Seán "Ní leighim nuachtáin Béarla ar bith anois. Ní leighim ach 'Lá'. "Silim go bhfuil na Éireannaigh iad sin atá ag leigheadh nuachtain Béarla, ag déanamh beart le Béarla a cionnoil beo in Éireann." Tuigim an méid atá tú a rá a Sheáin, agus léim féin Lá gach lá...ach mura léifinn ach Lá is beag tuiscint a bheadh agam cad é atá ag dul ar aghaidh sa tír seo. Nuair a thiocfaidh páipéar laethúil Gaeilge d'ardchaighdeán ar an saol, geallaim duit nach léifidh mé nuachtán ar bith i mBéarla uaidh sin amach!!! Idir an dá linn, beidh orm an Irish News /Daily Ireland agus Irish Times a léamh, chomh maith le Lá agus Foinse. Má tchíonn tú earráid chló/litrithe nó ghramadaí anseo, coinnigh faoi rún í, agus tabhair bualadh bos duit féin :-) |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 52 Registered: 11-2005
| Posted on Saturday, December 17, 2005 - 05:18 pm: | |
"Idir an dá linn, beidh orm an Irish News /Daily Ireland agus Irish Times a léamh, chomh maith le Lá agus Foinse." Dia sábháil. Caidé mar atá tú abalta an t-ám a fhail leis an meid sin leightheoireacht a dhéanamh? Is sean fhear mise anois agus bionn se doiligh go leor agam an t-ám a fhail le Lá fein a leigheadh! Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Fear_na_gcrúb
Member Username: Fear_na_gcrúb
Post Number: 19 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, December 18, 2005 - 07:27 am: | |
Tá an ceart agat, a Sheáin! Ach ní léim achan lá iad...níl ann ach gurb iad sin na páipéirí a cheannaímse nuair a bhíonn an t-am agam! Agus leis an fhírinne a dhéanamh ní léim o thús deireadh iad...roghnaím na hailt a bhfuil suim agam iontu Má tchíonn tú earráid chló/litrithe nó ghramadaí anseo, coinnigh faoi rún í, agus tabhair bualadh bos duit féin :-) |
|
Seán_mac_eochaidh
Member Username: Seán_mac_eochaidh
Post Number: 58 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, December 23, 2005 - 09:32 am: | |
Cé an difear idir eolas agus nuacht? Cé an ábhar is tabhachtaigh - eolas nó nuacht? Caidé an modh is fear lé ardchaighdeán a cuir ar Lá? Seán Mac Eochaidh Béal Feirste Guthan: +442890507988 http://sean1925.tripod.com |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 263 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, December 23, 2005 - 11:35 am: | |
Ceist níos tábhachtaí: Cá bhfuil an teorann idir nuacht agus tuairimíocht? Sin an ceacht atá le foghlaim ag na nuachtáin, Lá go háirithe (cé nach bhfaca mé é le tamall anuas). |
|
Zico
Member Username: Zico
Post Number: 9 Registered: 12-2005
| Posted on Friday, December 23, 2005 - 01:32 pm: | |
Beidh na paipeiri usaidte amarach mar mhalai scealloga. Is fuath liom na tabloids, deanann siad tada ach ar gcultur a loit agus a mhilleadh agus "dumbing down" an t-am ar fad. Feictear domsa go bhfuil damaiste cruthaithe acu ar fud an domhain ach ar an lamh eile, uaireanta - is feidir leo guth neamhspleach a thabhairt don saol pobail agus polaitiula. |
|
Fear_na_gcrúb
Member Username: Fear_na_gcrúb
Post Number: 26 Registered: 11-2005
| Posted on Saturday, December 24, 2005 - 07:55 am: | |
A Shéamais, a chara, tuigim leat nuair a chuireann tú ceist fá cá bhfuil an teorainn idir nuacht agus tuairimíocht. Mar phoblachtánach in Éirinn, thig liom a rá leat go gcreidim nach bhfuil a leithéid de rud ann agus páipéar gan tuairim...agus is minice an tuairim sin a bheith in aghaidh ghluaiseacht na Poblachta ná a mhalairt...fiú na páipéirí is fearr ar nos an Irish Times, is beag ceannlíne ar leathanaigh na nuachta nach bhfuil claonadh éigin ann. Is minic mar cheannlíne acu, mar shampla "Sinn Féin under pressure from Irish government..." srl. Ar an chéad amharc, síleann an gnáthdhuine nach bhfuil ann ach tuairisc ar fhíric, no insint neamhspleách ar chúrsaí polaitíochta. Ach má léann tú an páipéar go minic, tchífidh tú nach mbíonn ceannlíne ar bith ann mar seo, in am ar bith "Government come under pressure from Sinn Féin." Ní tharlaíonn a leithéid de cheannlíne. Cén fáth? Mar ní tuairisciú amháin atá ag dul ar aghaidh...tá an ceannlíne féin MAR CHUID DEN BHRÚ, agus ní chreideann an Irish Times gur choir brú a bheith ar aon dream ach amháin ar Shinn Féin. Agus tá sé seo níos contúirtí, cionn is go bhfuiltear ag iarraidh a chur in iúl gur nuacht chrua atá ann, in áit tuairimíochta dá gcuid féin. Tá gach páipéar claonta ar dhoigh no ar dhoigh eile. Ach ceannaím an Irish Times go foill ina aineoinn seo, cionn is gur maith an páipéar é. Ceannaím Lá mar go bhfuil sé i nGaeilge, agus tá sé tábhachtach deis a bheith ag duine an Ghaeilge a léamh gach lá fá rudaí atá ag tarlú amuigh ansin. Ní miste liom a chlaonadh féin a bheith acu...ach tá gá le hacmhainní breise leis an chaighdeán a ardú... (Message edited by fear_na_gcrúb on December 24, 2005) Má tchíonn tú earráid chló/litrithe nó ghramadaí anseo, coinnigh faoi rún í, agus tabhair bualadh bos duit féin :-) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 265 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, December 27, 2005 - 11:07 am: | |
Bíonn claonadh ann sna ceannteidil, agus na scéalta, agus freisin, bíonn claonadh ann i rogha na scéalta féin. Is minic go mbíonn rud tábhachtach dearfach ag tarlú nach mbíonn ar fáil ach i bparagraf beag i lár an nuachtáin, srl. Bím ag gearán faoin a leithéid ar mo bhlag, http://caomhach.blogspot.com/ Tá sé níos tábhachtaí do Lá bheith gan chlaonadh chomh fada agus is féidir leo, mar is iad an t-aon nuachtán laethúil atá ann as Gaeilge. Mar ghnó ciallmhar, ba chóir dóibh bheith amhlaidh, freisin, mar níl siad chomh saibhir gur cóir leo naimhde a dhéanamh. Cur i gcás, dá mbeadh malairt de thuirimí acu agus mar a bhíonn (bhíodh?), an léifeá é? Ní dóigh liom. Ach sílim go bhfuil feabhar orthu le tamall anuas. Ní féidir liom triail eile a dhéanamh as gan síntiús a ghlacadh, go háirithe nuair nach mbíonn aon rud ar an suíomh idirlín atá acu. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 406 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 02, 2006 - 06:30 pm: | |
Aontaímse go huile is go hiomlán leat Fear na gcrúb.. Déanann siad a ndícheall stop a chur leis an mborradh atá tar éis teacht ar thachaíocht Sinn Féin ach fós, tá ag éirí go sár-mhaith linn.. Séamas "Maraítear i bhfad níos mó daoine gach aon bhliain agus na dlithe seo ann. Mar sin, ba chóir dúinn na dlithe a chur as feidhm, mar d'éirigh cúrsaí i bhfad ní ba mheasa i ndiaidh a gcumtha" Saghas simplí agus saonta déarfainn. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 128 Registered: 12-2004
| Posted on Sunday, January 08, 2006 - 07:19 am: | |
Is maith liom Lá mar bhíonn gearrscéalta ar an gCeadaoin agus ceachtanna Gaeilge ar an Máirt, rud nach bhfeictear ar an idirlín, is dóigh. Is breá liom nach bhfuil sé ró-mhór chomh maith. Ní maith liom na nuachtáin níos tiubha a cheannacht agus ag iompar thart, go mór mór toisc go mbíonn siad ar fáil ar an idirlín. Ag an oireachtas i gCorcaigh bhi cairn mór nuachtán foinse saor i n-aisce ar fáil ach ní raibh cairn mór nuachtán Lá ar fáil. N'fheadair an bhfaigheann na nuachtán i nGaeilge mar Foinse agus Lá an méid cheana tacaíocht ón rialtas? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 268 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 09, 2006 - 03:47 pm: | |
Uh, tá an íoróin ann, a dhuine, mar rud. Nílim chomh dall sin. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 413 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, January 09, 2006 - 04:01 pm: | |
Bhuel is deacair íoróin a léamh mo dhuine... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 269 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, January 09, 2006 - 05:16 pm: | |
Ar léigh tú an t-alt go léir??? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 414 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, January 10, 2006 - 12:20 pm: | |
Níor léigh.. Agus staidéar ar siúl agam faoi láthair so níl an t-am agam! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 270 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, January 10, 2006 - 04:49 pm: | |
Is baolach an rud é tuairim a nochtadh faoi rud nár léigh tú. Ach sin mar atá, níl an fóram seo an áit ceart chun caint faoina leithéid. Go n-éirí do chuid foghlamtha leat! |
|