Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11732 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 03, 2011 - 02:57 pm: | |
http://wikisource.org/wiki/An_t-Oile%C3%A1nach Cúirtéis chaipín le David Webb: Anthony Green a rinne an obair. (Message edited by aonghus on October 03, 2011) |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 233 Registered: 01-2011
| Posted on Monday, October 03, 2011 - 05:22 pm: | |
"Ní bheidh ár leithéidí arís ann." An bhfuil i ndán do phobal an domhain mhóir uilig a bheith mar a chéile feasta? Cad is fiú imeacht an tsean-shaoil a chaoineadh. Tnúth gan sásamh. Nach mbímid go léir ag caoineadh laethanta órga ár n-óige atá imithe as ár gcuimhne nach mór. Ní bheidh ár leithéidí ann arís ach oiread. |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 117 Registered: 02-2009
| Posted on Monday, October 03, 2011 - 05:52 pm: | |
"Mairg le linn ár n-óige" ?? eadaoin |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11733 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 04, 2011 - 03:50 am: | |
quote:An bhfuil i ndán do phobal an domhain mhóir uilig a bheith mar a chéile feasta? Níl. Le nithe mar seo ar fáil, agus teacht éasca orthu, tig linn blaiseadh de chultúir leathana agus ár bhféiniúlacht fhéin a mhúnlú. Bhí dinnseanchas agus a leithéid riamh tábhachtach dó sin! Ach is rud nádúrtha don sean an óige a chaoineadh. @Eadaoin - ní thuigim do cheist! |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 234 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, October 04, 2011 - 09:24 am: | |
Tuigimse do cheist, a Éadaoin, nó is dóigh liom go dtuigim. Cérbh é an scríbhneoir a dúirt gur trua go gcuirtear an óige amú ar dhaoine óga. Bíonn siad siúd dobrónach duairc agus imní orthu faoina gcaidreamh lena chéile agus faoin saol atá rompu. Mo leithéidse a bhfuil radharc soiléir agam ar chríoch m'aistear saoil ba bhreá liom an chuid taitneamhach den óige a aireachtáil arís ach níor mhaith liom an crá croí ná an bhuairt aigne a ghabhadh léi a fhulaingt arís áfach. Tá an tréimhse seo de mo shaol an-taitneamhach más sa seomra feithimh fhéin atáim agus mé ag fanacht ar an nglao deiridh. |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 118 Registered: 02-2009
| Posted on Tuesday, October 04, 2011 - 05:03 pm: | |
Dán le Máirtín O Direán "Le Linn Ár nÓige" The thread just reminded me of this poem ... maybe not completely relevant. "Is gan fáil againn filleadh Ar an aoibhneas úd a choích" Jeaicín -- deir George Bernard Shaw "youth is wasted on the young" de réir Google. eadaoin |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 237 Registered: 01-2011
| Posted on Tuesday, October 04, 2011 - 05:32 pm: | |
Go raibh maith agat, a Éadaoin. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 4001 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 05, 2011 - 06:31 am: | |
quote:Cad is fiú imeacht an tsean-shaoil a chaoineadh. Chan fhiú, ach bheadh cúiseannaí le rudaí a chaoineadh ar aon nós, rudaí a bhí níos fearr fadó, mar shompla tábhacht agus treise na Gaeilge. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Davemc
Member Username: Davemc
Post Number: 8 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, October 05, 2011 - 11:37 am: | |
Cheannaigh mé cóip den seanleagan seo cúpla mhí ó shin. Bhí an leabhar léite agam cheana féin, ach theastaigh uaim leagan ina n-úsáidtear an seanchló Gaelach. Bhí mé ag súil le difríochtaí idir an dá leo maidir leis an litriú agus, dar ndóigh, an cló. Ach bhí ionadh orm nuair a thug mé faoi deara go raibh a lán difríochtaí sa téacs féin freisin. Mar shampla, ar leathanach 129 sa seanleagan, deir sé: Do bhí Páidín pósta um an dtacaidh sin. Ach tá an téacs sa leagan nua i bhfad níos ornáidí: Bhí rúibéardach mná age Páidín gur dhóigh leat gur sa Domhain Toir a cuireadh 'on chliabhán í. Caithfidh mé a rá gur b'fhearr liom an leagan nua! Ach níl a fhios agam cé acu a ghlactar mar an 'critical edition' mar a déarfá i mBéarla. Cinnte, sa chás seo thuas ar aon nós (agus cúpla shampla eile go bhfuil fhios agam faoi), is cosúil go bhfuil aistriúchán Robert Flower bunaithe ar an seanleagan. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11739 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 05, 2011 - 11:56 am: | |
Sílim go raibh an chéad eagrán "glanta suas" beagán ag eagarthóirí. Bhí leagan le déanaí a bhí bunaithe ar lámhscríbhinn Uí Criomhthain. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 240 Registered: 01-2011
| Posted on Wednesday, October 05, 2011 - 12:54 pm: | |
Baigh dad, má bhí rúibéardach mná ag Páidín caithfidh go raibh éad ar na fir eile. Ceannóidh mé an leagan nua seo. Is cuimhin liom go ndearnadh cinsireacht dá leithéid ar Pheig chomh maith. Ba ghnáth léi buidéal uisce beatha a thabhairt abhaile ón Daingean chuig a máthair mar leigheas ar an ngalar dubhach a bhíodh uirthi. Baineadh an abairtín sin as eagrán na scoileanna. |
|