Author |
Message |
Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 45 Registered: 10-2010
| Posted on Friday, September 02, 2011 - 07:59 am: | |
A chairde, Tá mé ag iarraidh teacht ar an leagan Gaeilge de 'An tSais a chaith m'athair' nó 'The sash my father wore'. Tá a fhios agam go bhfuil sé in Croí Cine, ach tá cinnte orm é a aimsiú. Bheinn buíoch díbh as aon chuidiú. Grma |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11663 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 02, 2011 - 08:10 am: | |
Tá an leabhar úd agam sa bhaile. Féachfaidh mé ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11664 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 02, 2011 - 08:15 am: | |
Tá leagan anseo: https://listserv.heanet.ie/cgi-bin/wa?A2=ind0201&L=gaelic-l&D=0&F=P&P=2819 quote:Seo leagan a scríobh Gearóid Mac Cuinneagáin ("with apologies for errors" adeir sé) Ní raibh sí ach ina sean-rud, ach dob álainn í, Is dathanna galánta uirthi, Bhí sí ansin i nDoire, 's in Eachdhroim In Inis Ceithleann 's ag an Bhóinn Ina óige chaith m'athair í, I bhfad ó shin fadó 'S ar an dóú lá déag bíonn aoibhneas orm Ag caitheamh na saise a chaitheadh m'athair.
|
|
Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 46 Registered: 10-2010
| Posted on Friday, September 02, 2011 - 08:33 am: | |
Grma, a Aonghuis. Sílim go bhfuil an leagan in Croí Cine, níos snasta agus níos gaire do rithim an cheoil, más buan mo chuimhne. Buíoch díot as an leagan eile a sholáthar leis, ar ndóigh! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11667 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 02, 2011 - 03:18 pm: | |
Seo é: Bhí sé sean ach bhí sé taitneamhach Is na dathanna bhí go seoigh Caitheadh é ag Doire, Eachdhroim, Inis Ceithleann is an Bhóinn. Chaith mo athair é buair a bhí sé óg Ins an aimsir gheal fadó; Agus ar an "Twalfth" a chaithinn féin Sean-Stoc mo shinsir ó Rannóg 32, Uimhir 43, Croí Cine Ní luaitear údar ná foinse. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 195 Registered: 01-2011
| Posted on Saturday, September 03, 2011 - 08:46 am: | |
Nár lag an Ghaeilge a bhí ag Gearóid Mac Cuinneagáin agus nár dhána an mhaise dhó a leithéid a fhoilsiú in aon chor. Tá an dara leagan níos fearr. |
|