Dia daoibh. Is mise Liam agus ba bhreá liom castáil le bean spraoiúl, eirimiúil, fuinniúil agus ba bhuntáiste iontach é dá mbeadh Gaeilge aici chomh maith. Tá suim mhór agam i gcúrsaí teanga. Chomh maith leis an nGaeilge agus Béarla tá Breatnais idirmhéanach agam agus tá fonn orm roinnt Afrikaans a fhoghlaim anois. D'fhreastail mé ar ranganna damhsa ar an Sean-Nós i mbliana agus spéis agam san amhránaíocht freisin. Tá baint agam le heagras Gaeilge anseo sa Ghalltacht agus neart imeachtaí á reachtáil againn trí Ghaeilge ach níl daoine i mo aoisghrúpa(30í) ag freastal orthu de ghnáth. Is cuma liom cén áit arbh as duit Éire, Meiriceá nó áit éicint eile ba bhreá liom chloistéail uait. Déan teagmháil liom
. Slán go fóilleach.