mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » General Discussion (Irish and English) » Archive through July 28, 2011 » Scéal = Podcast « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelscéal_nuachtán
Member
Username: Gaelscéal_nuachtán

Post Number: 1
Registered: 04-2011
Posted on Wednesday, June 15, 2011 - 06:00 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá príomhscéal Gaelscéal na Seachtaine seo, “Tá an ealaín chomh tábhachtach céanna leis na bóithre” ar fáil tríd an nasc seo http://gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=873:ta-an-ealai n-chomh-tabhachtach-ceanna-leis-na-boithre&catid=2:nuacht&Itemid=290

Tá podchraoladh ar fáil fosta.

Is as an Spidéal í an cainteoir.

The Gaelscéal lead story from this week, “Tá an ealaín chomh tábhachtach céanna leis na bóithre” is available on the following link http://gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=873:ta-an-ealai n-chomh-tabhachtach-ceanna-leis-na-boithre&catid=2:nuacht&Itemid=290

There is also an attached podcast.

The speaker is from an Spidéal.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelscéal_nuachtán
Member
Username: Gaelscéal_nuachtán

Post Number: 2
Registered: 04-2011
Posted on Wednesday, June 15, 2011 - 08:33 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

There is also a podcast of the editoral, http://gaelsceal.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=885:an-cleas-is -sine-sa-leabhar&catid=11:tuairimi&Itemid=298

But this speaker is not a native Irish speaker.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelscéal_nuachtán
Member
Username: Gaelscéal_nuachtán

Post Number: 3
Registered: 04-2011
Posted on Thursday, June 23, 2011 - 11:13 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ceist do na dáltaí : Ar cheart dúinn a chinntiú i gcónaí gur cainteoir dúchais an té a léanns amach na scéalta nó an mbeadh daoine sásta le daoine nach labhraíonn an teanga ó dhúchais chomh maith?

A question for the dáltaí : Should we always ensure the the person reading our podcasts is always a native speaker or would people be content with speakers who are not native speakers?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11581
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, June 23, 2011 - 11:32 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bheinnse i bhfách le cainteoir dúchais ach ceann a bheith ar fáil. Níos fearr fós más féidir libh a cheart a thabhairt do gach cúige.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 731
Registered: 04-2008
Posted on Thursday, June 23, 2011 - 03:19 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Bheadh sé ní b'fhearr, gan amhras, dá ndéanfadh cainteoir dúchais é.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seánw
Member
Username: Seánw

Post Number: 1125
Registered: 07-2009


Posted on Thursday, June 23, 2011 - 08:27 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Is fearr an cainteoir dúchais, ach cainteoir líofa maith go leor fosta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelscéal_nuachtán
Member
Username: Gaelscéal_nuachtán

Post Number: 4
Registered: 04-2011
Posted on Friday, June 24, 2011 - 07:01 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Go raibh maith agaibh as bhur inchur, beidh muid ag cur go maith le líon na bpodchraoltaí atá ar fáil ar ár suíomh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 11584
Registered: 08-2004


Posted on Friday, June 24, 2011 - 07:08 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Ana mhaith. Ana chabhair is ea é píosa cainte a bheith ag dul le píosa scríofa.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelscéal_nuachtán
Member
Username: Gaelscéal_nuachtán

Post Number: 5
Registered: 04-2011
Posted on Saturday, June 25, 2011 - 11:56 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Sineadw
Member
Username: Sineadw

Post Number: 655
Registered: 06-2009
Posted on Sunday, June 26, 2011 - 07:28 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Maith sibh!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Gaelscéal_nuachtán
Member
Username: Gaelscéal_nuachtán

Post Number: 6
Registered: 04-2011
Posted on Thursday, June 30, 2011 - 07:05 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Jeaicín
Member
Username: Jeaicín

Post Number: 159
Registered: 01-2011
Posted on Thursday, June 30, 2011 - 02:14 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Tá Colm tar éis cúpla céad focal a chur ar phár d'fhonn cúpla euro a thuilleamh as "fadhbanna" mar dhea a chastar le daoine a bhaineann feidhm as an Ghaeilge mar mheán cuumarsáide. Leag sé béim ar na deacrachtaí. Mionrudaí iad sin nach deacracht in aon chor iad. Táimid go léir ag éisteacht lena chéile. Go fiú's nach ionann an Béarla a labhraítear ó shráid go sráid i mBaile Átha Cliath gan trácht ar Bhéarla Loch Garman a chur i gcomortas le Béarla Bhéal Feirste. Ní gá deacrachtaí a chumadh nuair nach ann dóibh. Ní hann dóibh. Tá muintir na Gaeltachta scaipthe ar fud na tíre agus iad breá sásta a gcuid "cainte" a chur in oiriúint dóibh siúd a bhfuil siad mór leo. Níl ann ach leithscéal béim a chur ar chanúintí agus difríochtaí foghraíochta, leithscéal as bheith ag labhairt Béarla agus ag tréigean na Gaeilge.

Gabhaimse buíochas le Niall Ó Dónaill, Tomás de Bhaldraithe et al a chuir tús leis an gCaighdeán Oifigiúil. Anois níl "teir ná toirmeasc ar cheart-fhoirmeacha eile" agus lánchead ag muintir na Gaeltachta a rogha rud a rá lena chéile ar an gceannadhart ach tá treoir bheag díscréideach ag an gcuid eile againn nach mian linn ár saol uilig a chaitheamh ag foghlaim na gcanúintí uilig amhail is dá mbeadh PhD uainn. I ndeireadh báire níl uaimse ach pionta sa phub agus caidreamh éadrom cairdiúil trí mheán na Gaeilge uair uma seach.



©Daltaí na Gaeilge