Author |
Message |
Cormacanchnoic
Member Username: Cormacanchnoic
Post Number: 4 Registered: 05-2011
| Posted on Thursday, June 02, 2011 - 08:03 am: | |
Hi, Tá ceist eile agam, muna mhiste libh é a freagra dom. Cad í an Ghaeilge ceart ar an abairt "I'm doing it". Deirimse "Tá mé á dhéanamh" no "Tá sé á dhéanamh agam". An bhfuil sé ceart a rá "Tá mé ag déanamh é"? Chuardaigh mé sa chorpas ( http://corpas.focloir.ie/) agus tá giota as Foinnse: "Samplaí de cheartúsáid na Teanga : ' Beidh mé á dhéanamh ' ( in ionad ' Beidh mé ag déanamh é ' ) " Mar sin, ceapaim go bhfuil "Tá mé ag déanamh é" mí-cheart? Bíochas, Cormac. Ar mhaith leat teanga Ceilteach eile a fhoghlaim? SaySomethingInWelsh.com |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11525 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 02, 2011 - 08:43 am: | |
quote:An bhfuil sé ceart a rá "Tá mé ag déanamh é"? Ní dóigh liom é. |
|
Cormacanchnoic
Member Username: Cormacanchnoic
Post Number: 5 Registered: 05-2011
| Posted on Thursday, June 02, 2011 - 11:39 am: | |
Go raibh maith agat arís Aonghus. Ar mhaith leat teanga Ceilteach eile a fhoghlaim? SaySomethingInWelsh.com |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1525 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, June 02, 2011 - 12:24 pm: | |
Má deireann tú "Tá mé á dhéanamh" bí cinnte go bhfuil tú ag tagairt do rud firinscneach mar shampla 'an níochán'. Más rud baininscneach atá i gceist "á déanamh" a bheidh in úsáid. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 729 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, June 03, 2011 - 05:24 pm: | |
If it is a pronoun which is the direct object of the verb you cannot use the form: Tá mé ag déanamh é. x Tá sé ag bualadh mé. x Tá siad ag ól iad. x The correct forms are: Tá mé á dhéanamh. Tá sé do mo bhualadh. Tá siad á n-ól. Wonderfully sophisticated language, eh? Of course, in the case of nouns it is different: Tá mé ag déanamh an dinnéir. (Tuiseal ginideach) Tá sé ag bualadh an bhuachalla. " Tá siad ag ól na mbeoracha. " Enough for now. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Wee_falorie_man
Member Username: Wee_falorie_man
Post Number: 265 Registered: 04-2006
| Posted on Friday, June 03, 2011 - 08:26 pm: | |
What's the difference between: Tá sé á dhéanamh agam. and Táim á dhéanamh. Also, why is it "do mo" in the sentence that Ormondo posted? "Tá sé do mo bhualadh." I can't remember where I came across this, but I think I once read somewhere that it is actually "am" which is short for "ag mo" Tá sé am bhualadh. Does anyone know anything about this? |
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 456 Registered: 08-2005
| Posted on Saturday, June 04, 2011 - 01:19 am: | |
Tá sé á dhéanamh agam. and Táim á dhéanamh. Passive voice: Tá sé á dhéanamh agam = It is being done by me. Active voice: Táim á dhéanamh = I am doing it. "Tá sé do mo bhualadh." vs. "Tá sé am bhualadh." There was some mixing of ag and do in these constructions. In former times, ag was used in active voice, but do in passive voice, if I remember correctly. But today both are mixed. In Connacht and Standard you find "do mo", "do do" (but they are pronounced like 'go mo', 'go do', by the way) In Ulster you find "ag mo", "ag do" In Munster you can find forms as "am" (< ag mo), "ad" (< ag do). So: "Tá sé do mo bhualadh." is Connacht Irish "Tá sé am bhualadh." is Munster Irish "Tá sé ag mo bhualadh." is Ulster Irish. |
|
Wee_falorie_man
Member Username: Wee_falorie_man
Post Number: 266 Registered: 04-2006
| Posted on Saturday, June 04, 2011 - 02:04 am: | |
Thanks for helping me out with that Lars! It's interesting that the spelling is "do mo" and "do do" in Connacht and Standard, but they are not pronounced like they are spelled. Yikes, I wonder how many other words have spellings that don't match the actual pronunciation deartháir and deirfiúr come to mind … |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3947 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, June 05, 2011 - 02:13 pm: | |
quote:Tá mé ag déanamh é. x Tá sé ag bualadh mé. x Tá siad ag ól iad. x An bhfuil sé ceart no nach bhfuil? An bhfuil ceantracha Gaeltachta ann, ina measann an pobal go bhfuil sin ceart? Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11528 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 05, 2011 - 04:16 pm: | |
Ní dóigh liom é. Tá mé beagnach cinnte gur foghlaimeoirí amháin a deir a leithéid. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3948 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, June 05, 2011 - 04:57 pm: | |
Chualaidh mise cainteoiri duchais a raidht sin. Nil's agam an ndeireann siad é sin go minic no ab é meancog é nach ndéarfadh siad arist. Chaithfi taighde a dhéanamh air sin. Deirtear "ta mee jannoo eh" i Manainnis so b'fhéidir gur éabhloid nadurtha ata ann (gidh nach maith liom é). Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11530 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 03:56 am: | |
Dála an scéil tá 'tá mé ag déanamh" sa chiall 'is dóigh liom' cloiste agam. Sílim gur le hUltaigh a bhaineann an nath sin. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3949 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 06:57 am: | |
Ní sin a bhí i gceist agam, cha rabh mé ach a' tabhairt sompla do na rudaí a deirtear i Manainnis. Ar an dóigh chéarna deireann siad "ta mee gee eh" (tá mé á ithe), "ta mee screeu eh" (tá mé á scríobh) srl. In Ultaibh deirtear "tá mé 'déanamh go..." + briathar. Ní dóigh liom go ndeirtear "tá mé ag déanamh é" le "is dóigh liom é" a ráidht. Go dtí seo, char chualaidh mise "tá mé ag déanamh" ach le "go + briathar" ina dhiaidh, so chan úsáidtear an dá rud ar an dóigh chéarna. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11531 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 07, 2011 - 08:11 am: | |
Ní raibh mé ag maíomh gurab ionann an úsáid, ní raibh ann ach gur chuala mé é - sa chaoi a léiríonn tú é. Mar a deir tú, bheadh taighde de dhíth maidir le "Tá mé ag [briathar] [forainm]" a bheith ag cainteoirí dúchais. Tá sé cloiste agam; ach ag cainteoirí a bhí sách lag amháin a chualas é. |
|
Daveat168
Member Username: Daveat168
Post Number: 107 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, July 03, 2011 - 07:20 pm: | |
If my memory serves me correctly, maybe only in Munster, after a word which ends in a 'strong' vowel, many consonnants are aspirated in speech, but not in writing, hence 'Dia duit' is pronounced 'Dia dhuit'. The same it seems also can happen to 'do', which then degrades to 'a'. Come back Shán, all is forgiven! Is mise,le meas, Deghebh. |
|
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 162 Registered: 01-2011
| Posted on Monday, July 04, 2011 - 12:28 pm: | |
The pronunciation "dhuit" after "Dia" -- "Dia dhuit" -- was mentioned here before and explained by Carmannach. I think it occurs frequently all over in speech but is not written unfortunately in An Caighdeán Oifigiúil. If teachers are teaching "Dia duit" instead of "Dia dhuit" etc it is no wonder children can't bring Irish further than the classroom. Does anyone know if it is mentioned or explained in Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí? |
|
Rud_ar_bith
Member Username: Rud_ar_bith
Post Number: 30 Registered: 10-2006
| Posted on Monday, July 04, 2011 - 03:05 pm: | |
Cinnte go bhfuil 'tá mé ag déanamh' in úsáid sa chiall 'is dóigh liom' ag na hUltaigh! mé féin duine acu, úsáidaim sin go minic - ' tá mé ag déanamh go.... ' bíonn 'tá mé ag déanamh anois é' in úsáid againn fosta |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3959 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, July 05, 2011 - 01:48 pm: | |
quote:bíonn 'tá mé ag déanamh anois é' in úsáid againn fosta agus cad é a chiallas sé? I'm doing/making it now? Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/ |
|
Brídmhór
Member Username: Brídmhór
Post Number: 170 Registered: 04-2009
| Posted on Tuesday, July 05, 2011 - 03:57 pm: | |
quote:'tá mé ag déanamh anois é' Níor chuala mé ráite ar an mbealach sin fós é. Tá mé á dhéanamh [anois] - I am doing it [now]. Tá mé ag déanamh .... [rud éicint/ainmfhocal] e.g. Tá mé ag déanamh staidéar. Tá mé ag déanamh cáca. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11596 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, July 05, 2011 - 06:56 pm: | |
Táim ag déanamh nach raibh ach leath an chirt ag rud ar bith! Sé atá á dhéanamh anois agam ná iarracht tuirse a chuir orm féin chun go rachaidh mé a luí. Táim ag déanamh go bhfuil ag éirí liom! |
|
Rud_ar_bith
Member Username: Rud_ar_bith
Post Number: 31 Registered: 10-2006
| Posted on Sunday, July 10, 2011 - 02:51 pm: | |
Tá mé ag déanamh anois é - I'm doing it now muna bhfuil sé cloiste agaibh, seans gur rud a tháinig amach as an ghaelscolaíocht - ach tá mé cinnte go mbíonn sé in úsáid fiú muna bhfuil sé ceart ó thaobh gramadach de ( seans mhaith nach bhfuil) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11601 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, July 10, 2011 - 03:43 pm: | |
Níl sé ceart ó thaobh gramadaí de. "Tá sé á dhéanamh anois agam" nó leagan mar é a bheadh ceart. http://www.potafocal.com/Metasearch.aspx?Text=%C3%A1&GotoID=focloirbeag ag + ainm bhriathair + é/í -> á + ainm bhriathair |
|