Iolann_fionn
Member Username: Iolann_fionn
Post Number: 33 Registered: 10-2010
| Posted on Friday, March 18, 2011 - 06:53 am: | |
Cén chiall atá leis an nath seo: An té atá á dhó b'fhearr leis a bheith á bhá an cosúil é le rogha an dá dhíogha? Rud beag eile de, tá nath ar bharr mo theanga agam ach chuaigh díom go dtí seo an leagan cruinn a fháil 'ní bháitear fear an chrochta'? what's for you won't pass you by nó a mhacasamhail an nath Béarla. |
Jeaicín
Member Username: Jeaicín
Post Number: 64 Registered: 01-2011
| Posted on Friday, March 18, 2011 - 12:24 pm: | |
Rogha an dá dhíogha cinnte ach bheadh baint aige leis na seanfhocail eile seo: Bíonn adharca fada ar na buaibh (na ba) thar lear. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn. [Agus an freagra: ach ní bhíonn siad féarmhar.] An duine atá i gcruachás b'fhearr leis rud ar bith seachas an cás ina bhfuil sé. |