Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 834 Registered: 10-2010
| Posted on Friday, January 28, 2011 - 03:55 am: | |
A collection of 50 of Aesop's fables translated by PUL arrived in the post today: Aesop a Tháinig go hÉirinn. They are very accessible: Aesop a tháinig go hÉirinn Gréagach dob ea Aesop. Rugadh é tímpall sé chéad bliain roimh Chríost. Daor dob ea é. Do mhair sé le línn Sólóin, an t-ollamh dlí ba mhó dá raibh ar Ghréagaibh. D’ínseadh sé na Fabhail mar sholaoidí, chun cómhairle a leasa ’ thabhairt do ríthibh agus do chómhachtaibh na haimsire sin. Táid na Fabhail chéanna dá n-ínsint ó shin anuas anso i nGaelainn bhreá bhlasta bhínn. 1. An frog agus an mada rua. Tháinig frog mór buí-bhreac aníos as an loch agus do shuigh sé ar an bport agus chuir sé frógra amach, dhá rá gurbh árdliag é agus go raibh leigheas gach galair aige. Thánadar na hainmhithe go léir fé dhéin an leighis. Bhí an mada rua ann. D’fhéach sé ar an bhfrog. Nuair ’ chonaic sé an t-ainmhí beag suarach do chuir sé dranngháire as. “Airiú greadadh chút!” ar seisean, “má tá an t-eólas úd go léir agat fé mar ’ fhógrais dúinn, nách mór an iúnadh ná himreann tú beagán de ar do chorpáinín féin. Níl éinne anso inniu is mí-chúmtha ná thu. Agus cheapfá a chur ’na luí orainn go bhfuilir ábalta ar ár ngearánta go léir do leigheas. Thit tonóisc beag amach domhsa agus baineadh an t-earball díom. Cheapas, nuair ’ airíos an fhógairt seo uaitse, go mb’fhéidir go gcurfá earball in’ inead orm. Ní fheicim, ámh, go bhfuil earball ort féin. Preit! a dhuine, cá bhfios dod leithéidse cad a bhaineann le hearball!” Agus thug sé a chúl air go mí-chéadtach agus d’imigh sé. Do lean an chuid eile é agus iad go bréan díobh féin. An Múineadh An té ná féadann a ghnó féin do dhéanamh is deocair a rá go bhféadfaidh sé gnó an fhir thall do dhéanamh, “Do ghnó féin dein, a dhuine, Ná bac mo ghnó, ná mise.” |
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 835 Registered: 10-2010
| Posted on Friday, January 28, 2011 - 04:45 am: | |
Níl, ach tá an leabhar chómh beag san, b'fhéidir go scrío'fainnse amach é i ndiaidh ar ndiaidh... |