Author |
Message |
Corkirish
Member Username: Corkirish
Post Number: 678 Registered: 10-2010
| Posted on Wednesday, January 12, 2011 - 07:00 pm: | |
Tá slaghdán eile tagaithe orm - níl a fhios agam cad 'na thaobh, mar is go hannamh a fhanaim amuigh sa tsráid ó tá an aimsir uafásach ann - agus mar sin mothaim go han-olc inniubh! |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 1039 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, January 12, 2011 - 07:51 pm: | |
An dtaistealaís ar an dtraein nó ar an mbus ar aon chor? Tá slaghdán a' meacht, sa timpeall, fé láthair, deirtear. Cara liomsa, dob éigean do an leabaidh a thabhairt air féin. Go dtaga feabhas ort féin ach nár thaga an slaghdán san ort féin in ao' ghaobhar domsa ach go háirithin! |
|
Brídmhór
Member Username: Brídmhór
Post Number: 118 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, January 12, 2011 - 08:10 pm: | |
Bhí an flú orm féin an tseachtain seo caite. Tá mé 'ceapadh gur bhfuair mé é ag sochráide m'uncail. Tá sé mo chliabhrach fós. :( Tá sé deacair codladh nuair atá duine ag casacht an t-am ar fad. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 1041 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, January 12, 2011 - 08:30 pm: | |
An bhfuairis fliuchán ag an sochraid, a Bhríd? |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1137 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, January 12, 2011 - 08:41 pm: | |
Tá brón orm faoi bhás d'uncail, a Bhríd. An raibh aois mhór aige? |
|
Brídmhór
Member Username: Brídmhór
Post Number: 119 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, January 13, 2011 - 12:31 am: | |
"An bhfuairis fliuchán ag an sochraid, a Bhríd?" - Lá deas a bhí ann, ach go raibh sé fuar. Ach tá's 'ad bíonn go leor daoine ag croitheadh láimh leat ag sochráide. Ní oibrigh an buidéailín sanitiser a bhí 'am. Agus ní bhfuair mé snáthaid an tséasúr seo ach an n-oiread (mór an dí-céille abhí orm ansin). Go raibh maith 'ad a Thaidhgín. Bhí sé 81 bliain d'aois. Ní raibh sé go maith le fada. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 11179 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 13, 2011 - 03:48 am: | |
Biseach luath oraibh ar fad! Agus leaba i measc na naoimh ag t'uncail. |
|
Brídmhór
Member Username: Brídmhór
Post Number: 120 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, January 13, 2011 - 12:12 pm: | |
Go raibh míle maith 'ad a Aonghuis. |
|