Another fork:
Dúirt an Seanadóir Harris:
quote:Tá an-jab déanta ag an Seanadóir Ó Murchú agus ag daoine eile i gComhaltas Ceoltóirí Éireann ó thaobh ceol de.
Dúirt Ailín:
quote:2) equating the Irish language with jigs and reels p*sses me off no end. There is no equivalence.
Sílim go bhfuil an deire mícheart den maide pioctha ag Ailín anseo. Sílim go raibh Harris ag moladh an saghas cur chuige atá ag CCÉ i leith múineadh an cheoil a chuir i bhfeidhm ar múineadh na Gaeilge.
Tá cosúlachtaí ann: nuair a bunaíodh na Píobairí Uilleann & CCÉ bhí an ceol traidisiúnta beagnach imithe. Gné den gcultúr a bhí caite i dtraipisí. Ó shin i léith, tá neart tagtha ann: agus is tríd eagraíocht pobal lonnaithe, le craobhacha agus ranganna chuile áit, agus le lár eagraíocht a bhfuil ócáidí agus cartlainne agus rl a baineadh sin amach.
Tá cuid den saothar sin i leith na Gaeilge á dhéanamh ag an gConradh. Ach níl dabht ach go bhfeadfaí bheith níos éifeachtaí ach córas timireachta a athbhunú, ag tabhairt fostaíocht do cainteoirí maithe Gaeltachta chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a mhúineadh; agus sin a nascadh le craobhacha ar fud na tíre. Mar a bhí ar bun ag an gConradh ag tús a staire - sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht.