Go raibh maith agat. Taithníonn sé go mór liom gur chuir tú spéis san ábhar sin. Is maith liom an peictiúr as Condae an Chláir (is cosúil go bhfuil do nasc briste, seo é
an ceann maith). Tháinig mé féin ar an
scéilín seo a luanns fear, arb as an mBoireann é, a bhíonns fós ag déanamh climíní agus dhá dtabhairt isteach i dtír gan bhád innill ná curach. Feictear ar an bpeictiúr seo agatsa go bhfuil an fear úd ag stiúradh an chlimín leis an bpól fada ar nós gondola. Tá mé cinnte dearfa anois gur croisín a thugtar ar an bpól seo.
Ar dtús bhí sé ag cinnteadh orm a shamhlú cén chaoi a d'úsáidtí an croisín, mar deir mo leabhar gur 'sháidís an climín leis an gcoisín agus fear istigh air, go dtugadh sé i dtír é'. Cheap mé gur chuirtí an croisín thríd an gclimín agus ansin bhítí dhá stiúradh sa gcaoi aisteach sin. Tuigim anois céard tá i gceist le 'sáigh' insa gcomhthéacs sin, brúitear an croisín in aghaidh an ghrinnill agus is é chuireanns an climín ar aghaidh.
Bhí mé a cheapadh freisin gurbh fhéidir go bhfaca duine de na daoine is sine ar an mbord plé seo climín dhá stiúradh sa gcaoi seo. Tá súil agam go gcloisfidh muid scéilín acu am eicínt, má tá ceann acu.
Guibhim Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise dhaoibh go léir, Всех с наступающим Новым Годом!