quote:Ceist agam ar na saineolaithe: An dtig an "-de" sin a chrúthú le haidiacht ar bith (go teoirici úil)?
N'fheadar. Is dócha gur i dtaobh le haidiachtaí áirithe a bheadh an úsáid sin. dóichíde, fearrde, móide, lúide, miste na leaganacha is minicí sa ghnáthchaint agus chloisfeá "Ní troimide an ceann an chiall" mar sheanará. Ní deir na Bráithre Críostaí (13.67) ná Ó Sé (327) gur féidir é a dh'úsáid lés gach aon aidiacht.