|
|
|
Author |
Message |
vabahing (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, November 25, 2010 - 05:19 pm: | |
Tá gá orm Gaeilge agus Béarla na hÉireann a chur ar an amhrán 'We are the Champions' le Queen le haghaidh agallamh raidió maidin amárach. Tá fhios nach bhfuil am go leor ann, ach ní bhíodh an t-eolas agam riomh cúpla uaire ó shin. Bhfuil sibhse in ann cabhrú a thabhairt liom? Voilà an méid a dheineas. Gaeilge Ghnóthaigh meas mé aríst is aríst Bhíos ar a’ bpláta beag Ach ní dhearna mé aon choir ‘S drochbhotúin Rinne mé mo chion fir Caitheadh istigh m’aghaidh Roinnt mhaith gainimh Ach táim fós beo beathaíoch ‘S muide na curaidh, a chairde Agus beidh muid ag troid go dtí an deireadh ‘S muide na curaidh ‘S muide na curaidh ‘S muide na curaidh Gan spás do lúdramánaí Mar is muide curaidh an domhain Chlaon mé mo cheann Tá’n cúirtín a’ glaoch Fuair mé clú agus cáil agus chuile rud bainte leo Gura maith ‘gaibh go léir Níor slí éasca a bhíodh i gceist nó turas mara Is dúshlán liom riomh an gcine daonna go léir Ní i gceist agam teipeadh Béarla na hÉireann I paid me dues ‘gain n’ again I done my time But done no crime N’ bad mistakes I gone made a few I had me share o’ sand fecked in me face Bu’ I’ve pulled through We are the champions, lads N’ we’ll be fightin’ till the end We are the champions We are the champions No room for ludars Cause we are the champions o’ the world I took me bows N' the curtain calls Youis brou’ me fame n’fortune n’ all that goes with i’ Tanks a bunch ya Bu’ its been no bed o’ roses No pleasure cruise I consider i’ a challenge before the whole human race N’ I aint gonna lose |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1023 Registered: 07-2006
| Posted on Friday, November 26, 2010 - 11:29 am: | |
Seo m'iarrachtsa: Cibé cion a rinneas dhíolas as I mo chime bocht gan cháim. Na botúin úd a rinneas? Admhaím iad go hiomlán. Ach an tarcaisne a caitheadh liom is mo shúile goirt le péin d'fhulaingíos ach thángas slán. Sinne na gaiscígh a sheasfaidh go buan. Sinne na gaiscígh Sinne na gaiscígh Níl áit againn do liúdair Os sinne gaiscígh an domhain. An moladh mór a fuaireas, an clú agus an dea-cháil, Is libhse a ghabhaim buíochas as an aoibhneas a chur ar fáil. Feicim féin nach éasca Ní ribín réidh atá romham Tá dúshlán mór le sárú a'm i láthair an domhain mhóir. Ach is liomsa an bua. Liomsa an bua! |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 1024 Registered: 07-2006
| Posted on Friday, November 26, 2010 - 12:39 pm: | |
Ahem ... Cibé cion a rinneas dhíolas as go minic i mo chime bocht gan cháim ... |
|
|
|