mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2010 (November-December) » Archive through November 29, 2010 » Umhlaíocht aigne « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Corkirish
Member
Username: Corkirish

Post Number: 124
Registered: 10-2010
Posted on Monday, November 22, 2010 - 03:36 am:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

Chapter 2 of Aithris ar Chríost, PUL's translation of imitatio christi, modernised by yours truly:

1. Is é nádúr an duine dúil a bheith aige in eolas; ach cad é an tairbhe eolas gan eagla Dé? An duine bocht tuatha a dheineann réir Dé, is fearr go mór atá an scéal aige ná ag ollamh an uabhair a thugann faillí ann féin agus é ag faire ar ghluaiseacht na spéartha. An té a chuireann aithne cheart air féin, tuigeann sé a shuaraí féin, agus ní chuireann moladh ó dhaoine aon áthas air. Dá mbeadh eolas agam ar a bhfuil de nithibh sa domhan agus gan mé a bheith ar staid na ngrást, cad é an tairbhe a dhéanfadh sé dhom i láthair Dé, a thabharfaidh breith orm de réir mo ghníomhartha?

2. Cuir uait an dúil mhór san in eolas. Tá mórán fill agus mórán dul amú aigne sa dúil sin. Is maith le lucht eolais go mbeifí ag féachaint suas chúchu agus ag moladh a n-eagna. Tá mórán rudaí ná deineann eolas orthu aon tairbhe don anam. Agus tá an duine sin go mór gan chiall a thugann aire d’aon nithibh eile ach dos na nithibh a dheineann tairbhe anama dhó. Ní thugann mórán focal sásamh méinne; ach cuireann beatha mhaith suaimhneas ar an aigne; agus tugann an coinsias glan muinín mhór do dhuine as Dia.

3. Dá mhéid é t’eolas agus dá fheabhas, is ea is déine an bhreith a tabharfar ort mura mbeidh do bheatha naofa de réir t’eolais. Ná bíodh mór-is-fiú ort, dá bhrí sin, mar gheall ar chéird ná ar ealaín, ach bíodh eagla ort mar gheall ar an eolas atá fálta agat. Má thuigeann tú it aigne go bhfuil a lán nithe ar eolas agat agus go dtuigeann tú iad maith go leor, bíodh a fhios agat, leis, go bhfuil a lán eile nithe agus ná fuil aon eolas agat orthu. Ná bí uaibhreach mar gheall ar t’eolas, ach admhuigh t’aineolas. Cad chuige go gcurfása thú féin roimh éinne, agus go bhfuil mórán daoine níos léannta ná thú agus níos oilte ar an ndlí ná thú? Más maith leat rud éigin tairbheach a dh’fhoghlaim agus a bheith ar eolas agat, ná hiarr go gcurfí aithne ort ná go gcurfí suim ionat.

4. Sid í an fhoghlaim is aoirde agus is tairbhí, fíoraithne ar dhuine féin agus uirísleacht. Eagna mhór agus fíréantacht is ea gan aon mhaíomh a dhéanamh asainn féin, agus meas mór maith a bheith againn ar an bhfear thall i gcónaí. Bíodh go bhfeicfeá peaca ag duine eile á dhéanamh os comhair do shúl, nó coir throm éigin, níor cheart duit a mheas gur fearr tú féin ná é, mar ní fheadraís cad é an fhaid a bheifeá féin ar dhea-staid. Táimíd go léir lag; ach tuigse ná fuil éinne níos laige ná thú féin.

(Message edited by corkirish on November 22, 2010)



©Daltaí na Gaeilge