Author |
Message |
Cionaodh
Member Username: Cionaodh
Post Number: 757 Registered: 05-2005
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 06:01 pm: | |
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 697 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 06:24 pm: | |
An úsáidtear an fáinne fós? An bhfuil sé ró-sheanaimseartha? Ní bheadh an "g" atá luaite nó molta san alt leithleach go leor mar shuaitheantas agus, thairis sin, b'fhéidir go bhfuil stíl faisin ró-leithleach ag gabháil leis. D'oirfeadh dearadh bunaithe ar "G" sa chló gaelach a bheadh inúsáidte go huilíoch. Ach cé a thabharfadh cead do dhuine é a úsáid? Nár chóir é a bheith eisiach do chainteoirí na teanga? (Message edited by ormondo on November 06, 2010) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 871 Registered: 07-2009
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 06:39 pm: | |
Is fearr liom ábhair cosúil leis an cheann ar shíomh Aonghuis -- rudaí a thig de chultúr na ndaoine cheana féin. Tarraingíonn siad iúl duine. A mash-up [feidhmchlár cumaisc?]. Ach aontaím gur cheart G nó Gaeilge (leagan ar bith) a bheith ann. (Message edited by seánw on November 06, 2010) I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Cionaodh
Member Username: Cionaodh
Post Number: 758 Registered: 05-2005
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 07:08 pm: | |
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 995 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 07:35 pm: | |
B'fhearr liomsa an Fáinne Óir. Suaitheantas stairiúil. Nach mbíodh sé de fhreagracht ar bhallchumann éigin de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge an Fáinne a fhógairt agus a scaipeadh? Céard a tharla? Níor chualathas smid astu le fiche bliain. Meastú faoin deontas? |
|
Cionaodh
Member Username: Cionaodh
Post Number: 759 Registered: 05-2005
| Posted on Saturday, November 06, 2010 - 07:45 pm: | |
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10617 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, November 07, 2010 - 08:06 am: | |
Ní fheileann an fáinne do dhaoine nach gcaitheann casóg! Sin, sílim an deacracht is mó le suaitheantas ar bith - conas iad a chaitheamh. |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 872 Registered: 07-2009
| Posted on Sunday, November 07, 2010 - 08:46 am: | |
Níl a fhios agam cé acu atá Frodo sásta leis sin. Tá an fáinne ró-neamhshuaithinseach domh. Ní shílim gur cheart nach bhfuil ach siombail amháin againn. Díreach tarraingígí iúl na ndaoiní. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 531 Registered: 04-2009
| Posted on Sunday, November 07, 2010 - 11:43 am: | |
An G - I'm the only Gael in the village!!! |
|
Seamás91
Member Username: Seamás91
Post Number: 301 Registered: 10-2009
| Posted on Sunday, November 07, 2010 - 03:25 pm: | |
An advert on RTE 0R TG4 should be produced to announce whatever decision comes out as a result of this discussion on the Fainne or the 'G'. 'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 996 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, November 07, 2010 - 07:04 pm: | |
I dtíorthha thar lear -- Stáit Aontaithe Mheiriceá, creidim -- baintear brí difriúil as an bhfáinne -- brí a bhaineann le geanmnaíocht. Níl a fhios agam an fíor sin. Is mór an t-ionadh nach dtairgítear t-léinte le manaí i nGaeilge orthu -- agus ní "póg mo th..." nó "ólaim leann Mhic Aonghusa" atá i gceist agam. Níl iontu san ach amaidí. D'fhéadfaí nathanna níos bródúla agus níos ciallmhaire a chur ar fhis. Níl a fhios agam an bhfeilfeadh "Is minic a bhris béal duine a shrón" nó "Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas" t-léine? Cad faoi "Is iad euro na n-óinseach a chuireas bróga ar chlann an phíobaire"? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10618 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 08, 2010 - 04:01 am: | |
|
|
Asarlaí
Member Username: Asarlaí
Post Number: 290 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, November 08, 2010 - 08:23 am: | |
An t-aon fadhb atá agam leis an 'G' ná go gcuireann sé an siombail G á úsáid ag na máisiún i gcuimhne dom, G/ Gnosis. Measaim gur chóir siombail na trí caisirníní atá baint le Brú na Boinne a chur san áireamh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10620 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 08, 2010 - 08:35 am: | |
Tá sin in úsáid forleathan cheana ag dreamanna eile. http://en.wikipedia.org/wiki/Triskelion |
|
Asarlaí
Member Username: Asarlaí
Post Number: 291 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, November 08, 2010 - 09:22 am: | |
Tá a fhios agam, ghoid siad uainn é dar liom, sa chaoi chéanna a goideadh an chros Cheilteach ag an KKK. Brú na Boinne ó wikipedia - "The site predates the Egyptian pyramids and was built with sophistication and a knowledge of science and astronomy, which is most evident in the passage grave of Newgrange." Féach anseo http://www.knowth.com/bru-na-boinne.htm |
|