Author |
Message |
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 882 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 11:52 am: | |
Tá duine m'aitheantais ag iarraidh aistriúchán den abairt "It gets better". Sin é mana The Trevor Project, tionscnamh chun féinmharú a chosc i measc aosa óga. An cuma mhaith ar "Rachaidh sé i bhfeabhas" nó an gá a bheith níos follasaí? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10499 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 20, 2010 - 11:56 am: | |
Sin nó Tiocfaidh feabhas air Ní ritheann aon leagan ar leith liom a bheadh níos dúchasaí |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10504 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 04:20 am: | |
An rud is doiléire ná cén "it" a bhfuil feabhas le teacht air. B'fhéidir go mbeadh Tiocfaidh feabhas ar chúrsaí níos fearr |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 533 Registered: 06-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 08:56 am: | |
Is maith liom 'Casfaidh/tiontóidh an roth thart arís'. Chonaic mé sin in áit eicínt eile le deireannas. B'fhéidir go mbeadh sé roinnt deacair le tiscint ach ní dóigh liom é. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10505 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 09:01 am: | |
Ceann cosúil leis: Níl is uasal is íseal ach thuas seal is thíos seal. Ach ní dóigh liom go bhfeileann ceachtar: casann an roth síos arís in ndiaidh dó dul suas. Táthar áfach ag cuir in iúl d'ógánaigh a bhraitheann mí shocair agus éadóchasach - go dtí an pointe go bhfuil siad chun lámh a chuir ina mbás féin - go bhfuil dóchas ann. Seo ceann deas a d'aimsigh Google Dóchas lia gach anró |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 427 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 09:17 am: | |
quote:An rud is doiléire ná cén "it" a bhfuil feabhas le teacht air. it = your problems, your life, your difficulties, your situation Déarfainnse go mb'fhearr "Tiocfaidh feabhas ar do chás/scéal" ná "Tiocfaidh feabhas air". Nó rud éintig eile dona shaghas so a leanas: "Dá olcas a dhála, níl éinne againn ó fhóirithint" nó "Níl tú ó fhóirithint". quote:Is maith liom 'Casfaidh/tiontóidh an roth thart arís'. Casfaidh an roth ach cá bhfios nach chuin oilcis don nduine a raghaidh sé! Roth na cinniúna atáthars a rá agus ní gá gur chun a leasa don nduine a thiontóidh sé. quote:Dóchas lia gach anró Rud eile ar fad is ea é sin, a Aonghuis. Nó sin an dealramh athá air pé scéal é. Lia = dochtúir leighis. Bíonn an lia ag tnúth leis gach aon anró chuin go ngnóthóidh sé cúpla pingin do féin as! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10506 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 09:26 am: | |
quote:Bíonn an lia ag tnúth leis gach aon anró chuin go ngnóthóidh sé cúpla pingin do féin as! Bíonn. Ach tá leigheas sa dóchas. Ní fheileann sé don gcás seo - táthar ag iarraidh dóchas a spreagadh san té a bhfuil sé in easnamh air. Is maith liom "Níl tú ó fhóirithint" Seachas gurbh ó lasmuigh a thiocfaidh an fóirithint sin. quote:Déarfainnse go mb'fhearr "Tiocfaidh feabhas ar do chás/scéal" ná "Tiocfaidh feabhas air". Aontaím leat. |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 534 Registered: 06-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 09:26 am: | |
Yep the purpose is to give hope to someone contemplating suicide and the line is targeted at them so given that and given they are already feeling as low as possible, then the meaning of tiontóidh an roth thart arís actually can't mean it gets worse but that your luck will turn for the good agus cuirfidh chun bóthar do leasa thú. Any more suggestions? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 428 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 09:44 am: | |
quote:the meaning of tiontóidh an roth thart arís actually can't mean it gets worse Er, yes it can! See "d'iompaigh an roth air: luck turned against him" in Ó Dónaill. quote:Ach tá leigheas sa dóchas. Ní fheileann sé don gcás seo - táthar ag iarraidh dóchas a spreagadh san té a bhfuil sé in easnamh air. I gcead duit, ach ní dóigh liom gurb é is brí do "Dóchas lia gach anró". "Lia dóchas gach anró" - sin scéal eile ar fad. quote:Seachas gurbh ó lasmuigh a thiocfaidh an fóirithint sin. ???? Recte: an fhóirithint |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 535 Registered: 06-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 09:55 am: | |
EH!!! The wheel has already turned the way of bad luck if you are contemplating suicide. So when it turns again it's for the better. As in- It gets better. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10507 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 10:08 am: | |
quote:I gcead duit, ach ní dóigh liom gurb é is brí do "Dóchas lia gach anró". "Lia dóchas gach anró" - sin scéal eile ar fad. I gcead duitse, is é sin an chiall a bhaintear as i gcoitinne. Tá gramadach dá gcuid féin ag seanfhocail! Anró dóchas gach lia. ach (is é an) Dóchas lia gach anró Is leor nod don óltach! When a wheel starts to turn, there is no knowing how many revolutions there will be. D'fhaide an snáth 'sé dán na h-argóinte teacht.... |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 536 Registered: 06-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 10:11 am: | |
This is more direct. 'Ní bheidh sé chomh deacair seo i gcónaí' |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 431 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 10:26 am: | |
quote:EH!!! The wheel has already turned the way of bad luck if you are contemplating suicide. So when it turns again it's for the better. With respect, you are applying your own subjective interpretation to the Irish expression. As Dineen points out the wheel can move both ways deiseal, the right way or tuathal, the wrong way. quote:I gcead duitse, is é sin an chiall a bhaintear as i gcoitinne. Tuigim. Is fíor dhuit. quote:Ní bheidh sé chomh deacair seo i gcónaí N'fheadar an ndéarfadh aon chainteoir dúchais Gaeltachta "sé" i gcás dona leithéid gan é a cháiliú ar chuma éintig. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 432 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 10:33 am: | |
Dóchas lia gach anró Cítear dhomsa go bhféadfaí dhá bhrí éagsúla a bhaint as an abairt seo: Dóchas = lia gach anró Dóchas lia = gach anró. Ach géillim d'Aonghus gurb é an chéad cheann atáthars a rá. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10508 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 10:41 am: | |
D'fhéadfaí, cinnte. Ach sílim go bhfuil sé níos coitianta in abairt mar é an "is é" a bheith intuigthe ag an tús seachas i láir báire. |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 537 Registered: 06-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 10:43 am: | |
Well substitute the sé with rudaí/an saol/cúrsaí etc. etc. At any rate neither of us are native speakers and can say if a native speaker would say sé here. I believe that some just might though! Hence why I wrote it in in the first place. And No, it's not a subjective interpretation. Why must everything be taken on so hotly? |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 433 Registered: 04-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 11:02 am: | |
quote:Why must everything be taken on so hotly? Sorry, who's taking everything "hotly" here? You seem to be the only one doing so here. I stand by what I said before that you are reading too much into the expression. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10510 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 11:06 am: | |
Ní ionann díograis agus teasaíocht, a Shinéad. Is mian linn a ceart a thabhairt don Ghaeilge, sin uile. Níl sé cuí nathanna seanchaite teanga eile a bhrú siar uirthi. Tá saibhreas iontach sna choincheapa "tuathal" agus "deiseal" a bhaineann le casadh. Is mó casadh eile a bhéas san scéal seo, gan amhras. |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 538 Registered: 06-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 11:42 am: | |
Ah I was just having the craic Carmanach, you're easy to rise. Thanks to you both for sharing your thoughts anyway, must look up tuathal and deiseal later on. |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 815 Registered: 07-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 02:18 pm: | |
Is fearr liomsa Tiocfaidh biseach air nó Tiocfaidh feabhas air. Tá sé simplí, cosúil leis an ceann bunaidh. quote:With respect, you are applying your own subjective interpretation to the Irish expression. As Dineen points out the wheel can move both ways deiseal, the right way or tuathal, the wrong way. Hey, the wheel of life. You can born as a gnat, or as a god. I think the wheel in practically every culture represents change in a positive or negative way, often in an unpredictable way, not improvement. I read it as saying, we're not sure if this is going to work out. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10517 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 03:29 pm: | |
Tá sé simplí, cinnte. Ach tá sé níos doiléire sa Ghaeilge cad dó a thagraíonn "air" ná sa Bhéarla. |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 817 Registered: 07-2009
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 03:39 pm: | |
Is dócha. Léim Tiocfaidh biseach ar do shaol. (Message edited by seánw on October 21, 2010) I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10518 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 03:42 pm: | |
D'fhéadfá "Tá feabhas saoil i ndán duit" a rá. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 979 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, October 21, 2010 - 10:59 pm: | |
Chuala mé an nath seo: An rud ba mheasa leat ar domhan ní fheadairís ná gurb é lár do leasa é .i. an rud (cáineadh / cor sa saol / caillteanas ) a mheasann tú a bheith uafásach agus do-sháraithe do-fhulaingthe tharlódh gurb é tús ré nua i do shaol é. Cá bhfios duit. Fágfaidh tú tréimhse amháin i do dhiaidh go deo agus osclóidh saol nua aoibhinn romhat, saol nárbh eol duit a bheith i ndán duit. Tabhair seans do do chairde is do ghaolta a ngean ort a léiriú sula gcuireann tú píonós gránna orthu gan chúis trí lámh a chur i do bhás féin. [What you think worst may turn out to be best.] |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10519 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 22, 2010 - 03:52 am: | |
Ana dheas, agus fírinne ann, ach níl sé ró-oiriúnach mar shluaghairm! |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 440 Registered: 04-2009
| Posted on Friday, October 22, 2010 - 05:12 am: | |
Tiocfaidh feabhas ar do chás |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10521 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 22, 2010 - 05:13 am: | |
Sin é! Sin ceann ana oiriúnach. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 689 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, October 22, 2010 - 06:38 am: | |
Dá fhad oíche, tagann lá. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10522 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 22, 2010 - 06:49 am: | |
Bhuel, fearacht an rotha, leanann oíche lá, agus lá oíche.... |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 690 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, October 22, 2010 - 07:02 am: | |
Ach tagann an lá i ndiaidh na hoíche (de ghnáth)... sin margadh an tsaoil, agus níl margadh níos fearr ar fáil. (Message edited by ormondo on October 22, 2010) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 821 Registered: 07-2009
| Posted on Friday, October 22, 2010 - 10:09 am: | |
The sun will come out tomorrow ... atá i gceist leat, sílim. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10523 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 22, 2010 - 10:13 am: | |
In Éirinn? Ní fheiceann muid an ghrian ó cheann ceann na bliana de bharr na clabhtaí! Nach bhfuil na dea-leabhair léite agat? |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 822 Registered: 07-2009
| Posted on Friday, October 22, 2010 - 10:15 am: | |
I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 823 Registered: 07-2009
| Posted on Friday, October 22, 2010 - 10:20 am: | |
Agus páipéar balla deas. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
|