Author |
Message |
Na_comharsa
Member Username: Na_comharsa
Post Number: 8 Registered: 09-2009
| Posted on Monday, October 11, 2010 - 10:19 pm: | |
Hi all, Could someone please translate this old saying for me. "may the road rise to meet you and the wind be always on your back |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10452 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 03:52 am: | |
It is not an old saying; it is a bad, clichéd translation of one. The Irish for "to succeed" uses the same verb as to "to rise" Go n-éirí an bóthar leat - may you have a successful road i.e. journey Go raibh an ghaoth riamh ag do chúl - may the wind be always at your back |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10454 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 04:24 am: | |
A nicer phrase for the second: Go raibh cóir na gaoithe i gcónaí leat http://www.potafocal.com/Search.aspx?Text=c%C3%B3ir |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 960 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 12:25 pm: | |
I was at an "Irish" wedding in England recently and that "Irish Blessing" was recited. Surprisingly I found it less embarassing than I imagined. I found myself thinking of the children of Irish emigrants trying to maintain their sense of being Irish. Why should I decry their attempts. Everyone applauded. Who wrote it? Why not translate it? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10461 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 12:31 pm: | |
Ní éireodh leat, le cúnamh Dé, racht eile a spreagadh uaim, cé go mbraithim mo chol le mí-úsáid éirí ag éirí ionam.... |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 961 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, October 12, 2010 - 04:57 pm: | |
??? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10462 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 03:54 am: | |
Is fuath liom an nath úd "May the road rise with you": tugann sé le fios gur dream aisteach iad na Gaeil; braithim gur Éireannachas stáitse amach is amach atá taobh thiar de. Cén buntáiste atá i mbóthar ag éirí suas san spéir? Nó a bheith ag siúl in aghaidh an fhána? Ach is guí stuama ciallmhar "Go n-éirí an bóthar leat" |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 343 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 05:18 am: | |
Mmm. N'fheadar an bhfuil an ceart agat, a Aonghuis. Mí-aistriú nó calque ar an nGaelainn seochas "Éireannachas stáitse" is ea "May the road rise with you" nó "May the road rise to meet you", taibhsítear dhomsa ach go háirithin. Ná déarfadh duine "Go n-éirí do thuras sall leat"? Nó "go n-éirí an t-ádh leat"? Déanamh coitianta é sin, "go n-éirí X leat". "Bon voyage" nó "Safe journey" nó "Safe passage to you" ab fhearra mar aistriúchán air. Rud é go mbaintear an iomart úsáide as gan aon amhras ach ní haon damaint sin air. Leagan seoigh a chuala-sa: "Go n-éirí an bóthar is go mbuaile sé sa phus tu!" |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10463 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 05:41 am: | |
Mí-aistriú, cinnte: is an ghné "pictureeskew" den mhí aistriú a dhéanann tinneas dom. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 349 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 07:57 am: | |
Pictureeskew? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10464 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 08:10 am: | |
Picturesque + skewed Samhlaigh bóthar ag éirí suas san aer, nó i'd choinne. Rud nach mbeinn a dréim leis (seachas mé bheith ar na starrtha....) (Message edited by aonghus on October 13, 2010) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 962 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 11:01 am: | |
quote:"Go n-éirí an bóthar is go mbuaile sé sa phus tu!" tú nó thú? Maidir leis an mbainis úd, ní ag magadh faoi chultúr "Éireannach" a sean a bhíodar ach ag iarraidh é a mhóradh, aitheantas a thabhairt dó. Níorbh eol dóibh tada faoin gcultúr Gaelach. Chuaigh siad i gcion orm. Dá gcuirfí an Ghaeilge chun cinn i Sasana, sa Bhreatain Bhig, in Albain, agus ar fud an domhain cá bhfios cén leas a bhainfimis as dár dteanga. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10466 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 11:15 am: | |
Tuigim nach magadh atá i gceist, ach aineolas. Agus rómánsaíocht glas spéaclaíoch uaireanta. Mar sin féin, b'fhearr liom an deis a ghlacadh an ciall atá leis an nath sa Ghaeilge a léiriú. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 682 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 11:24 am: | |
Is iomaí bóthar a d'éirigh leis an meisceoir! Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10468 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 11:31 am: | |
Ach an mó bóthar a d'éirigh leis an meisceoir orthu? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 684 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 11:54 am: | |
Scéal casta é sin, a Aonghus. Má shroicheann an meisceoir an baile, tá éirithe leis ar an mbóthar sin ar aon nós. An réamhchoinníoll is tábhachtaí: gach uair a éiríonn an bóthar, ní mór don meisceoir éirí ina dhiaidh. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 10469 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 12:00 pm: | |
16 Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís; ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt. 17 Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort; nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort, (as leabhar na Seanfhocal) http://www.anbioblanaofa.org/pdf/221Seanf.pdf |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 353 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 12:09 pm: | |
quote:tú nó thú? "tu" nó "thu" - guta geairid sa dá cheann is coitianta ó dheas más cuspóir san abairt í an fhorainm. "Tú" más ainmní í. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 964 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 12:49 pm: | |
Tuigim. Chualas a leithéid ach níor rith sé liom go dtógfaí ceann de sa scríobh. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 358 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 04:46 pm: | |
Ní tógfaí ceann do sa CO ach níl aon cheangal orainn scrí sa CO anso. Ní ag cuir Gaelainne ar Thuarascáil Bhliantúil Chontae Thiobraid Árann Theas 2009 atháimid! ;) |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 686 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 05:18 pm: | |
Cad is CO ann sa chás seo: An Carmanachas Oifigiúil? ;-) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
|
Carmanach
Member Username: Carmanach
Post Number: 360 Registered: 04-2009
| Posted on Wednesday, October 13, 2010 - 05:32 pm: | |
Tánn tú funnaí . . . |
|