Stad siad de bheith ag cur chuid podchraoltaí Rónáin ar líne, is maith ann arís iad.
An féidir seanchláir eile de chuid RnaG a fháil an clár iontach sin 'Leagan Cainte' fágaim a bhíodh ar RnaG tráth? Chuir mé rphost chucu tá cúpla seachtain ó shin ach dheamhan scéal a fuair mé ar ais uathu. Cad é faoi chláir a taifeadadh blianta ó shin nuair a bhíodh seanchaithe srl ag caint agus ag scéalaíocht, an bhfuil teacht orthusan in áit ar bith?
Is iontach nach gcuireann siad ar fáil don mhórphobal iad, amhail thaifid Doegen de chuid RIA (http://dho.ie/doegen/), ach más ag gearradh siar atá siad ar phodchraoltaí caolsheans go ndéanfaidís amhlaidh anois.