mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2010 (September-October) » Archive through October 02, 2010 » Neamhdha « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

David Webb from corkirish.com (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, September 22, 2010 - 01:38 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

A cháirde, ba mhaith liom a dh'fháil amach cad é an fuaimniú a bheadh ar an bhfocal san i nGaelainn Chorcaí, nó i nGaelainn na Mumhan?

Tá an focal san le fáil sna cheithre soisgéalaibh a dh'aistrigh an tAthair Peadair, ach ní raibh an focal san aigesna cainteóirí dúchais go bhfuilim i dteangmháil leó - b'fhéidir toisg é a bheith ina fhocal a húsáidtear ró-annamh. Ach do léigh duine mar /nʹavə/ é - ach ní raibh sé ró-dheimhnitheach mar gheall air.

Féach ar Mhaitiú 6:14: "Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n‑Athair neamhdha dhaoibh‑se bhúr bpeacaí". Is brí le neamhdha ná "heavenly, celestial".

Déir an Duinníneach go bhfuil sé "oft. pron. neámhdha or neá". Sea, is mór an trua é, ná raibh an t-IPA ag an nDuinníneach. Do bheadh /nʹa:/ ar neá, ach is dóchaí gur fhoirm Chonamara é sin. Má's foirm Mhuimhneach é neámhdha, tá guta fada ann, agus d'fhéachas ar fhoclóir an Dónallaigh, agus deir sé gurb ionann neamhdha agus an fhoirm chaighdéanach, neamhaí.

Neamhaí? Féach ar leathanach a 111 the Irish of West Muskerry. Is minic a bhíonn /i:/ ar "dha". Táim ag ceapadh go mb'fhéidir go mbeadh /nʹa:'vi:/ ar neamhdha sa Mhumhain, agus ní bheadh /nʹavə/ air. Cad a cheapann sibh?

Ba mhaith liom níos mó Gaelainne a dh'úsáid, ach níor mhaith liom bheith freagrach ar an iomarca droch-Ghaelainne a chur ar an suíomh so - mar sin, ná bíodh ró-mhoill oraibh ceartúchán a dhéanamh ar mo chuid Gaelainne!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 706
Registered: 01-2006


Posted on Saturday, September 25, 2010 - 08:03 pm:   Small TextLarge TextEdit PostPrint Post

quote:

Do bheadh /nʹa:/ ar neá, ach is dóchaí gur fhoirm Chonamara é sin.



Ní féidir liom mórán cúnta a thabhairt dhuit, faraor, i ngeall ar an bhfoirm chruinn atá ar an bhfocal seo i gcanúint do rogha, ach séard a fuair mé go ndeirtear mar neámhaí i gGaeilge Chonnacht é ach gan an chiall leis atá i gceist insan abairt a thug tú thuas. Deir de Bhaldraithe i bhFoirisiún Focal as Gaillimh ina thaobh gur (i) ciúin, i ngan fhios, formhothaithe; (ii) leamh atá i gceist leis sin. Cuir i gcás, 'Bhfaca tú báisteach ar bith aríomh a hainic chomh neámhaí léi?' deireadh fear. Agus tá an Curnánach ar aon intinn leis: is é an Béarla a thugann sé air, uninterested, listless, spiritless.

Ba cheart dhom a rá freisin go ndeachaigh an chuid is mó do na somplaí as Mionlach, Condae na Gaillimhe, ní baile Chonamara é in aon chor.

Chlis sé orm freagra scioptha a thabhairt ar do theachtaireacht a scríobh tú i Rúisis roimhe sin. Maith thú, tá neart Rúisise agat! Bhí saol crua ann insan am agus is míorúilteach go ndearna tú chomh fada linn agus cuimhní maithe agat air fós!

'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'



©Daltaí na Gaeilge