Couldn't we get some Irish speaking volunteers (a dozen or two dozen at least) to settle on the uninhabited island of Scattery Island? I wouldn't mind settling on the island myself if thats the case. Aon thuairim agaibh?
'mar ná beidh ár leithidí arís ann' -Tomás O'Croitháin (An t-Oiléanach)
Posted on Saturday, September 04, 2010 - 03:30 pm:
B'fhearr liomsa cónaí in aice le hollstór 24/7 in áit éigin a mbeadh leathanbhanda don Idirlíon agus cláracha teilifíse saor in aisce ar fáil. Theastódh scoil agus bealach éasca chuig an chathair uaim chomh maith. Inis Mhac Neasáin ab fhearr dar liomsa nó Reachrainn.
Meastú an gceadófaí ingearán dúinn?
Níor mhiste liom a fhios agam cé eile a bheadh sa ghrúpa chomh maith. Bíonn righneadas agus cantal ag baint le daoine áirithe gan trácht ar iarbhaincéirí a mbeadh fonn orthu post an chisteora a tharraingt chucu féin. Agus ná bíodh aon duine gortaithe faoi sin. Is ag cumadh atáim agus ní ag smaoineamh ar chairde an chláir seo atáim in aon chor.
Dúirt mé roimhe seo gur dóigh liom gur cleas ag muintir Chliara chun teacht ar dheontais na Gaeilge atá sa togra seo. "Níl Gaeilge againn ach beimid sásta í a fhoghlaim má thugtar na deontais dúinn." Beforehand, like!
Ar ndóigh is gearr nach mbeidh deontas ar bith le fáil ag Gaeltacht ná Galltacht i ngeall ar dhrochstaid an gheilleagair.