Seo daoibh téacs leasaithe an fhorógra:
ALFA TEATRO – TORINO
Samhain 9 2007
ÍOMHÁNNA & DÁNTA
GLUISEACHT EALAÍNE – LITRÍOCHTA
AN FORÓGRA
1. Caithfidh an CULTÚR – tríd an bhFILÍOCHT agus an EALAÍN – spiorad na nglúinte atá le teacht a chothú.
2. Eascraíonn as an bhfilíocht agus as ealaín na bhfioracha MALARTÚ CRUTHAITHEACHTA
3. Spreagann gach foirm léiriúcháin foirmeacha eile léiriúcháin: iad a CHOMHTHÁTHÚ an cuspóir atá againne.
4. As comhtháthú na FILÍOCHTA le hEALAÍN NA bhFÍORACHA, agus iad araon á spreagadh, ginfear FOIRM NUA SHAIBHIR CHRÍOCHNAITHE EALAÍNE
5. Fáilteoidh an ghluaiseacht roimh ealaíontóirí agus scríbhneoirí ó limistéir éagsúla agus ar de chúlraí éagsúla cultúir iad
6. Féadann IDIRPHLÉ na n-ealaíontóirí seo na scríbhneoirí seo le chéile feabhas a chur ar an tuiscint agus an meas ar an duine eile
7. Táimid i bhfabhar comhoibriú is féidir a dhéanamh trí na MEÁIN CHUMARSÁIDE THRAIDISIÚNTA nó tríd an IDIRLÍON
8. Tabharfar tús áite de THEICNEOLAÍOCHTAÍ NUA le linn smaointe cruthaitheacha a mhalartú
9. Is mian linn troid i gcoinne na fuarchúise, na leimhe, na neamhfhuaiminte agus tacú leis an ngníomhaíocht, an tsamhlaíocht, an úrnuacht agus an taighde
10. Tá an ghluaiseacht ÍOMHÁNNA & DÁNTA faoi réir chun tuilleadh forbairtí agus nasc a dhéanamh le disciplíní eile agus le foirmeacha eile ealaíne.
Comhaltaí na Cairte:
AERONWY THOMAS, file agus scríbhneoir
GIANPIERO ACTIS, péintéir – SILVANA GATTI, péintéir
SANDRINA PIRAS, file – LIDIA CHIARELLI, comhordaitheoir
Léirmheastóirí Ealaíne: MARY GORGY, Long Island, N.Y.; ENZO PAPA
Grianghrafadóirí: PIETRO CUNAZZA – CESARE DELLAFIORE
Léiritheoirí feidhmiúcháin: LIDIA CHIARELLI – ROSALBA VACIS
Ionadaí i SAM: Adel Gorgy, Long Island, NY
www.salottoletterario.it;
www.artecittaamica.it Ailín