Author |
Message |
Skii30
Member Username: Skii30
Post Number: 193 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 02:49 pm: |
|
Could someone please proof read this passage- Go raibh maith agat! Tá an shuim agam sa Ghaeilge. Is aoibhinn liom an teanga a labhairt agus ag éisteacht leis an teanga. Feicim TG4 agus léinn páipéir nuachta ‘Foinse’ chomh minic agus is féidir. Caithim dhá tréimhse sa Ghaeltacht agus beidh mé ag dul go Chorca Dhuibhe I gceann cúpla seachtain chun cúrsa a dhéanamh. Táim i Ball de Chonradh na Gaeilge. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 832 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 03:34 pm: |
|
Tá an-shuim agam sa Ghaeilge. Is aoibhinn liom an teanga a labhairt. Bím ag éisteacht léi ar Raidió na Gaeltachta. Féachaim ar TG4 agus léim an páipéar nuachta ‘Foinse’ chomh minic agus is féidir. Caithim dhá tréimhse sa Ghaeltacht gach bliain agus beidh mé ag dul go Corca Dhuibhe i gceann cúpla seachtain chun cúrsa a dhéanamh. Táim i mo bhall de Chonradh na Gaeilge. |
|
Skii30
Member Username: Skii30
Post Number: 194 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 03:57 pm: |
|
Go raibh maith agat |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3472 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 04:17 pm: |
|
quote:Tá an-shuim agam sa Ghaeilge. Scríobh "ana-shuim" (Mumha) nó "an-suim" (canúintí eile agus CO) ach go bhfios domh chan féidir "an-shuim" a scríobh. quote:Is aoibhinn liom an teanga a labhairt. Bím ag éisteacht léi ar Raidió na Gaeltachta. cad chuighe nach scríobhann tú "éistim léi" ? quote:Féachaim ar TG4 agus léim an páipéar nuachta ‘Foinse’ chomh minic agus is féidir. Caithim dhá tréimhse sa Ghaeltacht gach bliain agus beidh mé ag dul cad chuighe nach scríobhann tú "rachaidh mé" ? quote:go Corca Dhuibhe go Corca DhuibhNe Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 17 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 04:40 pm: |
|
"éistim léi" - béarlachas Bím ag éisteacht léi ar Raidió na Gaeltachta. - níos mó nádurtha i mo bharúil fein. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 833 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 04:42 pm: |
|
Lughaidh: chan féidir ??? |
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 19 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 04:59 pm: |
|
Cuirtear an - séimhiú ar b,c,f,g,m,p - sílim. Cha dtig?? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3473 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 05:33 pm: |
|
quote:"éistim léi" - béarlachas Bím ag éisteacht léi ar Raidió na Gaeltachta. - níos mó nádurtha i mo bharúil fein. Mo bharúil féin nach gá "bím ag + a.b." a úsáid i gcásannaí mar sin. Chiallóchadh sé "I'm used to being listening to". Éistim le = I'm used to listening to. Tuighe ar Bhéarlachas é? Chan féidir = ní féidir. Cuireann an "an-" sin séimhiú ar chonsan, seachas d, t, s ("dentals rule"). I Mumhain deireann siad "ana-", a chuireas séimhiú ar achan chonsan. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 20 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 06:11 pm: |
|
Bim ag éisteacht - I be listening to??? ?aimsir ghnáthláithreach? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3475 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 07:12 pm: |
|
Gnáthláithreach progressive, maybe "I do be listening to" in Hiberno-English ? Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 21 Registered: 08-2009
| Posted on Sunday, June 06, 2010 - 07:17 pm: |
|
Sin ceart |
|
Seánw
Member Username: Seánw
Post Number: 628 Registered: 07-2009
| Posted on Monday, June 07, 2010 - 10:21 pm: |
|
B’fhéidir, “Is aoibhinn liom an teanga a labhairt agus éisteacht léi.” I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.
|
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 23 Registered: 08-2009
| Posted on Tuesday, June 08, 2010 - 06:55 am: |
|
Is maith liom an ceann seo mar go bhfuil usáid a bhaint as an chopail. Is this right? - I am trying to say -I like this one because it uses the copula. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9974 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 08, 2010 - 08:53 am: |
|
Mionrud: á bhaint (b'fhearr liom "toisc" in áit "mar") |
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 24 Registered: 08-2009
| Posted on Tuesday, June 08, 2010 - 11:13 am: |
|
Tuigim. Go raibh maith agat. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 691 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, June 08, 2010 - 04:10 pm: |
|
quote:Is maith liom an ceann seo mar go bhfuil usáid a bhaint as an chopail. úsáid á baint mar is ainmfhocal baininscneach é úsáid. 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3478 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, June 09, 2010 - 07:12 am: |
|
Nó "mar go mbaintear úsáid as an chopail ann". Tá "mar go" iomlán ceart, is minic a úsáidtear i dTír Chonaill é. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Beanrua
Member Username: Beanrua
Post Number: 25 Registered: 08-2009
| Posted on Thursday, June 10, 2010 - 04:01 am: |
|
"mar go mbaintear úsáid as an chopail ann". I bhfad níos gonta agus gan a nó á - grma |
|