Author |
Message |
Dmd
Member Username: Dmd
Post Number: 81 Registered: 09-2009
| Posted on Saturday, May 15, 2010 - 02:47 pm: |
|
An bhfuil fhios ag éinne atá eolach le cúrsaí an bhádóireacht, an focal coitianta de “clinker-built boat”? Tá ‘bád scairdhéanta’ agam ach tá ‘bád clinse’ chomh maith ag Ó Dónaill. An bhfuil an Ghaeilge ar 'carval-built' ag éinne? DMD |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9895 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 16, 2010 - 11:38 am: |
|
Cnag. Níl aon saineolas agam faoi bháid. Glacaim leis gur fhéach tú ar Focal.ie? Fuair mé caravel air, ach ní carval. |
|
Dmd
Member Username: Dmd
Post Number: 82 Registered: 09-2009
| Posted on Sunday, May 16, 2010 - 01:55 pm: |
|
Maith thú Aonghus, bhí dul amú orm. Is é an focal atá i gceist ná Carvel. Fuair mé ar Focal.ie (1) bád plainc (2) bád sleamhain. N'fheadar an bhfuil na focail sin in úsáid go coiteann, ach ar aon nós tá siad tuairisciúil! DMD |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9898 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 16, 2010 - 02:35 pm: |
|
Bhuel, ní uaimse a gheobhaidh tú eolas faoi sin. Níl scil dá laghad agam i mbádóireacht, i dteanga ar bith! D'fhéach mé sa Bhéal Beo, agus ní fuair mé dada soiléir a fhreagródh do cheist. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 776 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, May 16, 2010 - 02:59 pm: |
|
Is cosúil gurb éard atá sa bhád "clinker-built" ná bád a bhfuil cláracha táirneáilte anuas i bhforluí lasmuigh ar a chéile. Is éard atá sa bhád carvel-built ná bád a bhfuil cláracha buailte ar a chéile gan forluí. Is cosúil = it appears gurb éard (gurb é an rud) cláracha = planks táirneáilte = nailed i bhforluí = overlapping |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9899 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 16, 2010 - 03:23 pm: |
|
Sea, ach cad atá i mbéal bádóirí na Gaeltachta, agus na báid seo ar na bacáin acu? |
|