Author |
Message |
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 393 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, May 01, 2010 - 09:06 pm: |
|
Haigh, a chairde! Chuireadh mé faoi scian ar Déardaoin. Stoitheadh píosa beag craicinn le cnapán nimhneach de mo chaol láimhe clé agus táim ag fanacht leis na torthaí histeolaíochta. Thóg mé an cléithín as an lámh inniu agus baintear na huamanna ar an tseachtain seo chugainn. Agus anois, táim ag dul a chodladh. B) Déanann an próiseas leighis mise i mo tuirse. Tine, siúil liom!
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 743 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, May 02, 2010 - 03:39 am: |
|
A Curiousfinn, a chara, ta súil agam nach droch-scéal a bheidh sna torthaí úd. Go raibh maith agat as an scéal a roinnt linn. Ní haon ionadh go mbeadh tuirse ort agus cóireáil leighis mar sin le fulaingt agat. [Tá an Ghaeilge breá soiléir sa teachtaireacht sin uait. Dá mba mhaith leat bheinn sásta beagán ceartúchán a dhéanamh air ach ó thaobh na cumarsáide de níor ghá.] le dea-mhéin agus ag guí go dtiocfaidh biseach ort go luath. Taidhgín |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 394 Registered: 08-2008
| Posted on Sunday, May 02, 2010 - 05:47 am: |
|
A Thaidhgín, Tá fáilte riamh roimh ceartúchán, go raibh maith agat! Caithfidh mé dul ar aghaidh le hobair inniu ach tá agam le cuidiú leis na spóil scannáin. Níl teilgeoir digiteach i mo dhara lann go fóill agus tá tríocha cileagram meáchain amuigh agus istigh ar gach aon spól. Tine, siúil liom!
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 745 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, May 03, 2010 - 05:57 am: |
|
Tá go maith: Seo roinnt ceartúcháin, a Curiousfinn: [Chuireadh mé] Cuireadh faoi scian mé [ar] Déardaoin. Stoitheadh píosa beag craicinn [le] a raibh cnapán nimhneach air de [mo] chaol mo láimhe clé agus táim ag fanacht leis na torthaí histeolaíochta. [Thóg] Bhain mé an cléithín [as] den lámh inniu agus [baintear] bainfear na huamanna [ar] an tseachtain seo chugainn. Agus anois, táim ag dul a chodladh. B) [Déanann] Cuireann an próiseas leighis [mise i mo] tuirse orm. Cuireadh faoi scian mé Déardaoin. Stoitheadh píosa beag craicinn a raibh cnapán nimhneach air de chaol mo láimhe clé agus táim ag fanacht leis na torthaí histeolaíochta. Bhain mé an cléithín den lámh inniu agus bainfear na huamanna an tseachtain seo chugainn. Agus anois, táim ag dul a chodladh. Cuireann an próiseas leighis tuirse orm. Is féidir glacadh le "Déardaoin" agus "an tseachtain seo chugainn" mar dhobhriathra ama (adverbs of time) agus ní gá réamhfhocal a chur leo. Mar sin "on Thursday" = Déardaoin. |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 395 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, May 04, 2010 - 01:36 am: |
|
GRMA, a Thaidhgín! [baintear] bainfear Aha - Fáistineach ionad láithrigh. Feicim go bhfuil mise togra do Fionnlannachais a scríobh. B) Tá glór sintéiseach ag ár Aimsir Fáistineach, mar "tagtar go X a déanamh", agus tá sí athbhríoch ó am go ham ar an bhforas sin. Úsáidtear an láithreach sa theanga labhartha de ghnáth. (An bhfuil focal níos fearr do "finnicism"?) Cuireadh faoi scian mé CGL - oibiacht chun deireadh an clásail. VSO. Má úsáidim suibiacht le frása briathartha mar "cuir faoi scian"... an gcuirtear suibiacht i ndiaidh an príomhbriathar nó an frása uile? Cneasaíonn an chréach go maith, gan fiabhras nó táil. Tine, siúil liom!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9848 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 04, 2010 - 09:13 am: |
|
Is aonad is ea "Cuireadh faoi scian", mar sin is ina dhiadh a chuirtear an t-ainmní. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 296 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, May 04, 2010 - 10:08 am: |
|
A Aonghus: ní ainmní (subject) atá in "mé" ach cuspóir (object). Cuspóir díreach fiú (direct object). An cheist a bhí ag Curiousfinn, má thuigim i gceart í, ná cad is cóir a dhéanamh má tá ainmní luaite le "cur faoi scian". An freagra ná go gcuirtear an t-ainmní díreach i ndiaidh an bhriathair, mar a dhéantar le gach briathar: Chuir an dochtúir an t-othar faoi scian. Ach ar chúis éigin mothaím gur minice i bhfad a úsáidtear "cur faoi scian" san fhaí chéasta (passive voice) ná san fhaí ghníomhach (active voice). Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9849 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 04, 2010 - 10:13 am: |
|
Aargh. Is fíor dhuit. Táim beagán as alt liom féin inniu. |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 343 Registered: 06-2009
| Posted on Tuesday, May 04, 2010 - 12:31 pm: |
|
Tá súil agam go mbeidh sé creasaithe go luath Curiousfinn. Tug aire duit féin ar chuma ar bith. |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 396 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, May 04, 2010 - 01:52 pm: |
|
Tá an droim mo láimhe beagan nimhneach roimhe an chréach agus idir an ordóg is an chorrmhéar, thóg na néaróga dromchlacha a gcuid damáiste. Ach is féidir liom an caol a achlaigh beagnach mar de ghnáth gan pian. Caithfidh mé cáreiseach a bheith go dtí a baintear na huamanna. Tine, siúil liom!
|
|
An_chilleasrach
Member Username: An_chilleasrach
Post Number: 268 Registered: 01-2009
| Posted on Wednesday, May 05, 2010 - 05:06 am: |
|
Tá súil agam go mbeidh gach rud i gceart go luath. Is laidir an té a bhuaileann amach an ghaeilge ar an méarchláir le lámh amháin cúpla lá i ndiaidh obráide. Ta mo stór focal beagán níos leithne maidir le baill den lámh anois! |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 397 Registered: 08-2008
| Posted on Wednesday, May 05, 2010 - 07:46 am: |
|
A chairde, GRMA as bhur bhfreagraí. Caithfidh mé eitilt anois, ach scríobhfaidh mé níos mó ar ball. (Message edited by curiousfinn on May 05, 2010) Tine, siúil liom!
|
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 398 Registered: 08-2008
| Posted on Wednesday, May 05, 2010 - 10:26 pm: |
|
Scríobh mé: Caithfidh mé eitilt ...a tharraingíonn ceist anuas: An féidir caith san Aimsir Caite (nó eile) a úsáid sa chiall sin? "Chaith mé bruscair a chur amach"? Tine, siúil liom!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9856 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 06, 2010 - 04:45 am: |
|
Níl mé cinnte. Ní úsáideadh mise mar sin é, agus ní cuimhin liom é fheiscint mar sin. Bhainfinn feidhm as caithfidh mé ceart go leor - ach bheadh an chiall "Ba cheart dom" leis seachas "tá iachall orm" (Bhí orm an bruscar a chuir amach a dearfainn). |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 297 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, May 06, 2010 - 09:53 am: |
|
quote:An féidir caith san Aimsir Caite (nó eile) a úsáid sa chiall sin? "Chaith mé bruscair a chur amach"? Ní féidir. An t-aon bhealach ar féidir 'caith' a úsáid sa chiall seo (oibleagáid) ná é a bheith san aimsir fháistineach ('caithfidh', 'caithfear') agus é ag tagairt don am i láthair nó don am ag teacht: 'Caithfidh mé imeacht anois.' 'Caithfidh mé imeacht amárach.' Tá dhá eisceacht ann. Eisceacht #1: má tá 'caith' ar lorg 'má', tá sé le bheith san aimsir láithreach mar a bhíonn gach briathar ar lorg 'má': 'Má chaitheann tú imeacht anois...' 'Má chaitheann tú imeacht amárach...' Eisceacht #2: má tá tú ag tagairt d'oibleagáid a bhíonn ort go rialta (san aimsir ghnáthláithreach), úsáidtear an aimsir (gnáth)láithreach: 'Caithim imeacht ag a ceathair gach lá.' Tá trácht ar na heisceachtaí seo ar leathanach 182 i nGraiméar na mBráithre Críostaí. Agus sin a bhfuil. Más gá duit oibleagáid a chur in iúl in aimsir éigin eile, caithfidh (!) tú leas a bhaint as foclaíocht éigin eile, leithéidí 'bhí orm imeacht' nó 'b'éigean dom imeacht'. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 687 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, May 06, 2010 - 07:47 pm: |
|
Hmm, cheapfainn féin nach bhfuil aon locht ar a leithide de "chaithfeadh sé é a dhéanamh ach ní raibh spás aige air". Ní mé ar sheachain sibh an fhoirm seo ar chúis mhaith eicínt, b'fhéidir? 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 349 Registered: 06-2009
| Posted on Friday, May 07, 2010 - 01:36 pm: |
|
Just came across this: 'Caithfear a dhul go Londain' for 'we'll have to go to Londain' can 'caithfear' be used instead of 'caithfidh muid'? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9864 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 07, 2010 - 02:42 pm: |
|
Seo an saorbhriathar. Sin le rá, ní luaitear cé a chaithfidh dul go Londain. (Agus sórt aisteach mar sin - mura raibh aguisín leis, i. cúis go gcaithfidh dul go Londain). (Message edited by aonghus on May 07, 2010) |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 351 Registered: 06-2009
| Posted on Friday, May 07, 2010 - 02:59 pm: |
|
Luaití cúis áirithe roimhe sin a Aonghuis. An bhfuil ciall leis úsáid 'caithfear' sa gcás siúd mar sin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9865 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 07, 2010 - 03:04 pm: |
|
Ba mhaith liom é fheiscint i gcomhthéacs. An féidir an rud a athscríobh mar Caithfear dul go X ar mhaith le Y? (One must go to X for Y reason) Bheadh ciall leis sin. Seachas sin úsáidtear Caithfear mar dara pearsa uatha, uaireanta. |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 298 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, May 07, 2010 - 03:08 pm: |
|
quote:'Caithfear a dhul go Londain' for 'we'll have to go to Londain' Dar liomsa, an chúis atá le 'caithfear' mar rogha ar 'caithfidh muid' san abairt seo, sin é an chúis chéanna agus a bhíonn leis an saorbhriathar mar rogha ar an bhriathar gníomhach i gcónaí: 'Caithfidh muid dul go Londain' = We will have to go to London 'Caithfear dul go Londain'= It will be necessary to go to London, (Some)one will have to go to London Cuir é sin i gcomparáid le: 'Osclóidh muid an doras' = We will open the door 'Osclófar an doras' = The door will be opened, (Some)one will open the door Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9866 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 07, 2010 - 03:21 pm: |
|
Mar is gnách, tá do léargas níos léire cionn is é bheith níos simplí. Caithfidh mé faobhar a chuir ar m'uirlisí anailíse... |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 399 Registered: 08-2008
| Posted on Monday, May 10, 2010 - 09:28 pm: |
|
Baineadh na huamanna inniu. Bhí na snaidhmeanna páirt-adhlactha (?!) sa craicinn agus shíl beagán fuil amach as na poill, ach tá an chneá leigheasta go maith. Tá tochas inti anois. Tine, siúil liom!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9877 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 11, 2010 - 04:13 am: |
|
Shil beagán fola Níl fhios agam céard ba cheart a rá faoi na snaidhmeanna, ach is corpán a adhlactar! Bhí na snaidhmeanna domhain sa chraiceann, b'fhéidir. Biseach luath ort! |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 400 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, May 11, 2010 - 05:46 am: |
|
domhain sa chraiceann...shil beagán fola GRMA. Trí bhotún agam ann. An bhfuil na focail "down" agus "domhain" (i ngiall sin) gaolmhara ar cheile? Tine, siúil liom!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9878 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 11, 2010 - 06:07 am: |
|
Níl fhios agam. Bheadh ionadh orm. |
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 464 Registered: 11-2005
| Posted on Tuesday, May 11, 2010 - 12:38 pm: |
|
quote:GRMA. Trí bhotún agam ann. An bhfuil na focail "down" agus "domhain" (i ngiall sin) gaolmhara ar cheile? Níl siad, de réir deallraimh, ach tá nasc idir "domhain" agus "deep": http://www.ceantar.org/Dicts/MB2/mb14.html So rud aisteach - tá gaol ag "down" le "dún" na dteangthacha Ceilteacha. (Message edited by James_Murphy on May 11, 2010) Séamus Ó Murċaḋa Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil
|
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 401 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, May 11, 2010 - 03:42 pm: |
|
Hm. Ní hionadh ar bith é go deirtear "I'm just gan doon the road to tak the dog for a walk" i Newcastle. B) Tine, siúil liom!
|
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 404 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, May 22, 2010 - 02:10 pm: |
|
Fuair mé na torthaí inné agus tá faoiseamh orm. Ní raibh ailse orm, ach meall neamhainciseach, dermatofibroma. Tine, siúil liom!
|
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 389 Registered: 06-2009
| Posted on Saturday, May 22, 2010 - 04:15 pm: |
|
Iontach Curiousfinn! Ní raibh mé ag iarraidh an focal úd a lua níos túisce cé gur bhuail an smaoineamh mé caithfidh mé a rá, ach buíochas le Dia nach raibh a leithéid ann :) Tá mé an-sásta duit. |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 405 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, May 22, 2010 - 08:36 pm: |
|
Is féidir go éiríonn dermatofibroma i gcailg fheithidí nó gortú eile a éiríonn athlasta. Cé gur féidir carcanóma bonn-chille i ndermatofibroma a éirigh, is tarlú annamh atá ann. D'éirigh leis an dochtúir an fhíochán mhill a baint go hiomlán. (Message edited by curiousfinn on May 22, 2010) Tine, siúil liom!
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 801 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, May 22, 2010 - 09:00 pm: |
|
Is méanar liom do nuaíocht, a Churiousfinn. Guím biseach agus fad saoil ort feasta. |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 406 Registered: 08-2008
| Posted on Sunday, May 23, 2010 - 03:23 pm: |
|
GRM agaibh as bhur dtacaíocht! ...sna torthaí úd... ...an focal úd a lua... Chuardaigh mé do chiall an focal "úd" agus fuair mé cúpla torthaí, ach níl mé cinnte cad a bhfuil a chiall leis na focail anseo. Tine, siúil liom!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 9928 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 23, 2010 - 03:46 pm: |
|
Úsáidtear "úd" go minic san áit a mbeadh "that/those" sa Bhéarla. sna torthaí úd | in those results | an focal úd a lua | to mention that word |
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 802 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, May 23, 2010 - 07:56 pm: |
|
Is éard is brí le "úd" ná "that / those already referred to" |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 407 Registered: 08-2008
| Posted on Monday, May 24, 2010 - 08:32 am: |
|
GRMA. Tá mo "chófra focal" níos leithne anois. Tine, siúil liom!
|
|